Coinbhinsiún maidir le haontú rialacha áirithe i dtaca le hiompar idirnáisiúnta d'aer, 1929

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCoinbhinsiún maidir le haontú rialacha áirithe i dtaca le hiompar idirnáisiúnta d'aer, 1929
Cineálconradh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana1929 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhVársá, An Pholainn Cuir in eagar ar Wikidata
TaisceCouncil of Ministers (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Aer Lingus fadó

Ar an 12 Deireadh Fómhair 1929 i Vársá, síníodh an Coinbhinsiún maidir le haontú rialacha áirithe i dtaca le hiompar idirnáisiúnta d'aer, an Coinbhinsiún Vársá.

Ba é Coinbhinsiún Vársá an chéad chonradh iltaobhach domhanda a rinne iarracht rialacha maidir le dlí a bhaineann leis an ngné sin den eitlíocht shibhialta a aontú.[1] Tháinig sé i bhfeidhm ar 13 Feabhra 1935. Bhí Saorstát Éireann ina pháirtí ann ón mbliain 1935 agus thug an tAcht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936 feidhm dlí sa Saorstát dó.[2]

Faoi láthair tá feidhm dlí sa Stát ag Coinbhinsiún Vársá (arna leasú sa Háig sa bhliain 1955) trí alt 4 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Coinbhinsiúin Idirnáisiúnta), 2004, mar an gcéanna le Coinbhinsiún Montréal (dar teideal Coinbhinsiún maidir le haontú rialacha áirithe i dtaca le hiompar idirnáisiúnta d'aer freisin) a tháinig in ionad an dá chonradh a bhí ann roimhe sin chomh fada is atá an chuid is mó tíortha (agus an tAontas Eorpach) i gceist.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2020-10-12). "coinbhinsiún Vársá" (zh-Hans). zh-cn.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-10-12.
  2. oireachtas.ie ((Bille 25 de 1936)). "Bille um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936". Dáta rochtana: 1936.