Jump to content

Cogadh na Stát Aontaithe agus Iosrael in aghaidh na hIaráine

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCogadh na Stát Aontaithe agus Iosrael in aghaidh na hIaráine
Colláis
Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 35° 41′ 20″ N, 51° 23′ 23″ E / 35.6889°N,51.3897°E / 35.6889; 51.3897
Cineáloibríocht mhíleata
air offensive (en) Aistrigh
warfare and armed conflicts (en) Aistrigh
crime of aggression (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deMiddle Eastern crisis (en) Aistrigh agus Iran–Israel conflict (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse28 Feabhra - 8 Aibreán 2026
Dáta na bliana2026 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhTehran, An Iaráin
Qom, An Iaráin
Kermanshah, An Iaráin
Isfahan, An Iaráin
Karaj, An Iaráin
Bushehr, An Iaráin
Minab, An Iaráin
Stáit Aontaithe Mheiriceá, SAM
Iosrael
an Iaráin, An Iaráin
Ray, An Iaráin Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Iaráin Cuir in eagar ar Wikidata
Spriocan Iaráin Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna at least (en) Aistrigh 4,859
13 Stáit Aontaithe Mheiriceá
15 Iosrael
1,444 an Iaráin
687 an Liobáin Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe12,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireIosrael
Stáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide
Codanna

D’ionsaigh Iosrael agus na Stáit Aontaithe Rialtas na hIaráine ar an 28 Feabhra 2026, ionsaí gan choinne a chuir tús le cogadh sa Mheánoirthear.[1] D'fhág an Cogadh muintir na hIaráine idir dhá thine Bhealtaine – tine taobh istigh agus tine taobh amuigh. Bhí muintir na hIaráine ina ngialla ag a rialtas féin, aon uair amháin eile, ach fós féin is é an tromluí is measa acu ar tharla dá gcomharsana de bharr ‘cabhair’ an iarthair.[2]

Ag an am céanna bhí Donald Trump sáinnithe idir dhá thine Bhealtaine sa Chaolas Hormuz.[3] Tá tábhacht eacnamaíochta thar na bearta ag baint leis an gcoigeal sin ós tríd a sheachadtar sciar suntasach de sholáthairtí ola agus gáis an domhain.[4]

Ar an 7 Aibreán, d’fhógair Trump ‘sos cogaidh’ coicíse.[5]

Bhí níos mó ná 2,000 duine maraithe, 28 Feabhra-25 Márta, le hionsaithe ag Iosrael agus na S-A ar an Iaráin. Ina theannta sin, mharaigh Iosrael níos mó ná 1,000 duine sa Liobáin agus cuireadh an.ruaig ar na daoine a bhí ina gcónaí i deisceart na tíre, os cionn milliún.[6]

Físeán: Fógra de chuid Trump, 28 Feabhra 2026
Físeán: Trump, 1 Márta 2026
"Búir Leoin" i Reilig Kfar Giladi san Iosrael
Sheol Iosrael 200 scairdtrodaire ar an 28 Feabhra 2026, an t-aerfhórsa iomlán (F-16 anseo sa phictiúir seo),
Físeán: ionsaithe na S-A (díolaim)
Físeán: Díolaim eile de chuid na S-A (tá go leor ann)
Físeán: Trump ar an 2 Márta i searmanas bronnta
Ionsaí ar scoil i Minab, 28 Feabhra
Tórraimh na gcailíní (cuid) i Minab
Mojtaba Khamenei, ceapadh é mar Ayatollah ar an 8 Márta 2026 (anseo in 2019)
2026-03-07: íomhá ó spás - tinte ó smacht ar fud Tehran nuair a bhuaileadh na scaglanna ola => thit báisteach dhubh agus nimhiúil ; rinne an truailliú an t-aer do-análaithe ar fud na cathrach.
Físeán, 3 Márta, aimiréal Brad Cooper, ceannasaí CENTCOM, agus a "huasdátú" (4 nóiméad)
Físeán: Trump, 11 Márta
16 Márta: Labhair JD Vance don chéad uair, ag 15n 26s

Bhí buairt agus imní ann ó na 2000idí go mbeadh an Iaráin in ann buama núicléach a chur le chéile.[7] Bhí an Iaráin ag maíomh le fada nach raibh ach spriocanna síochána lena clár núicléach. Ach níor chreid Iosrael riamh an scéal sin. Dúirt na hIaránaigh i gcónaí nach raibh aon airm núicléacha á bhforbairt acu agus gur mar fhoinse fuinnimh amháin a bhí úráiniam á shaibhriú acu.[8]

Rinneadh Socrú núicléach leis an Iaráin in 2015, an JCPOA.[9] D’éirigh na Stáit Aontaithe, faoi stiúir Trump, as an Socrú ar an 8 Bealtaine 2018. Cháin sé an Socrú mar "an margadh is measa riamh".

Seach-chogaí a bhí ann go hairithe roimh Meitheamh 2025. Agus buaileadh an Iaráin agus a comhghuaillithe go dona. Theith Bashar al-Assad an tSiria sa bhliain 2024. Briseadh Hamas i nGaza agus Hezbollah sa Liobáin.[10]

I dtús 2026, bhí Iosrael agus na Stáit Aontaithe uilechumhachtach sa réigiún

28 Feabhra 2026

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 28 Feabhra, chuir Iosrael tús le "blitzkrieg". Thug Iosrael an t-ainm "Búir Leoin" ar an "oibríocht" (i gcuimhne ar Yosef Trumpeldor, a maraíodh ar an 28 Feabhra 1920 i Cath Tel Hai).[11][12] Bhí ainm eile ag na Stáit Aontaithe ar an oibríocht, ‘Fiúir Éachtach’ (Epic Fury).

Ionsaithe gan choinne, de chuid Iosrael go háirithe, a bhí ann ar an 28 Feabhra. Bhí na Stáit Aontaithe i mbun idirbheartaíochta le Rialtas na hIaráine agus bhí dea-chuma ar an scéal.

Ach sárdheis a bhí ann ar an 28 Feabhra; tháinig rialtas na hIaráine le chéile sa ceanncheathrú de chuid an Ayatollah;  bhí barraíocht de thuairim díobh féin acu is cosúil.

Ar an gcéad lá, sheol Iosrael 200 scairdtrodaire, gach ceann a bhí acu agus thosaigh na hionsaithe i lár an lae ghil (timpeall 9.45am i dTeheran). Éacht dodhéanta, a cheap na hIaránaigh agus mar sin, ní raibh ceannairí an rialtas ina mbuncair.

Mharaigh Iosrael ceannairí polaitiúla agus míleata go leor i lárionad an rialtais:[13]  

  • Ayatollah Ali Khamenei.  Maraíodh a iníon agus garmhac chomh maith. Gortaíodh a bhean, Mansoureh Khojasteh Bagherzadeh agus a mhac, Mojtaba Khamenei (ceapadh é mar Ayatollah ar an 8 Márta 2026).
  • Maorghinearál Mohammad Pakpour, Ardcheannasaí,  Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (CGRI).[14]
  • Aziz Nasirzadeh, Aire Cosanta
  • Mohammad Mohammadi Golpayegani, Ceann Foirne an Ayatollah
  • Ali Shamkhani, Rúnaí Comhairle Cosanta na hIaráine
  • Maorghinearál Abdolrahim Mousavi, Ardcheannasaí, Fórsaí Armtha na hIaráine (an t-údarás míleata is airde)
  • Briogáidireghinearál Aziz Nasirzadeh, Lóistíocht na bhFórsaí Armtha
  • Briogáidireghinearál Mohammad Shirazi, Ceann Oifig Míleata an Ayatollah
  • Briogáidireghinearál Hossein Jabal Amelian, Ceann Taighde Míleata (SPND)
  • Briogáidireghinearál Gholamreza Rezaian, Ceannasaí Faisnéise, Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (CGRI)
  • Saleh Asadi, Ceann Faisnéise agus Straitéise san Arm
  • agus maraíodh b'fhéidir 60 seasca eile i lárionad an rialtais timpeall 9.45am i dTeheran

Buaileadh oifig Uachtarán na hIaráine, Masoud Pezeshkian, in Tehran, ach tháinig sé slán as.     

Ar an lá céanna, bhuail na S-A timpeall 1,000 sprioc.[15]

Ar an 15-17 Márta, feallmharaíodh ceannasaí slándála na hIaráine Ali Larijani agus aire faisnéise na hIaráine Esmail Khatib.[4]

Spriocanna

Ba léir ón ráiteas a thug an tUachtarán Donald Trump maidin na chéad ionsaithe go raibh na Meiriceánaigh i bhfabhar athraithe réimis. D’éirigh lena n-iarrachtaí na ceannairí a mharú ach go gairid ina dhiaidh sin thosaigh siad ag tarraingt siar ón sprioc uaillmhianach maidir le hathrú réimis agus leag siad síos roinnt spriocanna éagsúla eile; scrios iomlán a dhéanamh ar chumas na nIaránach diúracán agus drón a sheoladh agus a mhonarú; agus deireadh a chur lena gclár saibhrithe núicléach.[3]

Bhí sprioc sa bhreis ag Iosrael, Hezbollah sa Liobáin a scrios.

Ar an 28 Feabhra, bhí na mílte ionsaí ón aer déanta ag na Stáit Aontaithe agus Iosrael ar áiteanna fud fad na hIaráine. Bhí go leor de na buamaí á ndíriú ar dheisceart na hIaráine, an ball is boige den tír ós é is gaire do loingeas aerárthach Mheiriceá a bhí suite i Murascaill na Peirse. Mhaígh na hIosraelaigh gur dírithe ar ionaid mhíleata a bhí na buamaí. Ach ba mhór an damáiste comhthaobhach.

Mar shampla, ar an 28 Feabhra, buaileadh an scoil Shajareh Tayyebeh (An Crann Maith) in Minab i gCúige Hormozgan.  Maíonn na meáin san Iaráin gur maraíodh timpeall 168-180 duine, páistí cuid mhór díobh.[16] Bhí 170 cailín, 7 go 12, sa bhunscoil ag an am.Buaileadh ospidéal in aice leis an scoil chomh maith. Bhí an scoil mar bhunáit den Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí go dtí 2013.  Ní raibh an sprioc nuashonraithe, is cosúil.[17]

Bhí sé ráite go neamhbhalbh ag Meiriceá agus ag Iosrael go dteastaíonn uathu bonneagar na hIaráine a scriosadh – bonneagar míleata, nó bonneagar sibhialta, nó an dá rud, ní léir. Dúirt ionadaithe an charthanais san Iaráin go ndearnadh damáiste idir 28 Feabhra-9 Márta do 19,000 aonad sibhialtach ó thosaigh an bhuamáil, ar aonaid chónaithe 16,000 acu agus ar aonaid tráchtála na 3,000 eile.[18]

Mar le rún sin Mheiriceá agus Iosrael réimeas na hIaráine a threascairt, ní cosúil go bhfuil mórán gluaiseachta faoi ó tá na húdaráis ag teacht roimh aon ghrúpaí frithrialtais a mbeadh sé ar intinn acu teacht le chéile chuige sin.[19]

Bhí a gcuid tithe tréigthe ag breis is 3.2 milliún duine san Iaráin ar an 12 Márta agus iad sa tóir ar bhráite sábháilte ó bhuamaí Iosrael agus na Stát Aontaithe (áisíneacht dídeanaithe na Náisiún Aontaithe a chuir an meastachán maidir le líon na dteifeach ar fáil).[20] 

An Liobáin agus Siria

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug an Cogadh san Iaráin leithscéal do Iosrael an ruaig a chur an an daonra i ndeisceart an Liobáine. Ní raibh an rún ag Iosrael, a mhaígh an rialtas, ach an ruaig a chur ar an grúpa míleata Hezbollah, eagraíocht a dtacaíonn an Iaráin leis. Ach thug an cogadh san Iaráin leithscéal do Iosrael chun an Liobáin a scrios.

Thug Hezbollah a n-aghaidh ar Iosrael; sna chéad laethanta de mhí an Mhárta, scaoileadh diúracáin agus buaileadh bunáiteanna leis na hIosraelaigh in Ardáin Ghóláin sa tSiria agus i dtuaisceart Iosrael, gan mórán damáiste.

Theilg scairdeitleáin na nIosraelach diúracáin le hionaid éagsúla ar fud na tíre gach lá, na comharsanachtaí Siacha go háirithe i ndeisceart na tíre, ach fiú ceantair cónaithe i lár Bhéiriút.  Buamáil thréan a bhí ann ar cheantar dlúthchónaithe lán d'árasáin agus de shiopaí beaga,  Bhuail buamaí Iosrael lár na príomhchathrach, áit nach bhfuil i ngaobhar dhaingean Hezbollah ó dheas de Bhéiriút.[21]

Bhuamáil Iosrael an bonneagar sibhialta, áiseanna sláinte, bóithre agus droichid ina measc.[22] Mhaígh na hIosraelaigh gur ar lucht Hezbollah a bhí a gcuid arm dírithe ach ní raibh a n-amas ró-chruinn.[23]

Chuir Iosrael saighdiúirí thar teorainn isteach i ndeisceart na Liobáine, áit a raibh saighdiúirí na hÉireann ar dualgas síochána leis na Náisiúin Aontaithe.[1]

Dúirt Rialtas na Liobáine go raibh 570 duine maraithe ag fórsaí Iosrael sa tír idir 28 Feabhra - 9 Márta agus bhí 760,000 duine curtha as a mbailte.[18] Tugadh "pionós comhchoiteann" ar easáitiú éigeantach an phobail seo.[24] [25]

D'fhoilsigh Human Rights Watch tuairisc ag léiriú fianaise gur bhain Iosrael leas as an nimh fosfar bán i gceantair ina bhfuil cónaí ar dhaoine i ndeisceart na Liobáine (mar a tharla le linn DF 2023-Bealtaine 2024) (9 Márta).[26][27]   Maíodh go raibh  coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh na daonnachta á ndéanamh ag na hIosraelaigh.[28][29][30]   

I ndeisceart na Siria, bhuail Iosrael spriocanna ó am go ham, ina measc ionad ceannais agus bunáit mhíleata de chuid réimeas na tíre sin.[31]

Ar an 8 Aibreán, thug Uachtarán Trump le fios nach raibh an Liobáin clúdaithe sa sos cogaidh a tháinig i bhfeidhm ar an 7 Aibreán. Dúirt an tUachtarán Trump gur "achrann eile" é an troid in aghaidh Hezbollah.[32]

Ar an 23 Aibreán,, d'fhógair an réimeas i Washington DC 'sos cogaidh' sa Liobáin. An lá dár gcionn dúirt Hezbollah nárbh fhiú tráithnín é an 'sos cogaidh' tar éis d'fhórsaí míleata Iosrael beirt a mharú sa Liobáin, srl.[33]

Tíortha Arabacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna laethanta dár gcionn, bhí ionsaithe déanta ag an Iaráin ar fud an Mheánoirthir, tíortha Arabacha atá fabhrach do Mheiriceá go háirithe.[1] Scaoil na hIaránaigh sailbhí drón le tíortha comharsanachta gach lá.  Cé nach bhearnaigh ach an corrcheann acu na córais chosanta, is mór an díobháil a rinne siad.

Mar shampla  bhuail dhá dhrón Ambasáid na Stát Aontaithe i bpríomhchathair na hAraibe Sádaí, Riyadh, agus scrios ceann dá mbuamaí foirgneamh i mbunáit le hArm Mheiriceá i mBairéin. D’ionsaigh an Iaráin  ionaid bhreosla in Óman agus i gCatar agus  scaglann ola san Araib Shádach srl.[34]

Bhris cogadh cathartha amach. Ina theannta sin, mharaigh ionsaithe de chuid na hIaráine daoine san Iaráic, saighdiúirí Francacha san áireamh, a bhí ag troid in aghaidh ISIS (Stát Ioslamach nó nó Daesh, mar chuid den Oibríocht Chammal.

Bhí aer-ruathair le cloisteáil ar fud na tíre ar fud na tíre ó am go ham, agus ionsaithe sliogáin i dtuaisceart na tíre (roicéid de chuid Hezbollah). Maraíodh cúpla duine.

An Phalaistín

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug an cogadh san Iaráin leithscéal do lonnaitheoirí Giúdacha ionsaí a dhéanamh ar Phalaistínigh sa Bhruach Thiar.[35][36]

Cúrsaí eacnamaíochta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gan trácht ar an scrios agus an marú, bhí deasca eacnamaíochta na corraíola ag cur isteach ar thíortha an domhain, lena n-áirítear na tíortha atá ag cur an chogaidh ar an Iaráin.[37]

Chuaigh praghsanna ola agus gáis in airde go pras ar na margaí idirnáisiúnta mar gheall ar an réabadh.   $82 a bhí ar bhairille Brent ar an 3 Márta, (ardú de $10 ó 27 Feabhra) agus $98-$115 ar an 9 Márta.  Dúnadh an scaglann ola is mó san Araib Shádach.  Ar an 2 Márta, bhí  thart ar 150 long i dteannta i gCaolas Hormuz idir an Iaráin agus Óman, tancaeir ola ina measc.  Is tríd an muinceann uisce sin a sheachadtar an cúigiú cuid de sholáthairtí ola an domhain agus an cúigiú cuid de ghás leachtaithe an domhain ach aon lá.[38]

Mhaígh Trump ar an 10 Márta gur luach $5.6 billiún d'airm a bhí caite ag fórsaí Mheiriceá san fheachtas in aghaidh na hIaráine ón 28 Feabhra - 9 Márta.[18] Ansin mhaígh an Peinteagán gur luach $11 billiún a bhí caite in iomlán ar feadh sé lá.[39]

Ar an 11 Márta, d'fhógair an Gníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh go gcuirfí ar an margadh idirnáisiúnta 400 milliún bairille ola ó stoc cúltaca bhallstáit na heagraíochta ( is ionann 400 milliún bairille agus an tríú cuid den stoc cúltaca uile).[40][41] Ina theannta sin, bhí cead tugtha ag Trump do thíortha eile ola a cheannach ó thancaeir Rúiseacha a bhí faoi choinneáil i gcalafoirt éagsúla ar fud an domhain,[23] trí na smachtbhannaí ar ola na Rúise a mhaolú.[42] Chuir an beart seo fearg ollmhór ar an Úcráin agus ar an Aontas Eorpach.

Ní raibh Caolas Hormuz dúnta go hiomlán - lig na Stáit Aontaithe tancaeir ola na Síne dul isteach is amach le linn an chogaidh i mí an Mhárta.[43] Rinne na Stáit Aontaithe iarracht chun an Caolas a dhúnadh i mí Aibreáin.

Ar an 24 Aibreán, d'admhaigh ceannairí an Aontais Eorpaigh go raibh an ghleacaíocht faoi Chaolas Hormuz géarchéim fuinnimh a adhaint Bhí siad "éadóchasach" faoi lorg na corraíola ar sholáthar ola agus ar phraghsanna, agus ina dhiaidh sin ar an ngeilleagar idirnáisiúnta.[33]

Ar an 7/8 Márta 2026, bhuail Iosrael na scaglanna ola ar fud Tehran. Chuaigh na tinte ó smacht agus bhí scamall dubh deataigh os cionn Tehran ag agus súiche brocach ina bhrat ar na sráideanna de bharr ionsaithe a rinneadh ar stórais ola.[44] Ansin thit báisteach dhubh agus nimhiúil.[45] Rinne an truailliú an t-aer do-análaithe ar fud na cathrach, pionós comhchoiteann mar a tharla sa Liobáin agus Gaza.[46]

Físeán: bolscaireacht de chuid na hIaráine, 10 Márta 2026
Físeán: Trump ar an 1 Aibreán
Físeán: scrios Iosrael sionagóg i dTehran ar an 7 Aibreán[47]
Físeán: Bolscaireacht de chuid na hIaráine, 8 Aibréan

Ar an 1 Márta, mhaígh Donald Trump go raibh “diúracáin fadraoin agus airm núicléacha ag an Iaráin a bheadh ina mbagairt uafásach do gach Meiriceánach”.  D’áitigh lucht a cháinte gur as a chonlán fhéin, i gcomhar le hIosrael, a rinne Trump an t-ionsaí agus nach raibh aon chríoch shoiléir oibrithe amach ina aigne aige, agus gur anord níos measa a tharlódh dá bharr sa réigiún.

Thug  Rialtas na Breataine cead d'fhórsaí Mheiriceá leas a bhaint as bunáiteanna aeir sa Bhreatain agus iad ar a mbealach chun na Murascaille, “ar chúinsí cosanta”.  Ansin rinneadh  ionsaí dróin ar bhunáit mhíleata leis an mBreatain sa Chipir.[1]

Cáineadh an cogadh go hidirnáisiúnta, agus dhiúltaigh an Spáinn do Mheiriceá úsáid a bhaint as bunáiteanna míleata atá roinnte idir an dá thír.[48] Thug an Ríocht Aontaithe cead.

Ar an 8 Márta, ceapadh Mojtaba Khamenei mar an Ayatollah nua.[49] Gortaíodh é ar an 28 Feabhra agus maraíodh a thuistí agus a bhean. Níor tháinig sé os comhair an phobail.

Taidhleoireacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 1 Márta, mhaígh an tUachtarán Trump inné go raibh ceannairí na hIaráine i dteagmháil leis chun cúrsaí a phlé ach dúirt Ali Larijani, an t-oifigeach slándála náisiúnta is sinsearaí san Iaráin ag an am, agus a bhí fós beo, nach ndéanfadh an Phoblacht Ioslamach aon idirbheartaíocht leis na Stáit Aontaithe.

De réir pobalbhreith de chuid Reuters/Ipsos ag an am, ní raibh ach 27% de Mheiriceánaigh ag tacú le hionsaithe na Stát Aontaithe ar an Iaráin agus marú an cheannaire agus mheas thart ar a leath, duine as gach ceathrar Poblachtánach ina measc, go raibh tóir rómhór ag Trump ar an neart míleata.[1]

I ndiaidh seachtain de chogadh san Mheánoirthear, bhí leithscéal déanta ag Uachtarán na hIaráine, Masoud Pezeshkian, as ionsaithe a rinneadh ar thíortha eile timpeall Mhurascaill na Peirse. Dúirt sé nach ndéanfaí ionsaí ar thír ar bith nach bhfuil ag ionsaí na hIaráine.[48] Ach lean ionsaithe na hIaráine ar aghaidh. Bhí Pezeshkian gan chumhacht

Tuairiscíodh go raibh an Rúis ag cur eolas faisnéise ar fáil don Iaráin. Bhí sé seo ag teacht salach ar fad ar ról Mheiriceá i gCogadh na hRúise san Úcráin [23].

Ar an 17 Márta, thug Donald Trump ropadh faoina chomhghuaillithe in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh [ECAT] a dhiúltaigh dá iarratas go dtabharfaidís cúnamh do Mheiriceá le Caolas Hormuz a oscailt do loingeas.[21]

Ar an 18 Márta, rinne aerfhórsa Iosrael ruathar ar an ngáscheantar is mó ar domhan ar chósta thiar theas na hIaráine. Ansin bhagair Trump go scriosfaí stáisiúin cumhachta na hIaráine muna "n-osclófaí go hiomlán" Caolas Hormuz . D'ardaigh praghas gáis go suntasach ar fud an domhain agus tháinig scaoll sna margaí dá bharr.[50]

Ar an 23 Márta, mhaígh Trump go raibh "comhráití maithe agus fiúntacha" ann leis an Iaráin. Thug Trump na margaí chun suaimhnis. Ach bhí trádáil cos istigh ann is cosúil. Tharla bisiú ollmhór ar scaireanna díreach roimh an cúpla focal de chuid Trump.[51][52]

Ansin shéan Tehran gur tharla a leithéid de chomhrá ná de chainteanna, ag tabhairt 'bréagnuacht' ar ráiteas Uachtarán na S-A.[53] Caithfidh sé gur ag margaíocht leis féin a bhí Trump, ar Rialtas na hIaráine le teann searbhais. Ar aon chuma, a dúirt na hIaránaigh, níor lú leo ná an sioc dul chun cainte leis an bhfear céanna.[54]

Fágadh drochbhail ar na margaí aon uair amháin eile (thit na scaireanna arís, agus d'ardaigh praghas an ola).

Ar an 6-7 Aibreán, shéan an Teach Bán go raibh Meiriceá ag breithniú airm núicléacha a chaitheamh leis an Iaráin. Rinne Trump bagairtí uafásacha agus labhair LeasUachtarán JD Vance faoi "uirlisí a bheith ag na Fórsaí Armtha nár bhain muid leas astu fós". B'éigean don Réimeas i Washington an "soiléiriú" a dhéanamh níos déanaí.[55][56]

An chéad sos cogaidh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis 40 lá trodaíochta, dúirt Trump ar a shuíomh meán sóisialta féin, Truth Social, ar an 7 Aibreán go mbeadh sos cogaidh i bhfeidhm ‘ar an dá thaobh’ ar feadh coicíse agus go n-osclófaí Caolas Hormuz “ina iomláine, láithreach bonn agus go sábháilte”.[5] Ach dheimhnigh Rialtas na hIaráine go raibh smacht aige i gcónaí ar Chaolas Hormuz. Thug sé rabhadh go scriosfar aon long a sheolfar trí Chaolas Hormuz gan chead na hIaráine a fháil ar dtús.[57]

In ainneoin sos cogaidh, rinne Iosrael sraith mórionsaithe ar an Liobáin ar an 8 Aibreán.[58] Dúirt aireacht sláinte na Liobáine ar maidin gur maraíodh 300 duine. Bhí an Iaráin míshásta nach raibh stop curtha ag Iosrael lena n-ionsaithe ar an Liobáin. Dhún an Iaráin an Caolas arís i bhfianaise ionsaithe Iosrael ar an Liobáin, agus in ainneoin sos cogaidh a bheith aontaithe.[32]

Dúirt Príomhaire na Spáinne, Pedro Sanchez, "Níl an Spáinn chun bualadh bos mór a thabhairt dóibh siúd a chuir an domhan trí thine díreach toisc gur tháinig siad ar an láthair le buicéad."[59]

Dúirt Ardchoimisinéir um Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe, Volker Turk, gur coireanna cogaidh a bhí sna hionsaithe ar infreastruchtúir sibhialtach mar go sháraigh siad an sainmhíniú beacht atá ar spriocanna míleata.[60]

D'ionsaigh Iosrael agus na S-A droichid, traein agus bonneagar eile.[61] Coir cogaidh a bhí ina leithéid a mhaígh saineolaithe ar an dlí idirnáisiúnta.[62][63][64][65]

Ráiteas de chuid Trump, 12 Aibreán 2026

I mí Aibreáin 2026, bhí an Pápa faoi ionsaí ag an Uachtarán Trump agus a chomhghuaillithe as diúltú tacú leis an gcogadh san Iaráin. Bhí rialtas Trump ag iarraidh a chogadh san Iaráin a léiriú mar “chogadh cóir”, cogadh tacaithe ag diagacht Chríostaí. Bhí easaontas láidir déanta ag an bPápa, áfach, ag rá nach n-éisteann Íosa “le paidreacha na ndaoine a théann i mbun cogaidh”. Bhí cáineadh déanta ag an Pápa Leo ar cheannairí a chaitheann billiúin ar chogaí agus dúirt sé go raibh an domhan “á scriosadh ag dornán tíoránach” i ráiteas thar a bheith láidir le linn cuairte ar Chamarún.[66]

lárionaid dáileacháin ola i bhFaing, Calafort Faing
An tancaeir "Thun Gemini"; ní raibh sí in ann a lastas a dhíluchtú ag lárionaid dáileacháin ola Circle K i nGaillimh. Bhí an taincéir ar ancaire i gCuan na Gaillimhe agus sé mhilliún líotar ola ar bord aici, breosla nach rabhthas ábalta a thabhairt i dtír ag calafort na Gaillimhe.

Bhí  suas le 20,000 as Éireann  ina gcónaí i stáit na Murascaille in 2026. Bhí sé i gceist ag an Rialtas na hÉireann teacht i gcabhair ar shaoránaigh de chuid na hÉireann a bhí ina gcónaí sa Mheánoirthear nó a bhí ar cuairt ar an réigiún.[67] Thuirling an chéad eitleán paisinéirí as Dubai go hÉirinn in Aerfort Bhaile Átha Cliath.[68]

Mhaígh an Taoiseach Micheál Martin nach raibh aerfort na Sionainne á úsáid ag eitleáin de chuid aerfhórsa na Stát Aontaithe a bhí páirteach sa bhfeachtas buamála.[69]

D'ardaigh ola tí ó €500 ar 500 lítear i mí Feabhra go €900 ar an 20 Márta. D'ardaigh díosal ó €1.80 an lítear go €2.25 agus bhí peitril é féin tuairim is €2 an lítear.[70][71] [72] Thit praghas breosla tite i stáisiúin seirbhísí ar fud na tíre nuair a laghdaíodh an dleacht mháil a ghearrtar ar pheitreal agus ar dhíosal [73]

Tháinig 2% d'ardú ar an meán ar phraghsanna do thomhaltóirí sa chéad choicís de mhí an Mhárta, agus ardú de 11% ar phraghsanna fuinnimh i gcaitheamh an achair sin.[74] Bhí feirmeoirí atá ag an ardú as miosúr a tháinig ar phraghas leasacháin.[75]

Ar an 2 Aibreán, dúirt an Taoiseach Micheál Martin nach raibh aon mheas aige ar chaint dhíblí Trump, go háirithe a ndúirt sé faoin Iaráin "a ath-chlochaoisiú" le buamaí. "Níl glacadh ar bith le caint mar é", arsa an Taoiseach. "Níl muintir na hIaráine freagrach as an gcogadh agus caithfear iad a chosaint [seachas iad a dhealbhú]", a dúirt sé.[76]

Ar an 7-10 Aibreán, eagraíodh agóidí ar fud na hÉireann i gcoinne an chostais breosla.[77]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

2 Márta[1] 3 Márta 4 Márta[78][79][2] 5 Márta[80][81][68] 6 Márta[82][83] 9 Márta[44][84] 10 Márta[18][85][86] 11 Márta[19][87][40] 13 Márta[23] 12 Márta[20][88] 13 Márta 14 Márta[89][22] 15 Márta[69][90][35] 16 Márta[37][43] 17 Márta[91] 18 Márta[4][3][21] 19 Márta[50][73] 20 Márta[31] 23 Márta[70][92] [60] 24 Márta[53] [93] 25 Márta[94] [54] [71] 26 Márta[95] 27 Márta[96][72][97][98] 30 Márta[99][74][75][100] 31 Márta[101] 1 Aibreán[102] [103] 2 Aibreán[76] 3 Aibreán 4 Aibreán 5 Aibreán 6 Aibreán[56][55] 7 Aibreán[104][57][58][77][59][5] 8 Aibreán[32]

  1. 1 2 3 4 5 6 "Achrann ag scaipeadh sa mheánoirthear i ndiaidh ionsaithe Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Iosrael ar an Iaráin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-03-02). Dáta rochtana: 2026-03-03.
  2. 1 2 Fachtna Ó Drisceoil (3 Márta 2026). "An Iaráin idir dá thine Bhealtaine – uaireanta is fearr drochrialtas ná a bheith gan rialtas ar bith" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-03-04.
  3. 1 2 3 Máirtín Ó Duibhir (18 Márta 2026). "Trump sáinnithe idir dhá thine Bhealtaine sa Chaolas Hormuz" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-03-18.
  4. 1 2 3 Nuacht RTÉ (2026-03-18). "Ollruathar á dhéanamh as an nua ag Iosrael ar an Liobáin" (as ga-IE).
  5. 1 2 3 Maitiú Ó Coimín (8 Aibreán 2026). "Praghas na hola tite faoi bhun $100 arís tar éis fhógra Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-08.
  6. tír bheag atá sa Liobáin, 10,452 km^2, níos lú ná Contae an Chláir, Contae Luimnigh agus Contae Thiobraid Arainn le chéile, agus daonra 6 milliún ann, nó b'fhéidir seacht milliún, na Palaistínigh agus na teifigh as Siria san áireamh
  7. Nuacht RTÉ (2015-07-14). "Socrú núicléach idir Meiriceá agus An Iaráin" (as ga).
  8. Nuacht RTÉ (2025-06-20). "Comhráite sa Ghinéiv faoi chlár núicléach na hIaráine" (as ga-IE).
  9. Joint Comprehensive Plan of Action
  10. "Iran–Israel proxy conflict" (as en) (2025-06-15). Wikipedia.
  11. ynet.co.il (2 Márta 2026). ""שאגת הארי", אחרי "עם כלביא" | השם והסמליות: "השאגה נשמעת בעולם כולו"".
  12. Thug Iosrael an t-ainm "Leon ag éirí" (Leabhar na nUimhreacha, caibidil 23, véarsa 24) ar an "oibríocht" Cogadh na Dhá Lá Dhéag 2025   
  13. James Benedict, Sune Engel Rasmussen and Benoit Faucon (2026-03-01). "Which Iranian Leaders Have Been Killed and Who Survived?" (en-US). The Wall Street Journal. Dáta rochtana: 2026-03-03.
  14. i mBéarla, Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)
  15. war.gov (2 Márta 2026). "Hegseth Says 'Epic Fury' Goals in Iran Are 'Laser-Focused'". Dáta rochtana: 4 Márta 2026.[nasc briste go buan]
  16. "2026 Minab school attack" (as en) (2026-03-12). Wikipedia.
  17. "2026 Minab school airstrike" (as en) (2026-03-03). Wikipedia.
  18. 1 2 3 4 Nuacht RTÉ (2026-03-10). "'Luach $5.6 billiún d'airm scaoilte ag Meiriceá leis an Iaráin'" (as ga-IE).
  19. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-03-11). "Tehran, Béiriút buamáilte go trom arís aréir" (as ga-IE).
  20. 1 2 Tuairisc (2026-03-12). "A dtithe tréigthe ag breis is 3.2 milliún duine san Iaráin" (ga-IE). Scéal. Dáta rochtana: 2026-03-12.
  21. 1 2 3 "Na scórtha maraithe nó go gortaithe sna hionsaithe is déanaí ar Beirut" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-03-18). Dáta rochtana: 2026-03-18.
  22. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-03-14). "Ionsaithe tréana á ndéanamh ar an Liobáin" (as ga-IE).
  23. 1 2 3 4 Nuacht RTÉ (2026-03-13). "Bonneagar na hIaráine á leacú tuilleadh ag Iosrael, Meiriceá" (as ga-IE).
  24. Al Jazeera Staff. "Israel extending ‘Gaza playbook’ to Lebanon, charity warns" (en). Al Jazeera. Dáta rochtana: 2026-03-11.
  25. "The World Watches as Israel Destroys Lebanon, Implementing a Doctrine of War Crimes" (en). The Wire. Dáta rochtana: 2026-03-11.
  26. "Lebanon: Israel Unlawfully Using White Phosphorus | Human Rights Watch" (en) (2026-03-09). Dáta rochtana: 2026-03-13.
  27. Nuacht RTÉ (2024-10-11). "22 duine maraithe, 117 leonta ag fórsaí Iosrael i mBéiriút" (as ga-IE).
  28. "Nearly 700,000 displaced in Lebanon as Middle East crisis escalates | UN News" (en). news.un.org (2026-03-09). Dáta rochtana: 2026-03-13.
  29. "From Gaza to Lebanon and Iran: The normalization of atrocity" (en). Global Voices (2026-03-12). Dáta rochtana: 2026-03-13.
  30. Adil Ahmad Haque (2026-03-11). "The Illegality of Israel’s Military Campaign in Lebanon" (en-US). Just Security. Dáta rochtana: 2026-03-13.
  31. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-03-20). "Tuilleadh ionsaithe i Murascaill na Peirse thar oíche" (as ga-IE).
  32. 1 2 3 Nuacht RTÉ (2026-04-08). ""Tá Caolas Hormuz fós dúnta", a deir an Iaráin" (as ga-IE).
  33. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-04-24). "'Ceannairí Eorpacha éadóchasach faoin gcorraíl idirnáisiúnta'" (as ga-IE).
  34. Nuacht RTÉ (2026-03-02). "'131 cathair san Iaráin ionsaithe ag fórsaí Mheiriceá, Iosrael'" (as ga-IE).
  35. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-03-15). "Ceathrar maraithe ag fórsaí Iosrael ar an mBruach Thiar" (as ga-IE).
  36. "EU and UK demand Israel stop surge in West Bank settler violence" (en-GB). www.bbc.com (2026-03-11). Dáta rochtana: 2026-03-12.
  37. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-03-16). "An Iaráin á slacairt an athuair ag fórsaí Iosrael" (as ga-IE).
  38. Nuacht RTÉ (2026-03-02). "Praghas ola ardaithe agus tancaeir sáinnithe i gCaolas Hormuz" (as ga-IE).
  39. David Charter, Washington | Kelly Rissman, US reporter | David Harding | Joshua Thurston | Samer Al-Atrush, Middle East Correspondent (2026-03-12). "We’re not stopping till the job is done, pledges Trump — as it happened" (en). www.thetimes.com. Dáta rochtana: 2026-03-12.
  40. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-03-11). "400 milliún bairille ola ón gcúlstoc le cur ar an margadh" (as ga-IE).
  41. 1.2 billiún bairille ola a bhí i stoc cúltaca na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh ag an am, a bhfuil 32 ballstát ann, agus coinnítear i dtaisce é ar eagla na héigeandála domhanda.
  42. Eoin Ó Murchú (16 Márta 2026). "Trump i sáinn maidir le cogadh na hIaráine" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-03-17.
  43. 1 2 "Freagra patuar ar éileamh Trump go gcuirfí longa cogaidh chuig Caolas Hormuz" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-03-16). Dáta rochtana: 2026-03-17.
  44. 1 2 "Stad ar bith ar ionsaithe drón agus diúracán" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-03-09). Dáta rochtana: 2026-03-12.
  45. Rachel Fieldhouse, Mohana Basu (2026-03-11). "‘Black rain’ in Tehran — what are the health effects?" (as en). Nature. doi:10.1038/d41586-026-00800-9. ISSN 1476-4687.
  46. theguardian.com. "‘Dark, like our future’: Iranians describe scenes of catastrophe after Tehran’s oil depots bombed". Dáta rochtana: 12-03-2026.
  47. "Destruction of the Rafi'-Nia synagogue" (as en) (2026-04-08). Wikipedia.
  48. 1 2 Conradh na Gaeilge, Londain (7 Márta 2026). "Nuacht Mhall, (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2026-03-09.
  49. "Who is Mojtaba Khamenei, Iran's new supreme leader?" (en-GB). www.bbc.com (2026-03-08). Dáta rochtana: 2026-03-09.
  50. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-03-19). "Trump míshásta faoi ionsaí ar gháscheantar san Iaráin" (as ga-IE).
  51. "Mystery Jump in Oil Trading Ahead of Trump Post Draws Scrutiny" (en-US). The Wall Street Journal. Dáta rochtana: 2026-03-25.
  52. "Oil trades surged just before Trump's post on Iran talks. Some experts are suspicious. - CBS News" (en-US). www.cbsnews.com (2026-03-24). Dáta rochtana: 2026-03-25.
  53. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-03-24). "Diúracáin á radadh ar Iosrael, cainteanna Trump séanta ag Tehran" (as ga-IE).
  54. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-03-25). "An spéir ina caor thine sa Mheánoirthear arís ó mhaidin" (as ga-IE).
  55. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-04-06). "Clabhsúr iomlán ar an gcogadh ón Iaráin, ag séanadh sprioc Trump" (as ga-IE).
  56. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-04-07). "Meiriceá ag séanadh go scaoilfidh siad airm núicléacha" (as ga-IE).
  57. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-04-08). ""Tá Caolas Hormuz fós dúnta", a deir an Iaráin" (as ga-IE).
  58. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-04-08). "Sraith mórionsaithe ar an Liobáin inniu, in ainneoin sos cogaidh" (as ga-IE).
  59. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-04-08). "Fáilte curtha roimh an sos cogaidh sa mheánoirthear" (as ga-IE).
  60. 1 2 "Ionsaithe Trump ar infreastruchtúir fuinnimh na hIaráine curtha ar athlá" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-03-23). Dáta rochtana: 2026-03-25.
  61. Ar an 6 Márta, d'fhógair PríomhAire Iosrael Benjamin Netanyahu go raibh an tír sin tar éis ionsaithe buamála a dhéanamh ar iarnróid agus ar dhroichid "a bhíonn á n-úsáid ag Garda na Réabhlóide (sárfhórsaí Arm na hIaráine).
  62. Peter Beaumont (2026-04-03). "Is the US committing war crimes by targeting Iran’s civilian infrastructure?" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2026-04-08.
  63. "Questions and Answers: US, Israel, Iran, and the Laws of War | Human Rights Watch" (en) (2026-04-08). Dáta rochtana: 2026-04-08.
  64. United Nations Security Council. "An official letter from the Permanent Representative of Iran to the UN (S/2026/130) formally accused the United States and Israel of committing war crimes through the systematic and intentional destruction of vital civilian infrastructure.". docs.un.org. Dáta rochtana: 2026-04-08.
  65. "Iran: President Trump’s apocalyptic threats of large-scale civilian devastation demand urgent global action to prevent atrocity crimes" (en). Amnesty International (2026-04-07). Dáta rochtana: 2026-04-08.
  66. Conradh na Gaeilge, Londain (18 Aibreán 2026). "Nuacht Mhall (Baile Átha Cliath)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2026-04-18.
  67. Nuacht RTÉ (2026-03-03). "'Níl an réabadh san Iaráin ach ina thús' – Trump, Rubio" (as ga-IE).
  68. 1 2 Eoghan Corry : Eagarthóir na hirise Air & Travel. / RnaG - Nuacht a hAon (5 Márta 2026). "Thuirling an chéad eitleán paisinéirí as Dubai go hÉirinn in Aerfort Bhaile Átha Cliath. Bí seo an chéad eitilt as an taobh sin den domhan ó thosaigh na Stáit Aontaithe agus Iosrael a gcuid ionsaithe ar an Iaráin." (as ga-IE).
  69. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-03-15). "'Níl aerfort na Sionainne á úsáid ag aerfhórsa Mheiriceá'" (as ga-IE).
  70. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-03-23). "Laghdú ar dhleacht mháil, pheitril & díosail á phlé ag an Rialtas" (as ga-IE).
  71. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-03-25). "Praghas breosla tite i stáisiúin seirbhísí ó mhaidin" (as ga-IE).
  72. 1 2 Eagarthóir (2026-03-27). "Pacáiste tacaíochta fógartha ag an rialtas le dul i ngleic le costas ola" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-03-30.
  73. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-03-19). "Tarlóirí sásta go bhfaighidh siad 'tacaíocht mhór' ón Rialtas" (as ga-IE).
  74. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-03-30). "1.8% d'ardú ar phraghsanna sa chéad choicís de Mhárta" (as ga-IE).
  75. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-03-30). "Imní go mbeidh feirmeoirí as leasachán gan mhoill" (as ga-IE).
  76. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-04-02). "Trump ag bagairt an Iaráin a chlochaoisiú le buamaí" (as ga-IE).
  77. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-04-08). "Tá na hagóidí breosla "mícheart" a deir an Taoiseach" (as ga-IE).
  78. Nuacht RTÉ (2026-03-04). "Long chogaidh leis an Iaráin pollta, curtha síos" (as ga-IE).
  79. Nuacht RTÉ (2026-03-04). "An Liobáin agus an Iaráin á dtuairgneáil tuilleadh" (as ga-IE).
  80. Nuacht RTÉ (2026-03-05). "'Rún ag Iosrael múr a dhéanamh de bhonneagar na hIaráine'" (as ga-IE).
  81. Nuacht RTÉ (2026-03-05). "Ardú ar phraghas breosla: daoine 'á bhfeannadh'" (as ga-IE).
  82. Eoin Ó Murchú (Páirtí Cumannach Éireann) (2026-03-06). "SAM meáite ar chogadh fada agus an Iaráin ag seasamh an fhóid" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-03-06.
  83. Nuacht RTÉ (2026-03-06). "Cairteitilt Rialtais ó Ómán go hÉirinn tráthnóna" (as ga-IE).
  84. Nuacht RTÉ (2026-03-09). "Iosrael fós ag ionsaí na hIaráine agus Tehran fós ag freagairt" (as ga-IE).
  85. "‘An lá is déine ionsaithe fós againn ar an Iaráin’ – Rúnaí Cosanta na Stát Aontaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-03-10). Dáta rochtana: 2026-03-12.
  86. Nuacht RTÉ (2026-03-10). "An Iaráin: 'cogadh beagnach thart' nó 'níl deireadh leis fós'?" (as ga-IE).
  87. "Ní ligfear ‘an lítear amháin féin ola’ trí Chaolas Hormuz – an Iaráin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-03-11). Dáta rochtana: 2026-03-12.
  88. Nuacht RTÉ (2026-03-12). "Ollruathar eile á dhéanamh ag fórsaí Iosrael ar an Iaráin" (as ga-IE).
  89. Nuacht RTE (2026-03-14). "Oileán Kharg tagtha faoi thréanionsaí ó fhórsaí Mheiriceá" (as ga-IE).
  90. Nuacht RTÉ (2026-03-15). "Breis ionsaithe á mbeartú ar Oileán Kharg" (as ga-IE).
  91. Nuacht RTÉ (2026-03-17). "An Iaráin in uachtar i gcruinniú an Tí Bháin" (as ga-IE).
  92. Nuacht RTÉ (2026-03-23). "Sos 5 lá ar ionsaithe SAM ar stáisiúin leictreachais na hIaráine" (as ga-IE).
  93. "Iosrael agus an Iaráic á rúscadh ag diúracáin, malairt scéil ag na Stáit Aontaithe agus an Iaráin faoi chainteanna" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-03-24). Dáta rochtana: 2026-03-25.
  94. Elizabeth Melimopoulos. "US-Israel war on Iran: What’s happening on day 26 of attacks?" (en). Al Jazeera. Dáta rochtana: 2026-03-25.
  95. Nuacht RTÉ (2026-03-26). "An Iaráin: caint ar 'léas dóchais' ach leanann an bhuamáil" (as ga-IE).
  96. Nuacht RTÉ (2026-03-27). "'1,900 duine maraithe agus 20,000 gortaithe san Iaráin le mí'" (as ga-IE).
  97. Cathal Ó Murchú (2026-03-27). "Neamhinniúlacht Trump agus géarú an chogaidh le teacht" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-03-30.
  98. "Ionsaithe Trump ar infreastruchtúr fuinnimh na hIaráine curtha ar athlá arís" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-03-27). Dáta rochtana: 2026-03-30.
  99. Nuacht RTÉ (2026-03-30). "An Iaráin: Trump ag caint ar bhinn a thógáil ar Oileán Kharg" (as ga-IE).
  100. "Bagairt déanta ag Trump go ‘scriosfaidh’ sé láithreacha fuinnimh uile na hIaráine mura ndéantar margadh" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-03-30). Dáta rochtana: 2026-03-30.
  101. Nuacht RTÉ (2026-03-31). "Tancaer ola in Dubai curtha trí thine ag diúracán ón Iaráin" (as ga-IE).
  102. Nuacht RTÉ (2026-04-01). "An Iaráin "ag iarraidh sos cogaidh" – Trump" (as ga-IE).
  103. Nuacht RTÉ (2026-04-01). ""Easpa breosla eitleáin faoi cheann míosa" - Ceannasaí Ryanair" (as ga-IE).
  104. Fachtna Ó Drisceoil (7 Aibreán 2026). "Tá meath Iosrael ag teacht agus buaic a chumhachta sroichte aige" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-08.