Jump to content

Cogadh trádála Trump

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCogadh trádála Trump
Íomhá
(2025) Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálgníomhaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósDonald Trump Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deeconomic policies of the Donald Trump administration (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse1 Feabhra 2025 - 
Rannpháirtí
Cúiseipidéim ópóideach sna Stáit Aontaithe
illegal immigration to the United States (en) Aistrigh
illegal immigration to the United States and crime (en) Aistrigh
deficit reduction in the United States (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Is cúis le2025 United States–Canada–Mexico trade war (en) Aistrigh
Cliseadh na stocmhargaí 2025 Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide
Codanna

In óráid a thug sé i dTeach na Comhdhála ar Chnoc an Chaipeatóil ar an 20 Eanáir 2025, d'fhógair Donald Trump go gcuirfeadh sé taraifí ar iompórtálacha na Stát Aontaithe,[1] rud a rinne sé coicís níos déanaí. Tháinig an tSín agus Ceanada faoi anáil na dtaraifí i mí Feabhra 2025. Cogadh trádála an toradh a bhí air.[2]

Bhí na scórtha ordú feidhmiúcháin sínithe ag Trump i mí Eanáir 2025
Comhardú na trádála de chuid na S-A,m de réir tíre, 2023
Márta 2024: seilfeanna folamh in Ontario, Ceanada; cosc ar Bourbon as na S-A

I mí Feabhra 2025, bunaíodh an ‘tSeirbhís Ioncaim Sheachtrach’[3] chun taraifí agus cánacha a bhailiú ó lasmuigh de na Stáit Aontaithe.

I mí Feabhra agus Márta 2025, ghearr na Stáit Aontaithe 20-45% de chostas breise ar earraí ón tSín a iompórtáiltear chuig na Stáit Aontaithe. Gearradh taraifí anseo is ansiúd ar earraí as Meicsiceo agus Ceanada chomh maith.

Ar an 12 Márta, tugadh isteach taraifí domhanda ar chruach agus alúmanam (25% de ghnáth, 45% ar an tSín).[4] As Meicsiceo agus Ceanada a cheannaíonn na Stáit Aontaithe formhór a gcuid cruach agus alúmanaim.[5]

Ar an 9 Aibreáin, ghearr na Stáit Aontaithe taraifí de 10% ar earraí (bhí cúpla eisceacht ann) ó gach tír ar domhan, seachas an tSín, 145%.[6]

Ar an 10 Bealtaine 2025, bhí "margadh" déanta idir na Stáit Aontaithe agus an tSín le taraifí cómhalartacha a ghearradh "go sealadach". Laghdaíodh taraifí na Síne ó bhreis is 100% go dtí 10%, agus taraifí na S-A ó 145% go dtí 30%.[7]

Neamhchinnteacht agus éiginnteacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh Trump ábalta cinneadh a dhéanamh i gcónaí; d'fhógair sé polasaithe nua go rialta, agus cúpla uair, cúpla lá nó cúpla seachtain níos déanaí, d'athraigh sé a phort. D'fhág Trump éiginnteacht ina dhiaidh, agus éiginnteacht faoi chúrsaí eacnamaíochta go háirithe.

Mar shampla ar an 11 Márta, bhí sé fógartha ag Trump go raibh sé le taraifí ar chruach agus ar alúmanam as Ceanada a dhúbailt ó 25% go 50% (as Ceanada a thagann 50% d'iompórtálacha alúmanaim agus 20% d'iompórtálacha cruach na Stát Aontaithe).[8] Cúpla uair níos déanaí, dúirt sé a mhalairt.

I mí Feabhra, cuireadh na taraifí a bhí le gearradh ar Mheicsiceo agus ar Cheanada ar athló ar dtús, tar éis teacht ar chomhaontú faoi cheisteanna a bhain leis an teorainn.[9][10] Dúirt an tUachtarán Trump go bhfanfadh na taraifí ar earraí ó Mheicsiceo go dtí go dtéann an tír sin i ngleic leis an 'imirce mídhleathach' chun na Stát Aontaithe, rud a rinne an Meicsiceo go díreach. 'Saoránaigh óna tíortha sin ag teacht go Meiriceá go mídhleathach chomh maith le fairsingiú an druga fentanyl faoi ndear na taraifí seo' a dúirt Trump. Chuir Rialtas Mheicsiceo le 10,000 garda náisiúnta ar dualgas ar a dtaobh féin den teorainn chun dul i ngleic le gáinneáil ar dhrugaí aneas.[9]

"Lá na Saoirse" agus U-chasadh ollmhór

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Trump "Lá na Saoirse" ar an 2 Aibreán agus d'fhógair sé taraifí nua.[11] Thit an tóin as na stocmhargaí. Ar an 8/9 Aibreán d'ardaigh an Treasury 30 bliain go 5.00% agus tháinig méadú 12bp ar CDS 5 bliain na Stát Aontaithe (30 go 42bp).[12][13] Buaileadh na bancanna agus na cistí fálaithe go dona. Luaineacht ábhalmhór a bhí ann.[14][15]

Seachtain amháin níos déanaí, ar an 9 Aibreán, rinne Trump U-chasadh ollmhór; d'fhógair sé sos 90 lá maidir leis na taraifí arda a bhí beartaithe aige a ghearradh ar go leor tíortha. Go gairid ina dhiaidh sin, ar an 9 Aibreán, d'ardaigh an NASDAQ 12% agus an S&P500 10%.[16]

Ghearr an tSín 10%-15% de chostas breise ar earraí ó na Stáit Aontaithe ar dtús, ar bhia ón Iarthar Láir go háirithe.[17][18] Ardaíodh na taraifí go dtí 125% tamaill níos déanaí, agus ansin 10% ón 10 Bealtaine ar aghaidh.

Ghearr an tAontas Eorpach fritararifí ar luach €26 billiún d'earraí as na Stáit Aontaithe (chun teacht i bhfeidhm i mí Aibreáin). Gearrfar iad ar raon leathan earraí as Meiriceá – báid, gluaisrothair agus bourbon ina measc.[19][20][21][22]

Ghearr Ceanada taraifí idir 10-25% ar earraí ó Mheiriceá i mí Feabhra.[23] Cuireadh cosc fiú ar Bourbon as na S-A. Ach níor bhuail Ceanada earnáil na seirbhísí, seirbhísí airgeadais na Stát Aontaithe go háirithe. Ceannaíonn Ceanada seirbhísí ó na Stáit Aontaithe an chuid is mó.

Físeán: Trump ar an 26 Márta 2025 (ag 3n20 ar aghaidh)
Físeán: 2 Aib 2025 - Taylor Budowich, Stephen Miller, Karoline Leavitt agus U.S. Trade Representative Jamieson Greer

Dúirt eacnamaithe go mbuailfear fás eacnamaíochta go domhanda. Bhí imní léirithe go gcuirfeadh na taraifí seo le ráta boilscithe na Stát Aontaithe.[24] Tháinig maolú ar an ráta fáis agus ar an 9 Márta, thit luachanna ar an stocmhargadh sna S-A go tobann.[25][26]

Cuireadh stad ar luach $600 billiún tráchtála idir an tSín agus na Stáit Aontaithe i mí Aibreáin 2025, dochar déanta do ghréasáin soláthair, daoine ligthe chun siúil agus imní go forleathan faoi bhoilsciú (sna S-A) gan borradh geilleagair.[7]

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin nár mhór don Aontas Eorpach agus do na Stáit Aontaithe comhoibriú le chéile i dtaca le cúrsaí trádála mar go mbeadh daoine sa dá áit thíos leis.[27]

Údar imní níos mó an bhagairt d’Éirinn ná d’aon tír eile san Aontas Eorpach mar gur go dtí na Stáit Aontaithe a sheolann Eire sciar níos mó dár n-easpórtálacha ná ballstáit eile. Is leis na Stáit Aontaithe is mó a dhíolann an tír seo earraí, luach €54 billiún ar fad in 2024. Earraí cógaisíochta agus leighis a thuilleann €36 billiún de sin agus comhlachtaí Meiriceánacha a dhéanann a bhformhór anseo.[5] Má chuireann Trump taraifí ar iompórtálacha i bhfeidhm mar atá geallta aige, cuirfear brú ar sciar d’easpórtálacha na hÉireann chun na Stát Aontaithe.

Is féidir le caomhnaitheacht na S-A cur isteach go mór ar gheilleagar na hÉireann. Ach má chuireann Trump agus an móramh poblachtach i gComhdháil na Stát Aontaithe iachall ar chomhlachtaí Meiriceánacha cáin a íoc sna Stáit ar chéatadán níos airde dá mbrabúis, laghdófar an teacht isteach ón gcáin chorparáide a íocann na comhlachtaí sin in Éirinn.[28][29]

In 2024, chuir cáineadh na hÉireann ar ionsaithe Iosrael ar Ghaza míshásamh ar Uachtarán na Stát Aontaithe.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Donald Trump le hinsealbú mar an 47ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-01-20). Dáta rochtana: 2025-01-21.
  2. Martin Wolf (2025-03-25). "Trumponomics is putting lipstick on a policy pig". Financial Times. Dáta rochtana: 2025-04-10.
  3. i mBéarla, External Revenue Service
  4. Elisabeth Buchwald (2025-03-12). "Trump imposes sweeping 25% steel and aluminum tariffs. Canada and Europe swiftly retaliate | CNN Business" (en). CNN. Dáta rochtana: 2025-03-12.
  5. 5.0 5.1 "Deir an tAE go mbeadh taraifí an Uachtaráin Trump neamhdhleathach, gan údar agus go ndéanfaidís dochar" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-02-10). Dáta rochtana: 2025-03-12.
  6. "Trump Tariffs on China Actually 145%, Says White House" (en-US). WSJ. Dáta rochtana: 2025-04-10.
  7. 7.0 7.1 Nuacht RTÉ (2025-05-12). "Margadh sealadach idir Meiriceá agus an tSín faoi Tharaifí Trump" (as ga-IE). 
  8. Nuacht RTÉ (2025-03-11). "Trump le taraifí ar tháirgí as Ceanada a dhúbailt" (as ga-IE). 
  9. 9.0 9.1 Nuacht RTÉ (2025-02-03). "Taraifí ar Mheicsiceo curtha ar athló ag Trump" (as ga-IE). 
  10. reuters.com (3 Fea 2025). "White House says Canada has 'misunderstood' tariff order as a trade war, Mexico is 'serious'". Dáta rochtana: 3 Fea 2025.
  11. Joanna Stern, Adrienne Tong and Nicole Nguyen. "Here’s the iPhone. Here’s the iPhone With Tariffs." (en-US). WSJ. Dáta rochtana: 2025-04-10.
  12. "United States CDS 5 Years USD Bond Yield" (en). Investing.com (2025-04-08). Dáta rochtana: 2025-04-10.
  13. Harriet Agnew, Arjun Neil Alim, Costas Mourselas, Kate Duguid (2025-04-09). "US Treasuries sell-off deepens as ‘safe haven’ status challenged". Financial Times. Dáta rochtana: 2025-04-10.
  14. Josh Dawsey. "Lutnick’s Strategy Flummoxes Business Leaders and White House Aides" (en-US). WSJ. Dáta rochtana: 2025-04-10.
  15. Jack Pitcher and Isabella Simonetti. "The False Tariff Headline That Sent Stocks on a $2 Trillion Ride" (en-US). WSJ. Dáta rochtana: 2025-04-10.
  16. "Sos taraifí 90 lá fógartha ag Donald Trump, taraif ar an tSín ardaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-04-09). Dáta rochtana: 2025-04-10.
  17. "China strikes back at Trump tariffs with 15% levies targeting US farmers" (en). AP News (2025-03-10). Dáta rochtana: 2025-03-12.
  18. No Author (2025-03-10). "China deploys food as a high-impact, low-cost weapon in tariff fight" (en). The Japan Times. Dáta rochtana: 2025-03-11.
  19. "Commission responds to unjustified US steel and aluminium tariffs with countermeasures *". European Commission - European Commission. Dáta rochtana: 2025-03-12.
  20. "Taraifí díoltais fógartha ag an Aontas Eorpach agus ag géarú ar chath trádála Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-03-12). Dáta rochtana: 2025-03-12.
  21. Nuacht RTÉ (2025-05-09). ""Ba bhreá liom bualadh le von der Leyen. Tá sí go hiontach!"" (as ga-IE). 
  22. Nuacht RTÉ (2025-03-12). "Fritaraifí le gearradh ag an Aontas Eorpach ar earraí as Meiriceá" (as ga-IE). 
  23. Nuacht RTÉ (2025-02-02). "Cogadh trádála ar na bacáin ceaptar a bhuíochas do Trump" (as ga-IE). 
  24. Nuacht RTÉ (2025-02-01). "Trump le dul chun cinn le taraifí" (as ga-IE). 
  25. Mari Novik, Ian Smith, George Steer (2025-03-11). "Wall Street slide pulls S&P 500 into correction territory". Financial Times. Dáta rochtana: 2025-03-11.
  26. Joshua Franklin, James Politi, Ian Smith, George Steer (2025-03-11). "Wall Street loses hope in a ‘Trump put’ for markets". Financial Times. Dáta rochtana: 2025-03-11.
  27. Nuacht RTÉ (2025-02-03). "Ceannairí Eorpacha i ndáil chomhairle faoi pholasaithe Trump" (as ga-IE). 
  28. Cathal Mac Coille (4 Eanáir 2025). "SÚIL ROMHAINN: Trump, toghchán uachtaránachta agus tithíocht i gcónaí – dúshláin 2025" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-03.
  29. Michelle Nic Pháidín (2025-02-03). "Troid Taraifí Trump: cad é atá i ndán d’Éirinn? < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2025-02-03.