Colette (scríbhneoir)
Úrscéalaí Francach, mímeadóir, drámadóir agus iriseoir ba ea Sidonie-Gabrielle Colette (28 Eanáir 1873 – 3 Lúnasa 1954). Tugtar Colette uirthi de ghnáth. Bhí sí ar dhuine de na scríbhneoirí is suntasaí sa 20ú haois i litríocht na Fraince; mar scríbhneoir ceannródaíoch, thuill sé clú dó féin i gcúrsaí na mban; ag an am céanna, tharraing sí scannal go leor le linn a saoil, bean na Belle Eopoque gan náire.




Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Colette i Saint-Sauveur-en-Puisaye, i mBourgogne i lár na Fraince. Phós sí Henry Gauthier-Villars, ar a dtugtaí Willy, a bhí ina scríbhneoir agus ina fhoilsitheoir. Scríobh sí sraith úrscéalta Claudine (1895–1903), a bhain cáil ollmhór amach ag an am. Ach rinneadh dúshaothrú uirthi, agus fágadh gan pingin gan bonn í
Tar éis colscaradh ó Willy, ghlac Colette a neamhspleáchas mar aisteoir sa cabaret agus mar mímeadóir.
Tháinig an t-úrscéal, La Vagabonde, amach sa bhliain 2010. Scríobh sí go leor ina dhiaidh sin, dírithe ar an saol pósta, gnéasacht agus ról na mban sa tsochaí, téamaí a bhí réabhlóideach ag an am. Bhí clú an fheiminigh uirthi, ach ní sí ró-tógtha leis an bhfeimineachas i ndáiríre.
Grá
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Colette i ngrá arís agus arís eile i rith a saoil, agus bhí a gréasán caidreamh chomh casta agus a bhí sé paiseanta. D'éirigh sí ina bean "neamhspleách" (ó 1906 ar aghaidh). Déghnéasach agus duine an-ghnaíúi, mheall sí grá ó fhir agus ó mhná araon, rud a bhí neamhchoitianta ag an am.
💔 Henry Gauthier-Villars ("Willy")
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é a céad fhear céile Henry Gauthier-Villars, ar a dtugtaí Willy, foilsitheoir agus banaí par excellence. Cé gur chuir sé Colette i mbun scríbhneoireachta, rinne sé dúshaothrú uirthi trína saothair a fhoilsiú faoina ainm féin. Bhí an caidreamh lán le mí-ionracas agus le mí-úsáid, agus ar deireadh scar siad i 1906.
❤️ Mathilde de Morny ("Missy")
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis di scaradh ó Willy, thosaigh Colette caidreamh paiseanta le Mathilde de Morny, ar a dtugtaí Missy. Ba dhuine uasal agus ealaíontóir í Missy. Tharraing an caidreamh conspóid ag an am, agus nuair a rinne siad pógadh ar stáitse in 1907 agus Colette leath-nocht (i dráma darbh ainm Rêve d’Égypte),tharla círéib san amharclann, an Moulin-Rouge .
💍 Henry de Jouvenel
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phós Colette arís i 1912, an uair seo le Henry de Jouvenel, iriseoir agus polaiteoir. Bhí siad le chéile ar feadh roinnt blianta, ach bhí fadhbanna acu, go háirithe nuair a thosaigh Colette caidreamh le mac Henry féin ó phósadh eile—Bertrand de Jouvenel, a bhí 16 bliana d’aois ag an am.[1]
💞 Maurice Goudeket
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é an fear ba dhílse di Maurice Goudeket, léirmheastóir ealaíne; phós sí é i 1935. Cé go raibh sé i bhfad níos óige ná Colette, bhí siad an-dlúth, agus sheas sé léi go dtí lá a báis. Giúdach ba ea Goudeket, agus le linn an Dara Cogadh Domhanda, gabh na Naitsithe é i bPáras. Rinne Colette gach iarracht é a scaoileadh saor agus d'éirigh léi faoi dheireadh.
Ag rith is ag rás
Ní hamháin go raibh Colette i ngrá le daoine, ach bhí sí i ngrá leis an saol, leis an dúlra, agus leis an ealaín. Bhí an grá lárnach ina saol agus ina cuid scríbhneoireachta. Léirigh sí an grá mar rud ilghnéitheach, paiseanta agus casta ina cuid saothar, go háirithe i Chéri agus Le Blé en herbe.
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba bhall d’Académie Goncourt í agus bhí sí ar dhuine de na chéad mhná a bhain cáil amach i saol na litríochta sa Fhrainc. Bhásaigh sí i 1954 agus cuireadh í i reilig Père Lachaise i bPáras.
Bhí sochraid ollmhór uirthi; tugadh sochraid Stáit di fiú, an chéad bhean riamh a bhfuair an onóir seo sa bhFrainc.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc a cuid saothar is cáiliúla tá:
- Chéri (1920) – scéal faoi chaidreamh idir bean aibí agus fear óg.
- Le Blé en herbe (1923) – úrscéal a phléann fás agus aibíocht gnéasach.
- Gigi (1944) – scéal faoina óige agus an grá, a spreag an scannán cáiliúil den ainm céanna.