Jump to content

Coláiste na nÉireannach i bPáras

Coláiste na nÉireannach i bPáras
Sonraí
CineálCliarscoil Chaitliceach agus coláiste sa Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinPáras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 48° 50′ 39″ N, 2° 20′ 45″ E / 48.84404°N,2.34595°E / 48.84404; 2.34595

Coláiste na nGael, Páras (nó Coláiste na nÉireannach i bPáras)[1] suite ar 5 rue des Irlandais sa 5ú arrondissement de chuid Pháras, ar an mBruach Clé (Fraincis: Collège des Irlandais, Laidin: Collegium Clericorum Hibernorum,[2] Béarla: Irish College in Paris).

Collège des Irlandais, Coláiste na nGael go dtí 1793, rue de la Vignette[3]
5 rue des Irlandais, 75005 Paris
Armas
clós

Bhunaigh John Lee an Coláiste timpeall 1600 agus tógadh na foirgnimh atá ann anois sna 1770idí.[4]

Ag an am, bhí ról ríthábhachtach ag Coláistí na nGael ar mhór-roinn na hEorpa i gcaomhnú léann agus litríocht na Gaeilge. Ba é Coláiste na nGael bPáras ar an gceann ba thábhachtaí díobh agus ina lárionad foghlama agus scoláireachta d’Éireannaigh thar lear.

  • MESSINGHAM, Thomas (c.1575–c.1638): Bhog sé go dtí an coláiste Éireannach agus bhain céim mháistir ann i 1613 agus fuair dochtúireacht ar ball ón Sorbón[5]
  • NARY, Cornelius (1658–1738): cuireadh go Coláiste na nÉireannach é[6]
  • Ó DUINNSHLÉIBHE, Aindrias (1680–1746): Chuaigh sé go Páras i 1710 agus i 1722 ceapadh é ina Mhaor ar Choláiste na nGael[7]
  • Ó GALLCHOBHAIR, Séamus (c.1684–1751): Fuair sé oideachas i gColáiste na nGael[8]
  • Ó BEAGLAOICH, Conchubhar (c. 1780idí-1730idí)) a scríobh An Focloir Bearla Gaoidheilge (1732)
  • PAOR, Eoin (1764–1831): Fuair sé oiliúint sagairt i gColáiste na nGael[9]
  • LYONS, John (1836–1908): D’fhreastail sé ar chliarscoil Naomh Uinseann i gCorcaigh roimh dhul go Coláiste na nGael dó[10]
  • MAG FHLAINN, Seán (1843–1915): Faoi 1863 bhí sé i gColáiste na nÉireannach[11]
  • Ó SÍTHIGH, David: Fuair sé oideachas i gColáiste na nGael lena dheartháir Eoghan sna 1860idí toisc nár theastaigh uathu mionn dílseachta a ghlacadh i Maigh Nuad. Cuireadh abhaile é nuair a bhí an calar forleata i bPáras in 1866[12]
  • Ó RIAIN, Mathúin (1844–1937): Fuair sé oideachas i gColáiste na nGael ar feadh ceithre bliana gur oirníodh é in 1871[13]
  • Ó LAOGHAIRE, Pádraig (1853–1932): Fuair sé oideachas i gColáiste na nGael mar ar oirníodh ina shagart é i Meitheamh 1879[14]
  • MAC GIOLLA SHEANAIGH, Tomás Eadbhard (1879–1931): Chuaigh sé go Coláiste na nGael in 1897[15]
  • DE BRÚN, Pádraig (1889–1960): Bhí a chúrsa diagachta críochnaithe aige i gColáiste na nÉireannach agus oirníodh ina shagart é i 1913[16]
  • Ó DOMHNAILL, Pádraig (1890–1953): bhuaigh sé scoláireacht dhá bhliain i gColáiste na nGael, mar a ndearna sé staidéar ar fhealsúnacht[17]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, the Irish College of Paris
  2. Charles Jourdain: Histoire de l’Université de Paris au XVIIe et au XVIIIe siècle. Hachette, Paris 1862, Addendum: Piéces justifivatives, 109.
  3. Bhí rue de la Vignette suite idir rue Saint-Victor agus rue des Fossés-Saint-Bernard, timpeall rue d'Arras, rue Monge, agus rue du Cardinal Lemoine inniu
  4. "Páras agus an chéad fhoclóir Béarla-Gaeilge riamh". archives-en.centreculturelirlandais.com. Dáta rochtana: 2026-06-20.
  5. "MESSINGHAM, Thomas (c.1575–c.1638)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-12-27.
  6. "NARY, Cornelius (1658–1738)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-12-27.
  7. "Ó DUINNSHLÉIBHE, Aindrias (1680–1746)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-12-27.
  8. "Ó GALLCHOBHAIR, Séamus (c.1684–1751)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-12-27.
  9. "PAOR, Eoin (1764–1831)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-12-27.
  10. "LYONS, John (1836–1908)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-12-27.
  11. "MAG FHLAINN, Seán (1843–1915)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-12-27.
  12. "NÍ SHÍTHIGH, Caitlín (1886–1938)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-12-27.
  13. "Ó RIAIN, Mathúin (1844–1937)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-12-27.
  14. "Ó LAOGHAIRE, Pádraig (1853–1932)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-12-27.
  15. "MAC GIOLLA SHEANAIGH, Tomás Eadbhard (1879–1931)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-12-27.
  16. "DE BRÚN, Pádraig (1889–1960)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-12-27.
  17. "Ó DOMHNAILL, Pádraig (1890–1953)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-12-27.
  18. Bridget Bhreathnach (18 Meitheamh 2026). "DIALANN TUAIRISC: Foclóir Uí Bheaglaoich fillte ar Pháras | An lá is faide sa mbliain anseo cheana féin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-06-18.