Comhchuingiú (réalteolaíocht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Comhchuingiú

Sa réalteolaíocht, ailíniú dhá rinn neamhaí mar a fheictear iad ón Domhan (mar shampla, pláinéad leis an nGrian). Bíonn na pláinéid lasmuigh, atá níos faide amach ón nGrian ná muid, i gcuingriú nuair a luíonn siad díreach taobh thiar den Ghrian. Bíonn dhá shaghas comhchuingrithe ag Mearcair is Véineas, na pláinéid atá níos gaire don Ghrian ná muid. Bíonn siad i gcomhchuingiú íochtarach nuair a luíonn idir an Domhan is an Ghrian, agus i gcomhchuingiú uachtarach nuair a luíonn díreach taobh thiar den Ghrian. I ngach cás, tarlaíonn an comhchuingiú ag an nóiméad a bhíonn an dá rinn ag an domhanfhad neamhaí céanna.