Colm Mac Séalaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Colm Mac Séalaigh ar dhuine de bhunaitheoirí an rac-ghrúpa Na Fíréin. Rugadh agus tógadh Mac Séalaigh i mBaile Átha Cliath, áit ar chaith sé roinnt mhaith blianta ag obair mar mhúinteoir i gColáiste Eoin, scoil lán-Ghaelach i Stigh Lorgan i ndeisceart na cathrach.

Na Fíréin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Príomhalt: Na Fíréin

Bunaíodh Na Fíréin (the true, the faithful) sa bhliain 1984. Dílseacht d’úsáid na Gaeilge mar mheán cumadóireachta agus amhránaíochta i stíl an rac-cheoil chomhaimseartha a bhí i gceist ag an ngrúpa ón tús. Is iad Na Fíréin an t-aon ghrúpa rac-cheoil a chumann agus a chasann a gcuid amhrán féin trí mheán na Gaeilge agus atá á dhéanamh sin ar feadh tréimhse suntasach ama, ó 1984 i leith.

Bunaíodh an grúpa tar éis do Shéamus Ó Maitiú féile rac-cheoil a eagrú i Ráth Chairn, Co. na Mí i 1984. Féile rac-cheoil Cheilteach a bhí i gceist agus bhí grúpaí agus oirfidigh as Éirinn agus ón mBreatain Bheag i láthair. I measc na ngrúpaí as Éirinn ar tugadh cuireadh dóibh bhí an grúpa ceol tíre Tŷ Bach a chuir Colm Mac Séalaigh, Gearóid Ó Murchú agus Ken Mac Diarmada ar bun i 1973 tar éis dóibh cuairt a thabhairt ar Eisteddfod na Breataine Bige. Chuaigh ceol nua-aimseartha na ngrúpaí Breatnaise i bhfeidhm go mór orthu agus chinn siad ar aithris a dhéanamh ar stíl agus ar chur chuige na ngrúpaí úd ach liricí Gaeilge a úsáid. As an iarracht sin tháinig an t-albam Téanam Ort, ach níos suntasaí ná sin, i 1974 chuir Mac Séalaigh liricí nua le fonn an amhráin ‘Nia Ben Aur’ a bhí cloiste ag Tŷ Bach sa Bhreatain Bheag. Chuir Ó Murchú véarsa breise le liricí Mhic Shéalaigh agus as sin a tháinig an t-amhrán ‘Tír na n-Óg’, príomhamhrán Na Fíréin ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.

Le haghaidh na féile Rac a hAon, thug Mac Séalaigh agus Ó Murchú cuireadh d’Eoin Smith, Fran McBride agus Mick Brady, a bhí ag saothrú i ngort na Blues agus an rac-cheoil, dul ag seinm in éineacht leo chun fuaim níos cumhachtaí a thabhairt d’amhráin Tŷ Bach. Dá thoradh sin, rinneadh a lán athruithe ar na hamhráin a bhíodh á gcasadh ag Tŷ Bach agus chuathas i mbun stór amhrán a chur le chéile a d’fheilfeadh don rac-cheol.

Bhí cúpla liric a bhí cumtha ag Gabriel Rosenstock ar fáil agus ar chuir Ó Murchú ceol leo, gó háirithe ‘Fíon Fionn na Gréige’ agus ‘Dul amú ort’. Bhí ‘Fan Liom’ ag Ó Murchú cheana agus ‘Róisín’, amhrán i stíl an cheoil tíre, ag Mac Séalaigh. Ag Rac a hAon a casadh an leagan nua rac de ‘Tír na n-Óg’ den chéad uair.

Tar éis Rac a hAon chinn an grúpa, a bhí fós faoin ainm Tŷ Bach, leanúint ar aghaidh ag seinm, rud a rinneadh i samhradh agus i bhfómhar na bliana sin i gcoláistí samhraidh Gaeilge i gceantar Chonamara agus ag Carnabhal Sráide Bhaile Átha Cliath. Bhí Tony Kennedy ag casadh anois ar an dord in áit Mick Brady, nach raibh ar fáil níos mó.

Agus 1984 ag druidim chun deiridh, bheartaigh Ó Murchú (guth), Mac Séalaigh (dord), Smith (giotár) agus McBride (drumaí) leanúint ar aghaidh mar ghrúpa de cheathrar. Bheartaigh siad tabhairt faoin gcleachtadh agus faoin gcumadóireacht go ceann roinnt míonna sula ndéanfaidís aon seinm go poiblí. I 1985, agus a n-ainm nua fógartha go poiblí, thug Na Fíréin faoi cheolchoirmeacha a sheinm in áit ar bith a mbeadh éileamh ar rac-ghrúpa Gaeilge, ar nós clubanna óige i mbailte timpeall na tíre agus sa Ghaeltacht, cumainn Ghaelacha, coláistí tríú leibhéil is araile.

De réir mar a bhí an t-am ag imeacht agus fuaim agus stór amhrán an bhanna á bhforbairt agus á leathnú, chinn an banna go raibh gá cur le héagsúlacht fuaime agus uirlisí agus tugadh seinnteoir méarchláir isteach darb ainm Mick O’Neill. Bhí fonn ar an ngrúpa chomh maith tabhairt faoi albam a thaifeadadh agus a eisiúint. D’éirigh leo, trí bhrú agus trí achainí, urraíocht a chur le chéile a dhíolfadh as cuid den chostas taifeadta agus thoiligh Gael Linn, in earrach na bliana 1986, fadcheirnín a eisiúint darbh ainm Sin Mar a Bhíonn. Chuaigh an fadcheirnín i bhfeidhm ar a lán daoine i measc phobal na Gaeilge agus i measc an aosa óig, agus sheinntí rianta ón gceirnín (‘Deireadh na Seachtaine’, ‘Sin mar a Bhíonn’ agus ‘Tír na nÓg’ go háirithe) go minic ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar stáisiúin eile.

D’fhág O’Neill an banna go luath ina dhiaidh sin agus tháinig John McGovern mar chomharba air. Tar éis bliana, d’fhág McGovern, agus iarradh ar Chaitríona Ní Threasaigh an méarchlár a sheinm ar bhonn rialta agus sa stiúideo taifeadta chomh maith. Chaith Ní Threasaigh roinnt blianta ag casadh an mhéarchláir leis an ngrúpa. Chaith Dónal Ó Faoláin tamall ag seinm an tsacsafóin leis an ngrúpa freisin.

Go ceann ceithre bliana ina dhiaidh sin, thaistil agus sheinn Na Fíréin ar fud na nGaeltachtaí agus na tíre, ón Rinn go Toraigh, ó Bhéal Feirste go Corcaigh, agus is iomaí clár teilifíse Gaeilge a raibh siad páirteach ann – Iris, Cúrsaí, Scaoil Amach an Bobailín agus eile. I 1990, d’eisigh an grúpa albam eile d’amhráin nua-cumtha dá gcuid féin. Beagáinín Níos Fearr ba theideal don albam a bhí ar caiséad amháin agus is ar lipéad an ghrúpa féin, Gealt, a eisíodh é. An bhliain dár gcionn eisíodh an t-aon dlúthdhiosca ón ngrúpa, ar lipéad Gael Linn, ar a bhfuil fiche amhrán ón dá albam a eisíodh roimhe sin.

Liosta Dioscaí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tŷ Bach[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • 1974 - Téanam Ort. Fadcheirnín (Outlet Records)
  • 1975 - 'Tír na nÓg’ / ‘Scioból’. Ceirnín singil (Outlet Records)

Na Fíréin[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • 1986 - Sin mar a Bhíonn. Fadcheirnín agus caiséad (Gael Linn)
    • ‘Deireadh na Seachtaine’ / ‘Dúnta i nGrá’. Ceirnín singil (Gael Linn)
    • ‘Sin mar a Bhíonn’ / Tóg Mé’. Ceirnín singil (Gael Linn)
  • 1990 - Beagáinín Níos Fearr. Albam ar chaiséad (Gealt)
  • 1991 - Na Fíréin. Dlúthdhiosca (Gael Linn)

Roinnt tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Meek, Bill (1974), ‘New Outlets’, Folk Scene, The Irish Times, 10 Meán Fómhair.
  • Butler, Tony (1974), ‘Pop goes the Irish’, Town Talk, The Evening Herald, 4 Deireadh Fómhair.
  • Prendergast Mark J (1987), Irish rock roots personalities directions, The O’Brien Press.
  • Ní Chéileachair, Sorcha (2004), 'Áiséirí na bhFíréan', Foinse, Meán Fómhair.
  • Ó Báille Ruaidhrí (1985), 'Éistimis leis Na Fíréin', Anois, 26 Bealtaine.
  • Ó Báille, Ruaidhrí (1986), 'Seo mar atá! LP Fíréanta do na cairteacha?', Anois, 14 Meán Fómhair.
  • Ó Báille, Ruaidhrí (1991), 'Sin mar a bhí?', Anois, 1-2 Meitheamh.
  • Ó Snodaigh, Colm (1992), ‘Ceol Nuachumtha, Nua-aimseartha agus an Teanga’, An tUltach, Nollaig, 25-33.
  • Anois, 14 Meán Fómhair, 1986.