Jump to content

Ionscópacht ar an drólann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Colonoscopy)
léiriú
Físeán: "Screen for Life"
Físeán : Ionscópacht ar an drólann[1]

Is éard atá i gceist le hionscópacht ar an drólann[1] ná próiseas ina gcuirtear ionstraim isteach sa drólann chun amharc díreach a fháil agus/nó bithóipse a dhéanamh.

Is bealach iontach é chun ailse drólainne agus riochtaí eile sláinte a dhiagnóisiú.[2] Mar shampla, bíonn gá le hionscópachtaí práinneacha i gcás othar atá ag cailliúint meáchain nó a bhfuil fuil acu ina bhfaecas.

Aimhréidheanna

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá seans beag ann i gcónaí nach bhfeicfear ailse nó polaip. D’fhéadfadh sé sin tarlú toisc nach bhfuil an phutóg folamh go hiomlán, nó ar ócáidí annamha, nach bhfeiceann an dochtúir í. Tá seans beag nach mbeidh an t-ionscóp drólainne in ann dul fad iomlán na putóige mar gheall ar bhacadh éigin nó deacracht eile.

I gcás fhormhór na ndaoine is gnáthamh an-simplí í an ionscópacht. Is féidir aimhréidheanna a bheith ann ach is annamh a bhíonn fadhbanna tromchúiseacha ann. D’fhéadfadh sé sin tarlú dá mba rud é nach raibh na putóga folamh go hiomlán nó nach bhféadfaí an feadán a shíneadh go deireadh do phutóige.[2]

  • Cur fola: Ní bhíonn sé sin tromchúiseach de ghnáth, agus stopann sé uaidh féin. Mar sin féin b’fhéidir gur gá tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh i níos lú ná cás amháin as gach 150.
  • Stróiceadh beag ar líneáil do phutóige: Má tharlaíonn sé seo, b'fhéidir go mbeadh ar an othar dul faoi scian chun an stróiceadh a chur ina cheart. Tarlaíonn sé sin i níos lú ná cás amháin as gach 500.
  • Fadhbanna análaithe nó croí: B'fhéidir go mbeadh frithfhreagairt ag othar i leith an támhacháin agus d'fhéadfadh sí sin fadhbanna sealadacha a chruthú.

I gcásanna fíor-annamha (i níos lú ná cás amháin as gach 11,000) d’fhéadfadh duine bás a fháil de deasca ionscópachta.[2]

I gcás othar atá ag cailliúint meáchain nó a bhfuil fuil acu ina bhfaecas, de réir theoirlínte Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ba chóir ionscópachtaí a dhéanamh ar na hothair seo laistigh de 28 lá.

  • Sa bhliain 2017, níor fhan aon duine níb fhaide ná 28 lá ar an tástáil seo.
  • Sa bhliain 2025 ,léirigh na figiúirí gur chaith 2,764 duine idir 29 agus 60 lá ag fanacht ar ionscópacht idir Eanáir agus Bealtaine 2025. Bhí othair i mbaol dá bharr.

Bheadh sé riachtanach ionscópacht phráinneach a dhéanamh ar dhaoine a bhfuil siomptóim ar leith acu taobh istigh den achar ama atá molta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 i mBéarla, colonoscopy
  2. 2.0 2.1 2.2 bowelscreen.ie. "Ionscópacht". Dáta rochtana: 2025.
  3. Nuacht RTÉ (2025-07-29). "Breis agus 28 lá caite ag 2,700 othar ag fanacht ar ionscópacht" (as ga-IE).