Comhairle um Athrú Aeráide (Éire)
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | grúpa comhairleach |
| Suíomh gréasáin | climatecouncil.ie |
Bunaíodh an Chomhairle um Athrú Aeráide (an CAA)[1] ar an 18 Eanáir 2016.[2] Déanann an CAA measúnú ar mar atá ag éirí le hÉirinn, ó thaobh bheith ina geilleagar ísealcharbóin agus inbhuanaithe, agus tugann comhairle ina leith.[3]
Is "comhlacht comhairleach neamhspleách" í an CAA a bhfuil sé de chúram uirthi measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil Éire ag tabhairt faoin aistriú chuig geilleagar atá athléimneach ó thaobh na haeráide de, atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de, atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus atá neodrach ó thaobh na haeráide de, agus comhairle a sholáthar ina leith sin."[4]
Gach bliain déanann an CAA athbhreithniú ar fheidhmíocht na hÉireann an bhliain roimhe sin.
Foilseacháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2017, bhí rabhadh soiléir tugtha ag an gComhairle gur cosúil go dteipfeadh ar Éire a spriocanna a bhaint amach (a bhain ag an am le laghdú ar astaíochtaí carbóin faoin mbliain 2050).[5]
Sa bhliain 2023, dúirt an CAA gurb amhlaidh, de réir an ráta ag a raibh beartais á gcur i bhfeidhm, nach gcomhlíonfadh Éire na spriocanna a leagadh síos di sa chéad agus sa dara tréimhse den bhuiséad carbóin.[4]
Ar an 23 Deireadh Fómhair 2024, dúirt an CAA go raibh "baol mór ann i gcónaí nach gcomhlíonfaimid ar gcuid oibleagáidí náisiúnta agus idirnáisiúnta laistigh den achar ama atá leagtha síos."[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ClimateCouncil.ie Curtha i gcartlann 2021-11-28 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Climate Change Advisory Council. "Home | Climate Change Advisory Council" (en). www.climatecouncil.ie. Dáta rochtana: 2024-10-23.
- ↑ nó an an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide; i mBéarla, The Climate Advisory Council (Ireland)
- ↑ climatejargonbuster.ie (2023). "An Chomhairle Chomhairleach Athrú Aeráide" (ga-IE). Treoir ar Bhéarlagair Aeráide. Dáta rochtana: 2025-02-09.
- ↑ 4.0 4.1 climatecouncil.ie (2023). "Athbhreithniú Bliantúil 2023 ón gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ "Cosc iomlán ar dhó móna i dtithe na tíre seo molta i dtuarascáil nua" (ga-IE). Tuairisc.ie (2017). Dáta rochtana: 2021-11-27.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-10-23). "Athrú aeráide: 'baol mór ann nach gcomhlíonfaimid ár ndualgais'" (as ga-IE).