Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is údarás áitiúil i dTuaisceart Éireann é Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin (Béarla: Newry, Mourne and Down District Council), a bunaíodh ar an 1 Aibreán 2015. Tháinig an chomhairle nua in áit Comhairle Ceantair an Dúin agus Comhairle an Iúir agus Mhúrn,  agus clúdaíonn sí an chuid is mó d'oirdheisceart Thuaisceart Éireann. Bhí an chéad toghcháin chuig an údaráis ar an 22 Bealtaine 2014, agus ghníomhaigh sí mar scáthúdarás, roimh cruthú Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, ar an 1 Aibreán 2015.

An ceantar atá faoi rialú an gComhairle

Cathaoirligh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cathaoirleach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó A Ainm Páirtí
2015 2016 Naomi Bailie[1] Sinn Féin
2016 2017 Gillian Fitzpatrick PSDLO
2017 2018 Róisín Mulgrew Sinn Féin
2018 2019 Mark Murnin PSDLO
2019 2020 Charlie Casey Sinn Féin

Leas-Chathaoirleach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó A Ainm Páirtí
2015 2016 Gillian Fitzpatrick PSDLO
2016 2017 Garth Craig An Páirtí Aontachtach Daonlathach
2017 2018 William Clarke Sinn Féin
2018 2019 Oksana McMahon Sinn Féin
2019 2020 Terry Andrews PSDLO

Comhairleoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chun críche toghcháin tá an chomhairle roinnte i seacht Limistéar Toghcheantar (LTC):[2]

Limistéar Suíocháin
Crotshliabh 6
Dún Pádraig 5
Iúr Cinn Trá 6
Rowallane 5
Sliabh Crúibe 5
Baile Fearainn

Sliabh gCuillinn

7
Múrna 7

Láidreacht na bPáirtithe [cuir in eagar | athraigh foinse]

Newry, Mourne and Down District Council Composition 2k19.png

Páirtí Tofa Reatha
Sinn Féin 16 16
PSDLO 11 11
PAD 3 3
PAU 4 4
Comhaontas 2 2
Neamhspleácha 5 5

Leagan nuashonraithe ar 20 Iúil 2019.

Comhairleoirí de réir toghlimistéar[cuir in eagar | athraigh foinse]

:Chomhthoghadh chun folúntais a líonadh ón toghchán.: Cleamhnacht nua  pháirtí ón toghchán deireanach . Nuashonraithe deireanach ar 28 nollaig 2017. Le haghaidh tuilleadh sonraí a fheiceáil féach Toghcháin Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, 2014.

Daonra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Clúdaonn limistéar na Comhairle nua daonra de 171,533 áitritheoirí dar le Daonáireamh Thuaisceart Éireann, sa bhliain 2011 .[3]

Polasaí Dátheangachais na Comhairle[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Comhairle an Iúir agus Mhúrn uathúil, i measc na n-údarás áitiúil i dTuaisceart Éireann, sa mhéid is go raibh polasaí daththeangachais a chur i bhfeidh aici, a leag amach tiomantas na Comhairle chun cur chun cinn agus úsáid na Gaeilge agus an Bhéarla i gceantar na Comhairle a éascú agus a spreagadh. D'fhonn a chinntiú nach mhaintear feidhm as an rannán riaracháin nua chun cur isteach ar an Ghaeilge a chur ar aghaidh, bhí sé de dhualgas ar an chomhairle nua bhunaithe, faoi théarmaí Airteagal 7.1 (b) den Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, an polasaí dátheangachais a bhí a chur i bhfeidhm a chur i bhfeidhm fud fad an cheantair nua mhéadaithe. [4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]