Colm de Bhailís

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Greanadh de Cholm de Bhailís ón leabhar “Aṁráın Ċuılm de Ḃaılís” arna foilsiú ag Conradh na Gaeilge sa bhliain 1904.

File agus cumadóir amhrán Éireannach ab ea Colm de Bhailís (2 Bealtaine 179627 Feabhra 1906). Saolaíodh i gCeantar na nOileán i gConamara é. Ní fios an i Leitir Mealláin, i nGarmna nó i mBaile na Cille a rugadh é.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sáibhéar agus saor cloiche a bhí i gColm de Bhailís, agus bhíodh sé ag cur caoi ar thithe freisin. Chaith sé a óige sa cheantar áitiúil, ach ina dhiaidh sin rinne sé go leor taistil. Chaith sé seal i gCathair na Mart, tamall sa Tulach Mór agus aon bhliain déag i gCill Rois i gContae an Chláir. Bhíodh sé ag obair in áiteanna éagsúla i gConamara chomh maith.

Agus é tuirseach den taisteal, chuir sé faoi ina cheantar dúchais, i mBaile na Cille.

Bhí sé pósta le Siobhán Frainc Ní Lochlainn ar dtús. Cailleadh Tomás, an t-aon mhac amháin a bhí acu, leis an eitinn sa mbliain 1877. Fuair Úna, a dhara bean, bás thart ar an mbliain 1900. Bhí de Bhailís an-aosta anois. Tamall ina dhiaidh sin bhí air a theach féin a fhágáil agus d'aistrigh sé go Teach na mBocht in Uachtar Ard.

Scríobh ógánach as an áit, Pádraig Ó Domhnalláin, (1884-1960) amhráin síos ó bhéal de Bhailís. Iarradh ar Phádraig comhluadar a choinneáil leis an bhfile, agus aire a thabhairt dó. Bhí clú agus cáil ar Cholm de Bhailís agus ar a chuid amhrán, ach ní raibh a fhios ag mórán daoine go raibh an file féin fós beo agus ina chónaí i dTeach na mBocht in Uachtar Ard go dtí gur foilsíodh alt san iris Celtia sa bhliain 1902. Chuir Ó Domhnalláin síos air in alt a foilsíodh sa gClaidheamh Solais sa bhliain 1903, agus as sin tháinig achainí ó Phádraig Mac Piarais chun airgead a bhailiú le teach dá chuid féin a chur ar fáil do Cholm. Chaith de Bhailís cúpla bliain i dteach áitiúil mar sin, ach b'éigean dó filleadh ar Theach na mBocht agus fuair sé bás san ospidéal sa bhliain 1906. Cuireadh i reilig Chill Chuimín, in Uachtar Ard, é.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíodh an-tóir ar a shaothar i gcónaí, agus tá amhráin dá chuid le cloisteáil fós i gConamara. Tá Cúirt an tSrutháin Bhuí, Amhrán an Tae, Beartlín an Gadaí, An Seanduine Cam, an Luch i nGarraí Fataí agus An Bás ar na hamhráin is mó atá luaite leis.

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhoilsigh Conradh na Gaeilge cnuasach dar teideal Amhráin Chuilm de Bhailís sa mbliain 1904, ina raibh na hamhráin a bhí bailithe ag Pádraig Ó Domhnalláin síos ar fáil. D'fhoilsigh Cló Iar–Chonnacht dlúthdhiosca, Fleadh 'gus Féasta, Amhráin Choilm de Bhailís sa mbliain 1995, agus leabhar, Amhráin Choilm de Bhailís, sa mbliain 1995. Chuir Gearóid Denvir an leabhar seo in eagar, ina bhfuil trí amhrán breise, chomh maith leis na seacht gcinn déag a bhailigh Ó Domhnalláin. Bráca a thóg de Bhailís i Leitir Caladh a spreag Cúirt an tSruthan Bhuí. Rinne Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnchadha athchóiriú ar an "gCúirt". Tá sí lonnaithe gar do Brandy Harbour, agus déantar de Bhailís a chomóradh gach bliain.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Amhráin Chuilm de Bhailís (1904), eag J.H. Lloyd, fógraí le Dubhghlas de hÍde agus Pádraig Mac Piarais.
  • G. Denvir (eag), Amhráin Choilm de Bhailís (1996)
  • P. Ó Ceannabháin, Mo chuid den tsaol:

traditional songs from Connemara (CD; Indreabhán, 1997)

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]