Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha
Treoir ó Chomhairle na hEorpa is ea Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha nó CTET (Béarla: European Framework of Reference for Languages nó CEFR) a úsáidtear chun cur síos ar an méid atá bainte amach ag foghlaimeoirí teangacha iasachta.[1] D'fhoilsigh Comhairle na hEorpa Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha sa bhliain 2001 tar éis blianta de chomhoibriú idir saineolaithe teanga, oideachasóirí agus taighdeoirí ó gach cearn den Eoraip. Ba é an cuspóir a bhí leis an gcreat ná córas comhroinnte caighdeánach a chruthú chun cur síos ceart a dhéanamh ar inniúlacht teanga.[2]
Cé gur bunaíodh an CEFR san Aontas Eorpach, tá úsáid an chreata ag éirí níos comónta taobh amuigh an Aontais Eorpaigh, agus tá sé aitheanta i mbreis agus 40 tír ar fud na cruinne, Ceanada, an tSeapáin, an tSín, Meicsiceo agus Vítneam ina measc.[3] Ó 2020 ann ar a laghad, úsáideann an comhlacht teagaisc Duolingo, lonnaithe sna Stáit Aontaithe Meiriceá, an CEFR mar phointe tagartha ar a gcuid cúrsaí teanga.[4]
Leibhéil CEFR
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá 6 leibhéal aitheanta sa chreat.[2] Is cur síos é seo a leanas de gach leibhéal sa chreat de réir an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta:[5]
| Leibhéal | Cur Síos |
|---|---|
| A1 Bonnleibhéal 1 | Is féidir leis nathanna cainte laethúla agus coitianta a thuiscint agus a úsáid mar aon le habairtí an-bhunúsach a úsáidtear chun riachtanais de chuneál nithiúil a shásamh. Is féidir leis é féin agus daoine eile a chur in aithne agus ceisteanna a chur agus a fhreagairt faoi shonraí pearsanta, amhail an áit a bhfuil sé ina chónaí, daoine a bhfuil aithne aige orthu agus rudaí atá aige. Is féidir leis caidreamh a dhéanamh ar bhealach simplí le duine eile fad a labhraíonn an duine sin go mall agus go soléir agus atá sé sásta cuidiú a thabhairt dó. |
| A2 Bonnleibheál 2 | Is féidir leis abairtí agus nathanna cainte coitianta a bhaineann le réimsí lena ngabhann an ábharthacht is láithrí a thuiscint (m. sh. faisnéis an-bhunúsach phearsanta agus teaghlaigh, siopadóireacht, an ceantar áitiúil, fostaíocht). Is féidir leis cumarsáid le linn gnáth-thascanna simplí nuair nach bhfuil i gceist iontu ach malartú faisnéise díreach agus simplí maidir le gnáthchúsaí coitianta. Is féidir leis cur síos a dhéanamh i dtéarmaí simplí ar ghnéithe dá chúlra, dá gharthimpeallacht agus de cheisteanna a bhaineann le riachtanas láithreach. |
| B1 Meánleibhéal 1 | Is féidir leis na príomhsmaointí a thuiscint i ngnáthchaint shoiléir agus chaighdeánach ar chúrsaí coitianta a bpléitear go rialta leo san áit oibre, ar scoil, le linn caitheamh aimsire, srl. Is féidir leis déileáil le formhór na gcásanna ar dóigh dóibh teacht chun cinn agus é ag taisteal i gceantar ina labhraítear an teanga. Is féidir leis téacs atá simplí agus nasctha a tháirgeadh ar thopaicí a bhfuil cur amach aige orthu nó a bhfuilspéis phearsanta aige iontu. Is féidir leis trácht a dhéanamh ar eispéiris, ar eachtraí, ar mhianta, ar abháir dhóchais agus ar uaillmhianta agus cúiseanna achoimre a thabhairt le tuairimí agus le pleananna agus mínithe achoimre a thabhairt iontu |
| B2 Meánleibhéal 2 | Is féidir leis na príomhsmaointí a thuiscint i dtéacsanna casta a bhaineann le topaicí nithiúla agus le topaicí teibí araon, lena n-áirítear díospóireachtaí teicniúla ina shainréimse spéise féin. Is féidir leis caidreamh a dhéanamh go measartha líofa agus gan réamhsmaoineamh, a fhágann go mbíonn sé in ann caidreamh rialta a dhéanamh le cainteoirí dúchais gan mórán stró sa cheachtar acu. Is féidir leis téacs atá soiléir agus mionsonraithe a tháirgeadh ar raon leathan ábhar agus míniú a thabhairt ar thuairim, ar cheist thráthúil, agus na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le roghanna éagsúla á gcur in iúl aige. |
| C1 Ardleibhéal 1 | Is féidir leis raon leathan téacsanna atá casta agus fada a thuiscint, agus an bhunbhrí intuigthe a aithint. Is féidir leis é féin a chur in iúl go líofa agus gan réamhsmaoineamh, gan nathanna cainte a chuardach go follasach. Is féidir leis teanga a úsáid go solúbtha agus go héifeachtach chun críocha sóisialta, acadúla agus gairmiúla. Is féidir leis téacs atá soiléir, dea-struchtúrtha agus mionsonraithe a tháirgeadh ar ábhair chasta, agus úsáid rialaithe as patrúin eagraíochtúla, as nascairí agus seifteanna comhtháite a thaispeáint. |
| C2 Ardleibhéal 2 | Is féidir leis beagnach gach rud a cloiseann nó a léann sé a thuiscint. Is féidir leis achoimre a dhéanamh ar fhaisnéis a fhaightear ó fhoinsí difriúla labhartha agus scríofa, agus argóintí agus cuntais a athinsint i gcur i láthair comhleanúnach. Is féidir leis é féin a cghur in iúl gan réamhsmaoineamh, go líofa agus go beacht, agus miondifríochtaí céille a chur in iúl go cruinn is cuma cé chomh casta is atá na cúinsí. |
Is féidir na 6 leibhéal thuasluaite seo a chur i dtrí chatagóir níos leithne:[2]
Úsáideoir Bunúsach (A1-A2)
Úsáideoir Neamhspleách (B1-B2)
Úsáideoir Oilte (C1-C2)
An Ghaeilge agus an CEFR
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ó 2005 ann, cuireann Ollscoil Mhá Nuad Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) ar fáil, an chéad chóras teastaithe d'fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge.[6] Tá cúrsaí TEG bunaithe go ginearálta ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha agus tástálann sé cumas foghlaimeoirí sa labhairt, san éisteacht, sa léitheoireacht agus sa Ghaeilge scríofa. Tá cúig leibhéal ar fáil faoi láthair:[6]
A1- Bonnleibhéal 1
A2- Bonnleibhéal 2
B1- Meánleibhéal 1
B2- Meánleibhéal 2
C1- Ardleibheál 1
Tá cúrsaí Ghaelchultúir ailínithe leis an CEFR chomh maith.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Europass | An tAontas Eorpach. "Cad é Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha" (Gaeilge). Dáta rochtana: 2026-08-04.
- 1 2 3 4 Clíodhna Ní Chorráin | Gaelchultúr (Meitheamh 2026). "An CEFR a thuiscint". Dáta rochtana: 2026-08-04.
- ↑ FMT (2019-05-27). "What the CEFR is and isn't" (Béarla). Dáta rochtana: 2026-08-04.
- ↑ Duolingo | Cindy Blanco (2020-02-27). "Duolingo CEFR" (Béarla). Dáta rochtana: 2026-08-04.
- ↑ An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. "Leibhéil CEFR". Dáta rochtana: 2026-08-04.
- 1 2 TEG. "Teastas Eorpach na Gaeilge". Dáta rochtana: 2026-08-04.