Comhdháil Pugwash

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Comhdháil Pugwash

Sraith comhdhálacha ag eolaithe a bhí buartha faoi bhagairt na n-arm núicléach. Tionóladh an chéad ceann i bPugwash in Albain Nua Cheanada i 1957, go mór faoi anáil Bertrand Russell. Ag comhdháil 1963 thug na Stáit Aontaithe eolas don Aontas Sóivéadach ar na córais sábháilteachta d'airm núicléacha, mar chéim ar aghaidh chun srianadh a chur ar na hairm sin. Joseph Rotblat a bhí ina uachtarán ar na comhdhálacha thar bhlianta fada.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Comhdháil Pugwash". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 542.