Jump to content

Cogadh Pacastáin – Afganastáin 2026

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCogadh Pacastáin – Afganastáin 2026
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcogadh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deAfghanistan–Pakistan skirmishes (en) Aistrigh agus insurgency in Khyber Pakhtunkhwa (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana21 Feabhra 2026 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhDurand Line (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Afganastáin agus an Phacastáin Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí

D'fhógair an Phacastáin cogadh ar an Afganastáin ar an 21 Feabhra 2026. Fógraíodh sos comhraic ina measc siúd a bhí i mbun cogaíochta ar an 19 Márta 2026, , ach níor mhair sé.

An aidhm chogaidh a bhí - agus atá - ag an Talaban ná críoch na hAfganastáine a leathnú amach agus muintir Phaistiúnach a aontú in aon tír amháin. Is gluaiseacht Paistiúnach é an Talaban agus tá pobail mhóra ar an dá thaobh den teorainn, le daichead milliún acu sa Phacastáin agus fiche milliún acu san Afganastáin.[1]

An pobal Paistiún
Físeán: an lasair sa bharrach - 6 Feabhra 2026, ionsaí ar an Mosc Khadija Tul Kubra in Islamabad

An bunús stairiúil leis an gcoimhlint seo ná líne Durand a leag státseirbhíseach Briotanach darb ainm Sir Henry Mortimer Durand síos sa bhliain 1893 idir Ríocht na hAfganastáine agus Raj na hIndia, a bhí mar chuid d’Impireacht na Breataine ag an am. Críochdheighilt a bhí ann go bunúsach a scoilt an pobal Paistiún ina dhá chuid. Aithníonn an Phacastáin líne Durand mar theorainn dá gcríoch náisiúnta. Ach níor ghlac an Afganastáin leis riamh, go háirithe an pobal Paistiúnach ansin.[1]

Faoi láthair is ionann an pobal Paistiún agus 42% de phobal na hAfganastáine, le pobail eile a mbíonn amhras orthu faoi fhorlámhas na bPaistiúnach cosúil leis na Taidsícigh 27%, na Hazaraigh 10%, na hUizbeicigh 9%, na Tuircméinigh 3% agus na Balúitsigh 2% ag maireachtáil ann. Tá sé mar aidhm ag an Talaban sa Phacastáin agus rialtas Talaban na hAfganastáine fáil réidh le líne Durand agus Cúige Phaistiúnastáine (Khyber Pakhtunkhwa) sa Phacastáin a aontú leis an Afganastáin sa chaoi go mbeidh an pobal Paistiúnach aontaithe in aon tír amháin. Sa stát méadaithe seo bheadh an pobal mar 70% agus forlámhas daonrach cinntithe acu.

Tá sé mar aidhm acu Cúige na Balúitseastáine a shlogadh isteach freisin, críoch atá fairsing i dtaobh achar talún (agus mianraí) ach gann i dtaobh daonra, talamh a thabharfadh rochtain ar an bhfarraige dóibh. Níl mórán fianaise ann go dtacaíonn an pobal Balúitseach leis an uaillmhian seo agus iad críochdheighilte idir trí stát cheana féin, an Phacastáin, an Afganastáin agus an Iaráin.[1]

An íoróin is mó ná thug rialtas na Pacastáine tacaíocht don Talaban le fada, ag tosú sa bhliain 1979 nuair a rinne an tAontas Sóivéadach ionradh ar an Afganastáin sa bhliain 1979

Imeachtaí in 2026

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é buamáil mhosc[2] ar an 6 Feabhra 2026 in Islamabad — cúpla seachtain roimh fhógairt an chogaidh — a chuir lasair sa bharrach. Chuir an t-ionsaí seo fearg ollmhór ar phobal na Pacastáine agus ar a rialtas.

Bhris coimhlint amach idir an Phacastáin agus Afganastáin ar an 9 Deireadh Fómhair 2025. Cé go raibh arm na Pacastáine i bhfad níos cumhachtaí ná fórsaí an Taaiban, bhí trealamh armtha suntasach ag an Talaban — an t-armlón, na feithiclí agus na hairm eile a d'fhág fórsaí na Stát Aontaithe ina ndiaidh nuair a tharraingeadar siar as an Afganastáin in 2021 (Cogadh na hAfganastáine (2001 - 2021)).

Ionsaíodh ceantar Khyber Pakhtunkhwa agus limistéir teorann eile le linn na coimhlinte. Rinne an Phacastáin aer-ruathair ar spriocanna laistigh den Afganastáin. Fógraíodh sos cogaidh deich lá níos déanaí, ach níor mhair sé. Maraíodh sibhialtaigh chomh maith le saighdiúirí ar an dá thaobh, cúpla céad b'fhéidir, le linn 21 Feabhra-20 Márta 2026.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 Cathal Ó Murchú (2026-03-20). "Bunús an chogaidh idir an Phacastáin agus an Afganastáin" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-03-21.
  2. ↑ "2026 Islamabad mosque bombing" (as en) (2026-03-19). Wikipedia.
  3. ↑ "2025 Afghanistan–Pakistan conflict" (as en) (2026-03-18). Wikipedia.