Jump to content

Coláiste Ráithín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaColáiste Ráithín
Sonraí
Cineálscoil Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1990
Bré
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Lipéad sa teanga dhúchais(ga) Bré Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálÁit lonnaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Achar dromchla7.55 km²
Airde os cionn na farraige18 m
Map
 53° 12′ 05″ N, 6° 06′ 39″ O / 53.2014°N,6.1108°W / 53.2014; -6.1108
ID GeoNames2966022
ID logainm16662
Suíomh gréasáin oifigiúilbraytowncouncil.ie

Gaelcholáiste lán-Ghaeilge, faoi stiúir an Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin, is ea Coláiste Ráithín, suite i mBré, Contae Chill Mhantáin.[1]

Bunaíodh an mheánscoil sa bhliain 1990. Ba é Gearóid Ó Ciaráin an príomhoide ó 1990 go dtí 2018.

Tá áiseanna den scoth ag an Coláiste agus foirgneamh nua tógtha in 2018/2019.[2]

Ceapadh Déaglán Ó Laoire mar Phríomhoide in 2020.

Cé go bhfuil an-bhéim ar na himeachtaí eis-churaclama seo, éiríonn thar barr leis na daltaí sna scrúduithe stáit, tá sé ar cheann de na scoileanna is fearr sa tír ó thaobh torthaí na hArdteiste agus an Teastais Shóisearaigh i gCó Chill Mhantáin.[3]

In agallamh le Tuairisc.ie in 2024, dúirt Príomhoide Deaglán Ó Laoire go raibh an t-easnamh mór sa soláthar múinteoirí le Gaeilge ag cur as do chaighdeán an oideachais lán-Ghaeilge. Dúirt sé nach raibh Gaeilge ach ag 25% de na múinteoirí a bhí ag obair sa scoil toisc go raibh sé chomh deacair múinteoirí cáilithe a earcú. Dúirt sé go raibh sé “beagnach dodhéanta” múinteoirí le Gaeilge a earcú.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Coláiste Ráithín. "www.ráithín.ie" (English). www.ráithín.ie. Dáta rochtana: 2024-08-31.
  2. Vimeo (2018). "Físeán". Dáta rochtana: 2024.
  3. "Ten Wicklow schools in list of top 400" (en). Irish Independent (2017-09-01). Dáta rochtana: 2024-08-31.
  4. Méabh Ní Thuathaláin (27 Lúnasa 2024). "‘Ceap magaidh go bhfuil 25% de na múinteoirí atá ag múineadh i nGaelcholáiste gan Ghaeilge’ – Príomhoide" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-08-31.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]