Coill Bhearna, Gaillimh
Cuma
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Baile fearainn | Bearna | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Tá Coill Bhearna suite ar imeall thiar Chathair na Gaillimhe. Ag Coill Bhearna atá an teorainn ar an taobh thiar den chathair.[1]
Is foraois dhuillsilteach í. Tá tobar naofa anseo; deirtear gur lig Naomh Éanna a scíth anseo ar feadh oíche sular thaisteal sé go hOileáin Árann.[2]
Caomhnú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta í an choill. Deir Cairde Choill Bhearna go bhfuil na crainnte i mbaol. Mhaígh na Cairde in 2022 go raibh sú á bhaint as crainnte sa choill.[3]
Eachtraí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí lomscrios déanta ar na crainn ársa ansin ag Stoirm Éowyn ag deireadh mhí Eanáir 2025. Leagadh crainn, ag blocáil an chosáin siúil in áiteanna. Bhí comhartha lasmuigh den bhealach isteach sa gcoill ina fógraíodh an choill dúnta.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2015-01-21). "Nuacht an Iarthair: Caillteanas mór an bád an Iúda Naofa" (as ga-IE).
- ↑ connemara.ie. "Silver Strand -Trá na gCeann Bearna" (ga-IE). Connemara & the Islands. Dáta rochtana: 2025-03-14.
- ↑ Molscéal (2022). "Sú á bhaint as crainnte i gCoill Bhearna" (ga-IE). Molscéal. Dáta rochtana: 2025-03-14.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-03-11). "Cén leigheas atá ann do Choill Bhearna" (as ga-IE).
