Comórtas na mBailte Slachtmhara


Reáchtáiltear Comórtas na mBailte Slachtmhara[2] gach bliain chun aitheantas a thabhairt do na cathracha, bailte agus sráidbhailte is slachtmhaire agus is tarraingtí in Éirinn. Tagann grúpaí pobail agus deonacha le chéile agus déanann siad oibreacha feabhsúcháin chun cuma níos deise a chur ar a gcomharsanacht le súil is go mbuafaidh siad duais.
Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Eagraíonn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta an Comórtas, atá urraithe ag SuperValu.[1]
Tugtar tacaíocht do ghrúpaí pobail faoin scéim seo trí mhaoiniú a chur ar fáil le haghaidh cuid de na hoibreacha feabhsúcháin. Cabhraíonn an deontas le coistí a mbaile nó a sráidbhaile a chur isteach i gceann amháin de na catagóirí sin ar a laghad. Is féidir an deontas a chaitheamh ar thionscadail amhail bearradh fáil agus féir, plandaí a chur, péinteáil. Is buntáiste é má chuireann na tionscadail leis an mbithéagsúlacht agus le hinbhuanaitheacht timpeallachta. D’fhéadfadh méid an mhaoinithe athrú ó bhliain go bliain, agus braitheann sé seo ar líon na ngrúpaí i limistéar an údaráis áitiúil a léiríonn spéis sa scéim.[3]
Tá roinnt catagóirí éagsúla i gComórtas na mBailte Slachtmhara.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an comórtas ar siúl ó 1958.
Sa bhliain 2025, bhí 929 baile ag iomaíocht do na duaiseanna móra le rá, an líon is airde iontrálacha a fuarthas riamh i stair an chomórtais, rud a léirigh an spéis mhór leanúnach náisiúnta sa chomórtas.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2025-10-24). "Cora Droma Rúisc an Baile is Slachtmhaire in Éirinn" (as ga-IE).
- ↑ Tidy Towns Competition (Ireland)
- ↑ "Tacaíocht na mBailte Slachtmhara | Local Government Ireland" (ga). www.localgov.ie (2024-06-19). Dáta rochtana: 2025-10-24.
- ↑ "Ár dTodhchaí Tuaithe: Fógraíonn an tAire Calleary Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma mar an baile is slachtmhaire in Éirinn do 2025" (en). gov.ie. Dáta rochtana: 2025-10-25.