Rialtas áitiúil in Éirinn

Tá 31 údarás áitiúil ag Éirinn atá freagrach as raon seirbhísí áitiúla, lena n-áirítear tithíocht, bóithre, pleanáil, leabharlanna, cosaint chomhshaoil, seirbhísí dóiteáin, clár na dtoghthóirí, áineas agus taitneamhachtaí.[1]
Is comhairlí contae iad formhór na n-údarás áitiúil (26). Tá 3 Chomhairle Chathracha (Baile Átha Cliath, Gaillimh agus Corcaigh) agus 2 chomhairle a dhéanann maoirseacht ar chathair agus ar chontae (Luimneach agus Port Láirge).
Toghcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Aithnítear údaráis áitiúla in Airteagal 28a de Bhunreacht na hÉireann, a ráthaíonn go reáchtáiltear toghcháin áitiúla gach 5 bliana ar a laghad.
Toghann na vótálaithe comhairleoirí chun ionadaíocht a dhéanamh orthu ag an leibhéal áitiúil. Tá beagnach 1000 comhairleoir tofa in Éirinn. Déanann siad cinntí beartais ag cruinnithe na Comhairle. Bíonn chomhairlí áitiúla bainistithe ag Príomhfheidhmeannach a dhéanann maoirseacht ar reáchtáil na Comhairle ó lá go lá.[1]
Ní mór don údarás áitiúil liosta vótálaithe ina limistéar a thiomsú agus a chothabháil.
Pleanáil agus forbairt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Déanann údaráis áitiúla maoirseacht ar chead pleanála. Ní mór go mbeadh cead pleanála ag foirgnimh nua, ar roinnt síntí ar fhoirgnimh atá ann cheana féin, agus athrú cuspóra nó úsáid foirgneamh a athrú (mar shampla, ag athrú siopa go bialann).
Is i bPlean Forbartha an Chontae is mó a leagtar síos polasaí agus cuspóirí pleanála na Comhairle Contae agus tá na pleanálaithe ceaptha cloí leis sin. Is ag na Comhairleoirí le chéile ag obair mar Chomhairle atá an cúram an Plean Forbartha a réiteach, le cúnamh agus comhairle ón bhfeidhmeannas.[2]
Tithíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad na húdaráis áitiúla príomhsholáthraithe tithíochta sóisialta do dhaoine nach féidir leo íoc as a gcóiríocht féin. Tá stoc cóiríochta agus tithe agus árasáin ar cíos acu do hiarratasóirí incháilithe. Tá siad freagrach freisin as an gcóiríocht a chothabháil.
Soláthraíonn údaráis áitiúla tacaíocht tithíochta sóisialta tríd an Íocaíocht um Chúnamh Tithíochta.
Forfheidhmíonn Údaráis Áitiúla íoschaighdeáin i gcóiríocht phríobháideach ar cíos freisin.[1]
Bóithre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá údaráis áitiúla freagrach as bóithre réigiúnacha agus áitiúla a fheabhsú agus a chothabháil. Tá siad freagrach freisin as: seirbhísí páirceála poiblí, maoir thráchta, teorainneacha luais a leagan síos ar bhóithre áitiúla agus náisiúnta, soilsiú sráide a chothabháil, fálta agus crainn a lomadh, draenáil agus leathadh grin ar bhóithre le linn aimsir an-fhuar.
Bíonn Oifigeach Sábháilteachta ar Bhóithre ag Údaráis Áitiúla freisin chun úsáid shábháilte na mbóithre a chur chun cinn sa cheantar áitiúil.[1]
Leabharlanna, seirbhísí áineasa agus taitneamhachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Oibríonn údaráis áitiúla líonra leabharlann poiblí in Éirinn. Tá leabharlanna poiblí oscailte do gach duine agus tá an chuid is mó dá seirbhísí saor in aisce.
Cuireann údaráis áitiúla maoiniú ar fáil do sheirbhísí áitiúla óige, ealaíne agus spóirt, chomh maith le linnte snámha poiblí, ionaid fóillíochta agus áiteanna súgartha a chothabháil agus a oibriú.
Déanann údaráis áitiúla cothabháil ar go leor taitneamhachtaí poiblí, cosúil le páirceanna agus séadchomharthaí.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Údaráis áitiúla in Éirinn
- Acht Rialtais Áitiúil (Éire), 1898
- An tAcht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Citizensinformation.ie (2025). "Rialtas áitiúil" (ga-IE). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2025-03-04.
- ↑ Donncha Ó hÉallaithe (29 Bealtaine 2024). "Cruinniú fiúntach faoi chúrsaí tithíochta ar lá corrach ar an gCeathrú Rua" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-04.