Jump to content

Coimisiún um Rialáil Cumarsáide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó ComReg)
Bosca Sonraí EagraíochtaCoimisiún um Rialáil Cumarsáide
Sonraí
Cineálgnó Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball deBody of European Regulators for Electronic Communications (en) Aistrigh
IRG Secretary General Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáincomreg.ie Cuir in eagar ar Wikidata


Is é an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide[1]ComReg an comhlacht stáit in Éirinn atá freagrach as rialú na hearnála cumarsáide leictreonaí (teileachumarsáide, radachumarsáid, craoladh agus seirbhísí ardráta) agus an earnáil poist.

Feidhmíonn ComReg mar chomhlacht coláisteach, glacann na Coimisinéirí na cinntí ar fad le chéile.[2]

Tá raon leathan dualgas teileachumarsáide (nó seirbhisí cumarsáide leictreonaí agus líonra chun cur síos níos cuimsí a chur air), poist agus bhainistiú speictrim orthu. Feidhmíonn ComReg faoi scáth reachtaíocht na hÉireann agus an AE sna hearnálacha seo. Tá ComReg freagrach as iomaíocht a chur chun cinn, tomhaltóirí a chosaint, agus nuálaíocht a spreagadh. Bíonn ComReg ag plé le ceisteanna deacra dlí, eacnamaíochta agus teicneolaíochta.

Compare

Tá treoir iontaofa á cur ar fáil ag an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide do thomhaltóirí maidir le seirbhísí leathanbhanda, fóin agus líne thalún ó 2002 i leith. Is uirlis ar líne í Compare,[3] inar féidir leat cliceáil ar an tseirbhís atá á lorg agat chun eolas a fháil ar na roghanna go léir atá ar fáil duit. Déanann an uirlis cuardach ar phleananna fón póca, leathanbhanda, fón baile agus mar sin de.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Commission for Communications Regulation
  2. "An méid a dhéanaimid" (ga). Commission for Communications Regulation (2016-02-22). Dáta rochtana: 2025-11-06.
  3. "Compare" (en). Commission for Communications Regulation (2024-11-27). Dáta rochtana: 2025-11-06.
  4. "GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: An bhfuil mearbhall ort faoin Leathanbhanda? Cuidíonn ComReg leat le heolas a fháil faoi na roghanna atá agat" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-11-06). Dáta rochtana: 2025-11-06.