Comhbheartas Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh
![]() ![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Ainm gearr | CSDP, GSVP, PCSD agus SVOP ![]() |
Cineál | policy of the European Union (en) ![]() beartas míleata ![]() |
Is é an Comhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC)[1] ná beartas slándála agus cosanta an Aontais Eorpaigh. Is bunchuid den bheartas eachtrach AE é, an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála.[2] rRnneadh athrú ó bhonn go tobann ar chúrsaí slándála na hEorpa nuair a rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin in 2022.


Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí cúrsaí san Eoraip ag dul i dtreo struchtúr míleata níos foirmiúla agus níos buaine a bhunú sna 2020idí.[3] Bhí an tréimhse fhada gan cogaí idir mórthíortha san Eoraip ón Dara Chogadh Domhanda go dtí ionradh na Rúise ar an Úcráin sa bhliain 2022 bunaithe ar dhá bhac, nó díspreagadh.[4]
- Ar thaobh amháin bhí armlann núicléach na Rúise, an armlann núicléach is mó ar domhan, a d’fhág (agus a fhágann fós) gurbh ionann agus féinmharú a bheadh ann don iarthar ionradh a dhéanamh ar an Rúis nó an bloc Sóivéadach mar a bhí.
- Ar an dtaobh eile, bhí Alt a 5 de Chonradh ECAT a d’fhág gur chreid gach éinne – an Rúis san áireamh – go dtiocfadh ballstáit uile ECAT , agus Meiriceá go háirithe, i gcabhair ar aon bhallstát a ndéanfaí ionsaí air. Agus dar ndóigh cumhacht mhór núicléach eile ba ea Meiriceá agus is ea fós. D’fhág sin go raibh an riosca a bhain le hionsaí rómhór do cheachtar taobh.
Sa bhliain 2025, chuir Donald Trump deireadh leis an gcóras slándála sin. Ní raibh meas madra aige ar chaidrimh fhadbhunaithe Mheiriceá lena gcomhghuaillithe. Ag an am céanna, níor chreid rialtais na hEorpa níos mó gur féidir brath ar Mheiriceá le teacht i gcabhair orthu.[4]
Cé go deirtear go bhfuil ECAT i gcónaí fós mar bhunchloch na comhchosanta dá ballstáit sa cháipéis chéanna, bhí moltaí ann fórsa míleata níos láidre - agus neamhspleách - a bhunú san Eoraip.[3]
CBSC
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cruthaíodh clásal frithpháirteach cosanta faoi Chonradh Liospóin.[5] Áirítear leis an CBSC comhbheartas cosanta AE a leagadh amach de réir a chéile; "tiocfaidh comhchosaint as sin nuair a chinnfidh an Chomhairle Eorpach gur cheart é sin a dhéanamh".[2]
in 20222, roghnaigh muintir na Danmhairge a bheith páirteach i gcomhbheartas slándála agus cosanta an AE ; mar sin bhí cead ag an Danmhairg a bheith lánpháirteach in obair mhíleata an Aontais agus i bhforbairt na gné míleata de.[6]
CBSC agus Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí cúrsaí san Aontas Eorpach sna 2020idí ag dul i dtreo struchtúr míleata níos foirmiúla agus níos buaine a bhunú. Tá seans ann go mbeidh sé seo ag teacht salach ar bheartas neodrachta na hÉireann de réir a chéile.[3] In 2024, dhearbhaigh Éire a rannpháirtíocht agus tacaíocht d’fhorbairt thionscnaimh CBSC.[7]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh
- Neodracht na hÉireann
- Cogaíocht hibrideach
- Dúnghaois Gerasimov na Rúise
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla. Common Security and Defence Policy of the European Union (CSDP)
- ↑ 2.0 2.1 "Comhbheartas slándála agus cosanta AE | EUR-Lex" (en). eur-lex.europa.eu. Dáta rochtana: 2025-02-12.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Máirtín Ó Duibhir (24 Bealtaine 2022). "An neodracht, beartas cosanta na hÉireann agus na hEorpa" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-12.
- ↑ 4.0 4.1 Fachtna Ó Drisceoil (11 Feabhra 2025). "Tá an córas a raibh slándáil an iarthair bunaithe le 80 bliain ag teacht chun deiridh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-12.
- ↑ Airteagail 42 agus 46 den Chonradh ar an Aontas Eorpach
- ↑ Tuairisc.ie (2022-06-01). "Muintir na Danmhairge le vótáil faoi pháirt a ghlacadh i bpolasaí cosanta an AE" (en-US). PEIG. Dáta rochtana: 2025-02-12.
- ↑ .gov.ie/ (2024). "Athbhreithniú ar Bheartais Cosanta". Dáta rochtana: 2025.