Coimhlint sa tSiria, Nollaig 2024-inniu
| ||||
| Cineál | ceannairc conspóid | |||
|---|---|---|---|---|
| Cuid de | Cogadh cathartha na Siria | |||
| Tréimhse | 11 Nollaig 2024 - | |||
| Suíomh | Latakia Governorate, An tSiria (en) Tartus Governorate, An tSiria (en) Hama Governorate, An tSiria (en) Homs Governorate, An tSiria (en) | |||
| Tír | an tSiria | |||
Thosaigh Coimhlint sa tSiria i Nollaig 2024 nuair a tháinig an grúpa Hayat Tahrir al-Sham (HTS) i gceannas ar an tír. Bhí an mionlach Alabhaí,[1] pobail feadh chósta na tíre, luaite leis an iar-uachtarán (agus forlámhaí) Bashar al-Assad. Bhí fonn mallaithe díoltais ar dhaoine áirithe sa rialtas nua. Bhris ráigeanna foréigin amach anois is arís.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is deargnaimhde iad na hAlabhaítigh ag na Sunnaígh antoisceacha, ach is deargnaimhde iad le stát Iosrael os rud é gurb na Ba’ataigh (agus dá bhrí sin na hAlabhaítigh) a thugann tacaíocht do Hezbollah sa Liobáin go stairiúil.
I mí na Samhna / Nollag 2024. chuir ionsaí tobann ó ghrúpaí reibiliúnacha Ioslamacha deireadh le réimeas mhuintir Assad a bhí ann le 54 bhliain (ó 1970). Bhí an fórsa HTS, a bhí ceangailte tráth le Al Qaeda, i gceannas ar an gceannairc. Sna 2020idí, bhí an ghluaiseacht seo maoinithe, armtha agus tréanáilte go mór ag an Tuirc agus ag ríochtaí na Murascaile Peirsí.[2]
Bhí cumhacht díréireach ag na hAlabhaítigh ar an tír go dtí gur cloíodh al-Assad sa bhliain 2024 agus tháinig Cogadh Cathartha na Siria, 2011-2024, chun críche. Ansin cuireadh an pobal Alabhaí faoi bhrú nuair a dhaingnigh na ceannaircigh a ngreim ar an tír.[3]
Márta 2025
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh an slad i dtús mhí an Mhárta 2025 tar éis luíocháin a rinne trodairí Alabhaíteacha (grúpa a bhí dílis i gcónaí don iar-Uachtarán Bashar al-Assad), ar throdairí HTS i gceantar nach mbeadh aon fháilte roimh an réimeas nua.[2] Ina dhiaidh sin, chuaigh fórsaí an rialtais ansin i ngleic leo. Chuir an ceannaire nua fórsaí míleata sa bhreis chuig ceantar Latakia, fórsaí a bhí mí-eagraithe agus gan smacht. As sin ar aghaidh thosaigh HTS ag tabhairt faoi shlad i gcoinne sibhialtach. Bhí breis is 800 sibhialtach (b'fhéidir i bhfad níos mó) maraithe.
Bhí an tír ina cíor thuathail amach is amach agus an ainriail i réim feadh chósta na tíre.
Dúirt Uachtarán na Siria, Ahmed al-Sharaa go raibh an tSiria i mbaol ó chogadh cathartha aon uair amháin eile. Chun an teannas a mhaolú, mhaígh sé go raibh coiste neamhspleách bunaithe aige leis an scéal seo a fhiosrú.
D'iarr na Náisiúin Aontaithe ar cheannasaíocht eatramhach na tíre saoránaigh a chosaint ón bhforéigean seo. Pléadh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an ghéarchéim ag cruinniú speisialta ar an 11 Márta.[3]
Iosrael
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ó a tháinig HTS i gcumhacht i gcathair na Damaisce, ghabh stát Iosrael codanna suntasacha den tSiria. Bhí rialtas HTS ró-lag chun dul i ngleic le hIosrael.
Taidhleoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 14 Bealtaine 2025, bhí cruinniú ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump le Ahmed al-Shara. Dúirt Trump go raibh na Stáit Aontaithe ag cur deireadh leis na smachtbhannaí a bhí acu ar an tSiria, athrú mór ar pholasaí a thíre. Cruinniú eisceachtúil a bhí sa gcruinniú seo mar is é sin an chéad uair le 25 bliain a chas ceannaire an dá thír sin ar a chéile.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, Alawite
- ↑ 2.0 2.1 Cathal Ó Murchú – An Páipéar (2025-03-21). "Cinedhíothú faoi Chiúnas i gcoinne an Phobail Alabhaítigh" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-03-26.
- ↑ 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2025-03-09). "Sléacht agus marú á thuairisciú sa tSiria" (as ga-IE).
- ↑ "70 Palaistíneach eile ar a laghad maraithe in ionsaithe Iosrael" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-05-14). Dáta rochtana: 2025-05-14.
