Jump to content

Cogadh eacnamaíochta de chuid Donald Trump i gcoinne Cheanada

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Trump ag fáiltiú roimh Mark Carney, Príomh-Aire Cheanada, ag an Teach Bán, 6 Bealtaine 2025
Físeán: Mark Carney i gcruinniú le Trump, 6 Bealtaine 2025
Físeán: cruinniú déthaobhach idir Trump agus Príomh-Aire Cheanada, 2025
Rabhadh faoi tharaifí i siopa de chuid Shoppers Drug Mart i gCeanada, 2025
Arán a bácáladh i gCeanada
Bourbon na Stát Aontaithe ar bith le fáil

Chuir Donald Trump tús le cogadh eacnamaíochta i gcoinne Cheanada ar an 1 Feabhra 2025, nuair a shínigh sé orduithe feidhmiúcháin ag gearradh taraife 25% ar earraí ó Cheanada, agus taraif 10% ar ola agus ar fhuinneamh.[1][2] San óráid insealbhaithe a thug sé i gCaipeatól na Stát Aontaithe ar an 20 Eanáir 2025, gheall sé go ngearrfadh na Stáit Aontaithe "taraifí agus cánacha ar thíortha iasachta". Mhol Trump go minic gur chóir do Cheanada a bheith ina "51ú stát" de chuid na Stát Aontaithe.

Tá geilleagar SAM níos mó ná 13 oiread gheilleagar Cheanada. Ina theannta sin, tá Ceanada i bhfad níos spleáiche ar mhargadh Mheiriceá ná mar atá Meiriceá ar Cheanada. In 2025, chuaigh thart ar 73% d'easpórtálacha Cheanada chuig na Stáit Aontaithe, ach ní dheachaigh ach tuairim is 17% d'easpórtálacha SAM go Ceanada.[3]

D'fhógair Trump taraif 25% ar chruach agus ar alúmanam i mí Feabhra 2025.[2][1] As Ceanada a thagann 50% d'iompórtálacha alúmanaim agus 20% d'iompórtálacha cruach na Stát Aontaithe. Buille ar an mbuille, ghearr Ceanada taraifí idir 10% agus 25% ar earraí ó Mheiriceá.[4] Cuireadh cosc fiú ar bhourbon as na Stáit Aontaithe. Níor bhuail Ceanada earnáil na seirbhísí, áfach, go háirithe seirbhísí airgeadais na Stát Aontaithe. (Is ó na Stáit Aontaithe a cheannaíonn Ceanada an chuid is mó dá cuid seirbhísí.)

Ansin cuireadh na taraifí a bhí le gearradh ar Cheanada ar athló, tar éis teacht ar "chomhaontú" faoi cheisteanna a bhain "leis an teorainn" agus faoi ábhair eile.[5]

Ar an 11 Márta 2025, d'fhógair Trump go raibh sé le taraifí ar chruach agus ar alúmanam as Ceanada a dhúbailt ó 25% go 50%.[6] Cúpla uair an chloig níos déanaí, ar an 12 Márta, dúirt sé a mhalairt (taraifí 25%).[7][8]

Ar an 6 Bealtaine 2025, thug Trump le fios gur mhaith leis Ceanada a ghabháil. "Sílim féin gur pósadh iontach a bheadh ann", a dúirt sé le Mark Carney.

Baghcat na gCeanadach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar fhreagra ar na taraifí agus ar chaint Trump faoin "51ú stát", thosaigh baghcat ó bhun aníos ar earraí Meiriceánacha i gCeanada i mí Feabhra 2025. Faoin bhfeachtas "Buy Canadian" ("Ceannaigh earraí Ceanadacha") thosaigh tomhaltóirí ag lorg táirgí a rinneadh sa bhaile, agus baineadh deochanna meisciúla Meiriceánacha de na seilfeanna i bhformhór na gcúigí, Ontario agus Québec ina measc.

Ba é 15% sciar Cheanada d'easpórtálacha earraí na Stát Aontaithe in 2025, i gcomparáid le meán 18% sna deich mbliana roimhe sin — bearna de bheagnach 60 billiún dollar SAM. Cheannaigh Ceanada 94,148 gluaisteán Meiriceánach níos lú (laghdú 12%), agus thit easpórtálacha cruach na Stát Aontaithe go Ceanada an cúigiú cuid.

Ghearr na Ceanadaigh siar go mór ar thurasóireacht sna Stáit Aontaithe freisin. Thit caiteachas cártaí creidmheasa Ceanadacha ar fud na Stát Aontaithe 22%, agus i Vermont ba é 47% an titim. Meastar gur cailleadh idir 13,900 agus 42,100 post i bhfiontair bheaga sna Stáit Aontaithe dá bharr.[9]

Ba shárú soiléir ar fhlaitheas Cheanada roinnt d'éilimh Mheiriceá sna cainteanna trádála in 2026:

  • smacht a bheith ag Meiriceá ar chaidreamh trádála Cheanada le tíortha eile;
  • cur isteach ar dhlíthe teanga Cheanada.

Chonaic pobal Cheanada nach raibh aon rogha acu ach an fód a sheasamh i gcoinne éilimh Trump. Bhí muintir Cheanada den tuairim go raibh "líne nach féidir a thrasnú" ann agus go raibh an líne sin sroichte acu in 2026.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 The White House (2025-02-02). "Fact Sheet: President Donald J. Trump Imposes Tariffs on Imports from Canada, Mexico and China" (en-US). The White House. Dáta rochtana: 2026-09-02.
  2. 1 2 The Canadian Press (2025-02-11). "A timeline of Canada-U.S. tariffs on steel and aluminum" (en-CA). BNN Bloomberg. Dáta rochtana: 2026-09-02.
  3. 1 2 Fachtna Ó Drisceoil (1 Meán Fómhair 2026). "Muintir Cheanada á meas faoina gcumas ag Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-09-01.
  4. ↑ Nuacht RTÉ (2025-02-02). "Cogadh trádála ar na bacáin ceaptar a bhuíochas do Trump" (as ga-IE).
  5. ↑ Nuacht RTÉ (2025-02-03). "Taraifí ar Mheicsiceo curtha ar athló ag Trump" (as ga-IE).
  6. ↑ Nuacht RTÉ (2025-03-11). "Trump le taraifí ar tháirgí as Ceanada a dhúbailt" (as ga-IE).
  7. ↑ Elisabeth Buchwald (2025-03-12). "Trump imposes sweeping 25% steel and aluminum tariffs. Canada and Europe swiftly retaliate | CNN Business" (en). CNN. Dáta rochtana: 2025-03-12.
  8. ↑ "Deir an tAE go mbeadh taraifí an Uachtaráin Trump neamhdhleathach, gan údar agus go ndéanfaidís dochar" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-02-10). Dáta rochtana: 2025-03-12.
  9. ↑ Nathan VanderKlippe (2026-05-03). "Canadians are still boycotting U.S. goods. Has it made a difference?" (en). The Globe and Mail. Dáta rochtana: 2026-09-02.