Comharthaíocht iarnróid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Comharthaíocht iarnróid

Córas chun gluaiseacht traenacha a stiúradh. Ar dtús bhaintí úsáid as brataigh is comharthaí a oibríodh de láimh, ach anois is comharthaí leictreacha a oibrítear le riomhairí is raidió is mó atá in úsáid. Sa chóras ríomhaire bíonn comharthaíocht 4 ghné comhghlasta le córas na bpointí ar na ráillí. Tugann na comharthaí soilse daite taobh leis an mbóthar iarainn treoracha don tiománaí: glas (téigh ar aghaidh), dearg (stad), buí dúbailte (bí cúramach), buí aonair (bí an-chúramach). Cuirtear leo seo le comharthaí atá inchloiste is infheicthe i gcábán an tiománaí. Bíonn dualgas ar an tiománaí comharthaí buí a fhreagairt trí na coscáin a fheidhmiú nó cnaipe athshocraithe a bhrú: muna bhfreagraíonn, stadann an traein go huathoibríoch. Fiú leis na réamhchúraimí seo tharla timpistí sa Bhreatain, mar shampla ag Clapham i 1988 de bharr sreangaithe easnamhaigh, ag Purley i 1989, is ag Paddington i 1999 nuair a chuaigh na tiománaithe trí shoilse dearga. I dtíortha áirithe anois, tá córas modhnaithe in úsáid ina bhfuil micriríomhaire sa chabán atá in ann an tiománaí a shárú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Comharthaíocht iarnróid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 163.