Coinbhinsiún Vín
| ||||
| Law identifier (en) | 平成20年条約第8号 | |||
|---|---|---|---|---|
| Cineál | conradh de chuid na Náisiún Aontaithe | |||
| Bailíocht | 11 Aibreán 1980 - | |||
← Convention Relating to a Uniform Law on the International Sale of Goods (en)
← Convention Relating to a Uniform Law on the Formation of Contracts for the International Sale of Goods (en) → | ||||
| Suíomh | Vín, An Ostair | |||
| Taisce | Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe | |||
| Saothar iomlán ar fáil ag URL | treaties.un.org… | |||
Conradh dlí idirnáisúnta de chuid Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Dhlí Trádála Idirnáisiúnta (Béarla: UN Commission on International Trade Law, UNCITRAL) is ea Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Conarthaí faoi Dhíol Idirnáisiúnta Earraí, ar a thugtar Coinbhinsiún Vín go minic. Níl Éire mar chuid den gCoinbhinsiún seo.[1]
Soláthraíonn an conradh seo rialacha le cur i bhfeidhm ar chonarthaí idirnáisiúnta a bhaineann le hearraí a dhíol. Ní bhaineann an Coinbhinsiún le freagracht an díoltóra as gortú a chúisíonn na hearraí, ná le bailíocht chonartha ná le cearta maoine.
De réir Airteagal 11, ní gá go mbeadh an conradh trádála i scríbhinn. Tugann Airteagal 12 cead do thíortha áfach é a dhéanamh riachtanach go mbeadh aon chonradh trádála earraí i bhfoirm scríofa.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Náisiúin Aontaithe. "Coinbhinsiún Vín". Dáta rochtana: Samhain 2024.
