Comhleá fuar
Appearance
Is éard atá i gceist le comhleá fuar ná comhleá núicléach ag tarlú ag teocht an tseomra. I 1989 d'fhógair beirt ceimiceoirí, Martin Fleischmann ón mBreatain agus Stanley Pons as na Stáit Aontaithe, gur bhraith siad comhleá i gcill leictrilíteach le leictreoid platanaim is leictreoid tíotáiniam in uisce trom. Ar an drochuair d'fhógair an bheirt a dtorthaí sna meáin chumarsáide gan a dtaighde is a dtorthaí a bheith iniúchta nó dearbhaithe go neamhspleách ag saineolaithe eile. Déanta na fírinne, cruthaíodh go luath gur bhréagach a dtorthaí, ach ba gháifeach an scéal ag an am é.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Comhleá fuar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 165.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |