Coimeádaigh agus Aontachtaithe Uladh
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | páirtí polaitíochta |
| Idé-eolaíocht pholaitíochta | Aontachtóirí na hÉireann |
| Ailíniú polaitíochta | ar dheis ón lár |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | 2009 |
| Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 2012 |
| Eile | |
| Dath | |
| Suíomh gréasáin | voteforchangeni.com |
Ba chomhghuaillíocht pholaitiúil i dTuaisceart na Éireann é Coimeádaigh agus Aontachtaithe Uladh (Béarla: Ulster Conservatives and Unionists nó ainm cláraithe:Coimeádaigh agus Aontachtaithe Uladh - Fórsa Nua / Béarla: Ulster Conservatives and Unionists - New Force) agus bhí sé idir Pháirtí Aontachtach Uladh agus An Pháirtí Choimeádach na Ríochta Aontaithe
Toghchán na hEorpa 2009
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh an comhaontas sa bhliain 2009. Sa bhliain sin, sheas Jim Nicholson mar chéad iarrthóir faoin lipéad seo i dToghchán na hEorpa 2009. Fuair sé 82,893 vóta (17%) agus toghadh ar Pharlaimint na hEorpa do Thuaisceart Éireann
Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, 2010
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 24 Feabhra 2010, d'fhógair an chomhghuaillíocht go seasfaidh siad i naoi thoghcheantar de chuid Tuaisceart Éireann don toghchán atá le teacht. Dúirt Sylvia Hermon, Teachta Parlaiminte don Dún Thuaidh, go raibh sí míshásta leis an chomhghuaillíocht ó 2009 agus d'fhág sí an PAU i mí Márta 2010. Chinn sí seasamh sa toghchán mar iarrthóir neamhspleách. Bhuafadh Hermon an suíochán arís.
Ar 7 Aibreán 2010, d'éirigh Tom Elliott as an toghchán i bhFear Manach agus Tír Eoghain Theas agus dúirt sé go dthabharfadh sé a thacaíocht ar Rodney Connor, iarrthóir "na haontachta Aontachtaí". Bheadh Connor gan rath sa toghchán.
Fuair an chomhghuaillíocht 102,361 vóta (15.2%) sa toghchán ach ní bhfuair siad aon suíochán ar bith.
Deireadh na comhghuaillíochta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sheas iarrthóirí de chuid Pháirtí Aontachtach Uladh faoina ainm páirtí féin i dToghchán an Tionóil 2011. Ar 14 Meitheamh 2012, d'athsheol na Coimeádaigh i dTuaisceart na Éireann mar Choimeádaigh Thuaisceart Éireann mar sin bhí an chomhghuaillíocht thart.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi Thuaisceart Éireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |