An Coimisinéir Gaeilge
| Dlínse | Tuaisceart Éireann |
|---|
Is post é An Coimisinéir Gaeilge (Béarla: Irish language Commissioner) a chruthaigh an Identity and Language (Northern Ireland ) Act 2022 (Acht Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) 2022) chun cearta teanga cainteoirí Gaeilge sa dlínse a chur chun cinn agus a chosaint. [1] Ceapann Feidhmeannas Thuaisceart Éirean an Coimisinéir Gaeilge, chomh maith leis an Coimisinéir don Traidisiún Albanach Ultach agus don Traidisiún Briotanach Ultach[1]
Measann roinnt polaiteoirí Dílseacha go bhfuil an ceapachán conspóideach.[2]
Ceapadh Pól Deeds mar Choimisinéir Gaeilge ar an 27 Deireadh Fómhair 2025 agus chuaigh sé i mbun a phoist ar an 13 Samhain 2025, go ceann tréimhse cúig bliana.[3] Is í an phríomhaidhm atá ag an gCoimisinéir Gaeilge ná úsáid na Gaeilge ag údaráis phoiblí maidir le seirbhísí a sholáthar don phobal nó do chuid den phobal a fheabhsú agus a chosaint.
Oifig an Choimisinéara
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá oifig an Choimisinéara lonnaithe ar an tríú hurlár, Teach an Chomhionannais, 7-9 Cearnóg Shaftesbury i mBéal Feirste. Tá ráite ag Deeds go mbeidh an oifig ag feidhmiú trí Ghaeilge.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Coimisinéir Teanga, post atá cosúil go leor leis sa Phoblacht.
- Identity and Language (Northern Ireland) Act 2022
- Language Commissioners and Director of the Office of Identity and Cultural Expression appointed
- “Tá feidhmeanna soiléire luaite a thugann cumhacht don Choimisinéir Gaeilge”: Ré Nua tagtha faoi dheireadh[nasc briste go buan]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi Thuaisceart Éireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |