Colúnaí crá croí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le colúnaí crá croí ná colúnaí ar nuachtán nó ar iris a bhíonn ag tabhairt comhairle do na léitheoirí i gcúrsaí grá, caidrimh nó fiú craicinn. Bíonn na léitheoirí ag cur litreacha chuige nó chuici, agus an colúnaí á bhfreagairt. Go minic, ní bhíonn i gceist leis an "údar" ach sórt branda, agus foireann iomlán ag scríobh agus ag freagairt na litreach thar cionn an "údair".