Jump to content

Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2026

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtComórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2026
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 48° 12′ 09″ N, 16° 19′ 58″ E / 48.2024°N,16.3329°E / 48.2024; 16.3329
Téacs manaUnited by Music Cuir in eagar ar Wikidata
CineálEurovision Song Contest edition (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse12 - 16 Bealtaine 2026
Dáta na blianaBealtaine 2026 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir eagrán70 Cuir in eagar ar Wikidata
2025 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhWiener Stadthalle, An Ostair
Vín, An Ostair Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ostair Cuir in eagar ar Wikidata
EagraíEBU-UER (European Broadcasting Union) agus Österreichischer Rundfunk (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na rannpháirtitheluach anaithnid (Bealtaine 2025) Cuir in eagar ar Wikidata
Seánramusic television (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide
Líonra teilifíse/raidió bunúsachÖsterreichischer Rundfunk (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna

Suíomh gréasáineurovision.com… Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#ESC2026 agus #Eurovision2026 Cuir in eagar ar Wikidata
Cuir in eagar ar Wikidata

Reáchtálfar Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2026[1] idir 12-16 Bealtaine 2026 i Vín na hOstair, an 69ú heagrán bliantúil de Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse.[2] In 2025, bhí an lámh in uachtar ag an Ostair, le Wasted Love de chuid JJ.[3]

Yuval Raphael, 2025 i mBasel; chuir sí a náisiúnachas chun cinn
2025: Johannes "JJ" Pietsch

Baghcat in 2026

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 4 Nollaig 2025, chinn RTÉ agus craoltóirí sa Spáinn, sa tSlóivéin, san Íoslainn agus san Ísiltír baghcat a dhéanamh ar an gcomórtas, tar éis d'Aontas Craoltóireachta na hEorpa cead a thabhairt d'Iosrael páirt a ghlacadh ann[4] (agus bhí craoltóirí sa Bheilg, sa tSualainn agus san Fhionlainn ag breathnú ar an gceist). Ní bheidh aon iarrthóir ag Éirinn sa chomórtas agus ní chraolfar é ar RTÉ.

Dúirt RTÉ ag an am nach mbeadh sé ceart ná cóir ag an eagraíocht páirt a ghlacadh sa chomórtas in éineacht le hIosrael i bhfianaise an oiread daoine a bheith á marú ag na hIosraelaigh in Gaza, idir shibhialtaigh agus iriseoirí, gan trácht ar an ngéarchéim dhaonnúil atá sa limistéar Palaistíneach.[4]

Chaith Aontas Craoltóireachta na hEorpa vóta ar an gceist ar an 4 Nollag 2025. Dúirt Ard-Stiúrthóir ORF (An Ostair) Roland Weissmann go raibh sé ar theann a dhíchill ag iarraidh cur ina luí ar gach tír díobh páirt a ghlacadh sa chomórtas. [5].[6] [7] [8]

Sa bhliain 2025, tháinig clú ar Yuval Raphael le linn Chomórtais Amhránaíochta na hEoraifíse 2025. Rinne sí éacht, tháinig sí sa dara áit, ach chuir an t-amhránaí a náisiúnachas chun cinn le linn an comórtais. Mhaígh craoltóirí náisiúnta áirithe gur earcaigh’ Iosrael teileavótóirí agus gurbh é sin ba chúis le vóta pobail chomh mór millteach sin ag an tír.[9][10][11][12]

Thug muintir na hÉireann an vóta is airde, 12, ar son Iosrael in 2025, creid nó ná creid. Bhí amhras caite ag craoltóirí san Eoraip ar dhlisteanacht na vótála sa Chomórtas agus é á líomhain go raibh Iosrael ag caitheamh líon mór vótaí bréige ar a son féin.

Ar an 4 Nollaig 2025, glacadh le leasuithe a rinneadh ar an gcóras vótála. Ach níl sé soiléir cé chomh slán ó mhí-ionramháil agus atá an córas úr.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Béarla: Eurovision Song Contest 2026
  2. "Vienna 2026" (en). eurovision.tv. Dáta rochtana: 2025-09-15.
  3. JJ / Johannes "JJ" Pietsch (2025-05-22). "Wasted Love (JJ song)" (as en). Wikipedia.
  4. 1 2 3 Nuacht RTÉ (2025-12-04). "RTE le baghcat a dhéanamh ar Eoraifís 2026" (as ga-IE).
  5. Nuacht RTÉ (2025-05-07). "Plé á lorg leis an EBU faoi rannpháirtíocht Iosrael san Eoraifís" (as ga-IE).
  6. Nuacht RTÉ (2025-11-18). "Eoraifís: An Ostair ag achainí ar gach tír páirt a ghlacadh ann" (as ga-IE).
  7. Nuacht RTÉ (2025-09-12). "Craoltóir poiblí na Ísiltíre le tarraingt as an Eoraifís" (as ga-IE).
  8. Nuacht RTÉ (2025-05-09). ""Plé níos leithne" maidir le rannpháirtíocht Iosrael san Eoraifís" (as ga-IE).
  9. "Eurovision: Israel's result prompts questions over voting" (en-GB). www.bbc.com (2025-05-21). Dáta rochtana: 2025-05-22.
  10. "Eurovision accused of ‘encouraging manipulation’ after Israel’s near-win" (en). The Independent (2025-05-20). Dáta rochtana: 2025-05-22.
  11. India McTaggart (2025-05-19). "Eurovision ‘rigged’ in favour of Israel" (en-GB). The Telegraph. Dáta rochtana: 2025-05-22.
  12. "Eurovision 2025: Israel's success sparks backlash and suspicion of voting manipulation" (en). Middle East Eye. Dáta rochtana: 2025-05-22.