Comhaontú München
| ||||
| Cineál | cession (en) comhaontú conradh | |||
|---|---|---|---|---|
| Ainmnithe in ómós | München | |||
| Cuid de | Géilleadh chun síthe | |||
| Dáta na bliana | 30 Meán Fómhair 1938 | |||
| Dáta foilsithe | 30 Meán Fómhair 1939 | |||
| Príomhábhar | Adolf Hitler Édouard Daladier Benito Mussolini Neville Chamberlain | |||
| Suíomh | Führerbau, An Ghearmáin (en) | |||
| Tír | an Ghearmáin | |||
| Rannpháirtí | ||||
| Sínitheoir | ||||
| Teanga an tsaothair nó an ainm | an tSeicis | |||
| Cúis | Sudeten Crisis (en) Realpolitik | |||
| Coinbhleacht | occupation of Czechoslovakia (en) | |||
Ar an 29 Meán Fómhair 1938, síníodh Comhaontú München[1] a cheadaigh gabhadh na Sudetenland sa tSeicslóvaic ag an nGearmáin Naitsíoch. Ghéill an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe d’éileamh Hitler an Sudentenland a ghabháil ar an tuiscint gurb é sin “an ghabháil dheireanach talaimh” a bheadh aige.
Ba bhua iontach an eachtra seo do Hitler agus fuair sé gach rud a bhí uaidh gan urchar a scaoileadh.




Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc polasaí géilleadh chun síthe chun cinn. Bhí an polasaí seo ar na cúiseanna ba mhó gur éirigh le Hitler an chuid is mó de Mhór-Roinn na hEorpa a fhorghabháil faoin mbliain 1940.
Theip ar an bpolasaí sin mar go ndearnadh beag is fiú de spriocanna Hitler, níor tuigeadh a straitéis, agus ligeadh don Ghearmáin bonn láidir míleata a chur faoi. Chreid an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc go bhféadfadh an polasaí an tsíocháin a chinntiú, ach a mhalairt a tharla agus spreagadh tuilleadh ionsaithe.
Creideadh go bhféadfaí rudaí áirithe a ghéilleadh go Hitler chun coimhlint eile a sheachaint.
Dá dtabharfaí cead do Hitler “cúiseanna gearáin dlisteanacha” a réiteach, mar shampla leasú a dhéanamh ar Chonradh Versailles, bheadh bonn maith faoin tsíocháin ar an Mór-Roinn. Ach ba é an chiall a bhain Hitler as na lamháltais a tugadh dó ná gur buanna a bhí iontu agus go raibh an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc lag.
Ba bhliain chinniúnach í 1936. Rinne Hitler athmhíleatú ar Dhúiche na Réine. Bhí ceart dlíthiúil ag an bhFrainc idirghabháil a dhéanamh ach bhí siad idir dhá chomhairle. Ba é an chomhairle a thug an Ríocht Aontaithe ná seasamh siar. D’admhaigh Hitler ar ball go dtarraingeodh sé fórsaí na Naitsithe amach as an gceantar dá mba rud é go ndearna an Fhrainc freasúra a léiriú. Ach, mar a tharla, thug an easpa freagra uchtach dó.
Ba é an Anschluss, aontú na hOstaire leis an nGearmáin, an chéad chor eile in 1938. Arís, níor glacadh aon seasamh ina choinne.[2]
An Comhaontú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig imní ar an Bhreatain sa bhliain 1938 go raibh baol cogaidh ann agus d’eitil Príomh-Aire na tíre, Neville Chamberlain, go teach saoire Hitler in Berchtesgarden ar 15 Meán Fómhair 1938. D’éiligh Hitler go dtabharfaí don Ghearmáin gach cuid den tSúidéatlainn ina raibh 50% den daonra ina nGearmánaigh.
Chuir an Bhreatain agus an Fhrainc brú ar an tSeicslóvaic agus taobh istigh de sheachtain ghlac siad leis na téarmaí seo.
Ansin mhéadaigh Hitler a éilimh agus dúirt go raibh an ceantar uilig le bheith tugtha don Ghearmáin faoin chéad lá de Dheireadh Fómhair. Dhiúltaigh na Seicigh agus tháinig deireadh leis na cainteanna. Bhí eagla ar na cumhachtaí Eorpacha go mbeadh cogadh ann agus ghlac siad le moladh Chamberlain go mbeadh comhdháil ann le réiteach a shocrú ar an ghéarchéim seo. Sular thosaigh an chomhdháil mhaígh Hitler go mbeadh an t-éileamh seo ar an éileamh talaimh deireanach a dhéanfadh sé san Eoraip.
Comhdháil München, 29-30 Meán Fómhair 1938
Ba í iarracht dheireanach Chamberlain í ar chogadh a sheachaint an chomhdháil in München. Bhí an cruinniú seo mar bharrphointe an pholasaí géilleadh chun síthe fosta.
D’fhreastail ceannairí na Fraince (Édouard Daladier) agus na hIodáile (Benito Mussolini) ar an chomhdháil chomh maith le Hitler agus Chamberlain. Fágadh príomh-chomhghuaillí na Seicslóvaice amach as an chomhdháil agus níor tugadh cuireadh don tSeicslóvaic féin bheith i láthair.
D’aontaigh an chomhdháil ar an tSúidéatlainn a thabhairt don Ghearmáin agus rinne Hitler roinnt geallúintí doiléire faoi phobalbhreith a bheith ann agus faoi neamhspleáchas na Seicslóvaice a chaomhnú. Ba shuntasach go raibh an chuid ba mhó de ghréasán cosantach na Seicslóvaice mar chuid den Ghearmáin Mhór.[3]
D’fhill Príomh-aire na Ríochta Aontaithe, Neville Chamberlain, ar Londain ar an 30 Meán Fómhair agus d’fhógair gur baineadh amach “peace for our time”. Ach ní raibh baol ar bith, faoin staid sin, go stopfadh Hitler ag leathnú ríogacht, nó Reich, na Naitsithe.[2]
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhris Hitler Comhaontú München an bhliain dár gcionn, 1939, nuair a rinne sé forghabháil ar an gcuid eile den tSeicslóvaic. Ba é seo an tráth ar léiríodh gur teip iomlán a bhí sa pholasaí géilleadh chun síthe. Bhí sé soiléir, ar deireadh thiar thall, nach raibh teorainn le spriocanna Hitler agus nach bhféadfaí idirghabháil a dhéanamh leis. Theastaigh forlámhas uaidh agus b’in sin.
Ach go míleata agus go tíreolaíoch faoin tráth sin bhí an Ghearmáin tar éis leathnú amach, tuilleadh acmhainní a thógáil, agus buntáistí straitéiseacha a chruthú gan fiú urchar amháin a scaoileadh.
Nuair a chuaigh Hitler isteach sa Pholainn ar an 1 Meán Fómhair 1939, d’fhógair an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc cogadh ar an nGearmáin ar deireadh. Ach faoin tráth sin bhí an Ghearmáin i bhfad ní ba láidre ná mar a bheidís dá dtabharfaí freasúra ceart ón tús.
Theip ar an ngéilleadh chun síthe mar go raibh míthuiscint ann faoi idé-eolaíocht Hitler agus a thoilteanas leas a bhaint as an lámh láidir. Tá ceacht ann, a deirtear:. ní éiríonn leis an ngéilleadh chun síthe d’iompar bagrach an uathlathaí. A mhalairt atá fíor go minic, nuair a ghéilltear, tugtar uchtach don té atá ag bagairt.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ nó Comhaontú Munich; i mBéarla, the Munich Agreement
- 1 2 3 Kerron Ó Luain (2026-01-23). "Céard é ceacht na staire maidir le polasaí géilleadh chun síthe?" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-01-25.
- ↑ St Mary's Béal Feirste. "An Ghearmáin Naitsíoch". Dáta rochtana: 2026.
