Comhpháirtíocht Gnó

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le comhpháirtíocht gnógnó atá eagraithe ar shlí go mbíonn beirt chomhúinéirí nó níos mó i mbun gnólachta.[1]

Freagracht chomhpháirteach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn fiachas neamhtheoranta ag an comhpháirtíocht. Ciallaíonn sé seo go dtiocfadh leo airgead s’acu a chailleadh dá dteipfeadh ar an ghnólacht. Má tá airgead le tabhairt ar ais ag an ghnólacht – chuig an bhanc, mar shampla, caithfidh na húinéirí é seo a íoc, fiú dá mbeadh orthu teach s’acu féin a dhíol nó rudaí eile atá acu atá fiúntach. Dá mbeadh an locht ar dhuine amháin go bhfuil siad i dtrioblóid, bheadh ar gach duine íoc.[2]

Bíonn comhpháirtíochtaí coitianta ag ceirdeanna – cosúil le dochtúirí, dlíodóirí, srl. – níl cead acu teorainn a chur le fiachas s’acu – níl cead acu teorainn a chur ar an mhéid airgid a thiocfadh leo a chailleadh.

Tagann airgeadas óna gcuid acmhainní féin, deontais ón rialtais, ó iasachtaí bainc agus ó infheisteoirí, in amanna.

Riailacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní chuireann na comhpháirtíochta sonraí a ngnó ar fáil go poiblí.

De réir an dlí sa Ríocht Aontaithe, thig le 2 – 20 a bheith sa chomhpháirtíocht, agus níos mó in Éirinn.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ""comhpháirtíocht"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-04-08.
  2. Edel Ní Chorráin. "Staidéar Gnó: TGMO". Dáta rochtana: 2021.
  3. Terry (2009-09-25). "Partnership Law in Ireland-What You Should Know" (en-GB). Terry Gorry & Co. Solicitors. Dáta rochtana: 2021-04-09.