Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2025
Reáchtálfar Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2025[1] idir 13-17 Bealtaine 2025 i mBasel na hEilvéise, an 69ú heagrán bliantúil de Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse. Bhí an lámh in uachtar ag an Ostair, le Wasted Love de chuid JJ.[2] Tháinig Iosrael, le New Day Will Rise de chuid Yuval Raphael, sa dara háit.


Conspóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí na Bealtaine, ghlac daoine páirt in agóidí taobh amuigh de RTÉ, ag éileamh go dtarraingeoidh an craoltóir amach as. I dtús 2025, tháinig méadú ar na héilimh ó thíortha éagsúla gur chóir díospóireacht a bheith ann ar cé acu ar cheart nó nár cheart d'Iosrael a bheith ag glacadh páirte ar chor ar bith.[3]
Níor rinne aon chraoltóir náisiúnta ráiteas poiblí ag cur in aghaidh rannpháirtíocht Iosrael, nó sin a mhaígh an EBU ( a eagraíonn an Comórtas Eurofíse). Ach d'iarr RTÉ ar an EBU "plé a dhéanamh" ar rannpháirtíocht Iosrael i gComórtas Eoraifíse [4]
Bhí an t-amhrán New Day Will Rise i mBéarla, Fraincis agus Eabhrais. Nuair a thosaigh Raphael ag canadh in Eabhrais, lig an lucht féachana na gártha molta astu.[5]
Ar an 17 Bealtaine, thug na teileavótóirí sa tríú cuid de thíortha na hEorpa an scór is airde d’iarracht Iosrael i gComórtas na hEoraifíse,[6] beag beann ar an sléacht in Gaza. Bhí rialtas Iosrael ag géarú ar na hionsaithe ar Gaza ag an am.[7] Thug muintir na hÉireann dix points, 10 bpointe, d’Iosrael – agus é sin i ndiaidh na léirsithe ar fad ar son mhuintir Gaza. Thug moltóirí oifigiúla na hÉireann seacht bpointe d’Iosrael.
Mhaígh craoltóirí náisiúnta áirithe gur ‘earcaigh’ Iosrael teileavótóirí agus gurbh é sin ba chúis le vóta pobail chomh mór millteach sin ag an tír.[8][9][10][11][12]

Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí seisear iomaitheoirí ar an 'Late Late show’ ar an seachtú lá de mhí Fheabhra. Bhuaigh Emmy, cailín ón Iorua agus anois beidh sí ag canadh ar son na hÉireann i gComórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2025.
Roghnaigh pobal na hÉireann an t-amhrán ‘Laika Party’. Tá sé faoin madra ‘Laika’ a chuaigh go dtí an spás. Lainseáladh Laika ar an spáslong Shóivéadach Sputnik 2 go bhfeicfí cad é mar a rachadh an spás i bhfeidhm ar rudaí beo. Níor tháinig an madra ar ais (théigh an t-inneall an iomarca, faraor).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Béarla: Eurovision Song Contest 2025
- ↑ JJ / Johannes "JJ" Pietsch (2025-05-22). "Wasted Love (JJ song)" (as en). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-09). ""Plé níos leithne" maidir le rannpháirtíocht Iosrael san Eoraifís" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-07). "Plé á lorg leis an EBU faoi rannpháirtíocht Iosrael san Eoraifís" (as ga-IE).
- ↑ Eurovision Song Contest (2025-05-17). "Yuval Raphael – New Day Will Rise (LIVE) | Israel 🇮🇱 | Grand Final | Eurovision 2025".
- ↑ fuair Iosrael douze points ó 13 thír. Seo iad: an Fhrainc, an Ghearmáin, an Bhreatain, an Spáinn, an Ísiltír, an Bheilg, an Phortaingéil, an tSualainn, an Eilvéis, Lucsamburg, an Asarbaiseáin, an Astráil, agus ‘An Domhan’ (sin gach tír ar domhan seachas na tíortha a ghlac páirt sa chomórtas iad féin curtha le chéile.) San Asarbaiseáin, thug an pobal agus na moltóirí oifigiúla araon 12 phointe d’Iosrael, agus ní cúis mhearbhaill go dtí é, óir is Moslamaigh (Siacha) 93 faoin gcéad de mhuintir na hAsarbaiseáine.
- ↑ Alex Hijmans (21 Bealtaine 2025). "‘Douze points’ d’Iosrael – céard sa diabhal ba chúis leis?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-22.
- ↑ "Eurovision: Israel's result prompts questions over voting" (en-GB). www.bbc.com (2025-05-21). Dáta rochtana: 2025-05-22.
- ↑ "Eurovision accused of ‘encouraging manipulation’ after Israel’s near-win" (en). The Independent (2025-05-20). Dáta rochtana: 2025-05-22.
- ↑ India McTaggart (2025-05-19). "Eurovision ‘rigged’ in favour of Israel" (en-GB). The Telegraph. Dáta rochtana: 2025-05-22.
- ↑ "Eurovision 2025: Israel's success sparks backlash and suspicion of voting manipulation" (en). Middle East Eye. Dáta rochtana: 2025-05-22.
- ↑ Jordi Pedra (2025-05-20). "EBU fact-checking network investigates Eurovision 2025 voting drive sponsored by an Israeli government agency" (en-US). wiwibloggs. Dáta rochtana: 2025-05-22.