Jump to content

Cogadh Iosrael–Iaráin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCogadh Iosrael–Iaráin
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 28° N, 45° E / 28°N,45°E / 28; 45
Cineálcogadh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deMiddle Eastern crisis (2023–present) (en) Aistrigh agus 2024 Iran–Israel conflict (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse13 - 24 Meitheamh 2025
Dáta na blianaMeitheamh 2025 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomhan Meánoirthear Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Iaráin agus Iosrael Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
CúisOperation Rising Lion (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna

Cuireadh tús le Cogadh Iosrael–Iaráin ar an 13 Meitheamh 2025. "Fógra cogaidh" ba ea cur síos na hIaráine ar ruathair aeir Iosrael ar spriocanna éagsúla san Iaráin ar an lá sin. Chuir na Stáit Aontaithe a ladar sa choimhlint ar an 21/22 Meitheamh. Cor cinniúnach a bhí sa gcogadh nuair a tháinig na Stáit Aontaithe i gcabhair ar fheachtas Iosrael chun trí láthair núicléach a bhuamáil ón aer.[1][2]

D'fhógair Donald Trump sos cogaidh ar an 23 Meitheamh.

Iaráin agus a comhghuaillithe
Trump ar an 3 Eanáir 2020 agus feallmharú Qasem Soleimani "terminated"

Achrann ar fiuchadh roimh 2025

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí buairt agus imní ann ó na 2000idí go mbeadh an Iaráin in ann buama núicléach a chur le chéile.[3] Bhí an Iaráin ag maíomh le fada nach raibh ach spriocanna síochána lena clár núicléach. Ach níor chreid Iosrael riamh an scéal sin. Dúirt na hIaránaigh i gcónaí nach raibh aon airm núicléacha á bhforbairt acu agus gur mar fhoinse fuinnimh amháin a bhí úráiniam á shaibhriú acu.[4]

Rinneadh Socrú núicléach leis an Iaráin in 2015, an JCPOA.[5] D’éirigh na Stáit Aontaithe, faoi stiúir Trump, as an Socrú ar an 8 Bealtaine 2018. Cháin sé an Socrú mar "an margadh is measa riamh".

Seach-chogaí a bhí ann go hairithe roimh Meitheamh 2025. Agus buaileadh an Iaráin agus a comhghuaillithe go dona. Theith Bashar al-Assad an tSiria sa bhliain 2024. Briseadh Hamas i nGaza agus Hezbollah sa Liobáin.[6][7]

I mí an Mheithimh 2025, bhí Iosrael uilechumhachtach sa réigiún.

13 Mei 2025: Buaileadh Tehran go dona

Meitheamh 2025

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 13 Meitheamh 2025, chuir Iosrael tús le "blitzkrieg". Thug Iosrael an t-ainm "Leon ag éirí" ar an "oibríocht" (Leabhar na nUimhreacha, caibidil 23, véarsa 24):

"seo pobal, amhail banleon ag éirí,

ar tinneall mar leon ar tí léim,

agus nach luíonn go n-alpann a chreach,

agus go slogann fuil ar mharaigh sé.”

  • Buaileadh ionaid núicléacha agus monarchana diúracán san Iaráin, ionsaithe gan choinne de chuid Iosrael.
  • Mharaigh Iosrael roinnt ceannairí míleata chomh maith (agus muintir na gceannairí go minic).

- Maorghinearál Mohammad Bagheri, Ard‑cheannaire forás armtha na hIaráine

- Maorghinearál Hossein Salami, ceannaire IRGC

- Maorghinearál Amir Ali Hajizadeh, ceannaire fórsa aero-spáis IRGC

- Maorghinearál Gholam Ali Rashid, i mbun Khatam-al Anbiya HQ.[9]

- Davoud Shaykhian (IRGC air defence) agus Taher Pour (IRGC drone unit)

- Gholamreza Mehrabi, leas-cheannaire faisnéise[10]

- agus maraíodh ocht ginearál eile timpeall na tíre.

- Maraíodh ar a laghad 6 eolaí mór le rá: Fereydoun Abbasi Davani agus Mohammad Mehdi Tehranchi san áireamh.

- Maraíodh príomh-idirbheartaí na hIaráine, Ali Shamkani,[11][12] bhí sé i mbun na gcainteanna a bhí ar siúl faoin Socrú Núicléach.[13]

Dúirt an Iaráin ar 13 Meitheamh gur maraíodh 78 duine agus gur gortaíodh 329 sna hionsaithe ar cheantracha conaitheacha i dTehran. Maraíodh 60 duine eile, lena n‑áirítear 20-30 páiste, nuair a buaileadh árasán amháin (an "Nua‑Thír Seoul") ar an 14 Meitheamh.[14] Bhuail taom sceimhle Tehran agus theith cuid den daonra.

Bhagair Iosrael ionsaithe eile chun bac a chur ar an Iaráin arm núicléach a thógáil.

Ar an 15 Meitheamh, buaileadh lárionad ceannais Scothfhórsa Quds na hIaráine.

Rinne fórsaí míleata Iosrael tuilleadh ruathar buamála ar áiteanna éagsúla san Iaráin sna laethanta dár gcionn sna laethanta ina dhiaidh sin. Ionsaíodh cathracha eile fosta, lena n-áirítear Natanz, áit a bhfuil áiseanna núicléacha, agus Tabriz, áit a bhfuil bunáit aerfhórsa na hIaráine.[15]

Aisfhreagra na hIaráine

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scaoil an Iaráin maidhm diúracán le hIosrael, agus d’éirigh le cuid díobh sin córas cosanta Iosrael, an Iron Dome, a shárú.[16] D’ionsaigh fórsaí na hIaráine na cathracha Iosraelacha Tel Aviv agus Haifa le diúracáin agus dróin. Bhí an t-aerthaisteal sa réigiún ina chíor thuathail.[17][18]

Ó 15 Meitheamh ar aghaidh, rinne Rialtas Iosrael agus Rialtas na hIaráine cinsireacht throm ar an nuacht. Ní raibh a fhios againn céard a tharla i gcónaí.

Bhain na S-A úsáid as an Bumadóir B-2 don chéad uair sa Mheánoirthear

Na Stáit Aontaithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dúirt Uachtarán Trump na Stát Aontaithe go raibh a fhios aige go raibh na hionsaithe ag teacht. Mhaígh an tUachtarán go raibh foláireamh 60 lá tugtha aige do Tehran i mí Aibreáin 2025. Labhair sé le Benjamin Netanyahu ar an 12 Meitheamh (an 60ú lá) agus arís ar an 13 Meitheamh (61ú lá). Mhol an Trumpach do mhuintir Tehran imeacht roimh an ionsaí, amhail is go raibh a fhios aige roimh ré. Thug le fios ag an am go bhféadfadh ionsaithe níos fíochmhaire teacht ó Iosrael.

Mhaígh Trump ar an 13/14 Meitheamh 'gur éirigh go maith leis na hionsaithe' agus ghlac sé an chreidiúint. D'impígh Trump ar Iaráin comhaontú a shíniú láithreach a chuirfeadh srian ar a cuid gníomhaíochtaí núicléacha. Sheáin sé go raibh sé ag iarraidh páirt a ghlacadh i gcainteanna síochána idir Iosrael agus Iaráin. Ar an 17 Meitheamh d’fhág Trump cruinniú G7 i gCeanada go tobann. D'fhill sé go Washington DC chun pleananna a phlé chun Iaráin a ionsaí.[19]

Tháinig cáineadh ó rialtas na Síne, agus iad ag rá go raibh Trump ag cur leis an teannas.

Ar an 21/22 Meitheamh, rinne na Stáit Aontaithe ionsaí buamála aeir, Oibríocht "Midnight Hammer", ar na trí mhórionad núicléach san Iaráin.[20] Mhaígh an tUachtarán Trump go ndearnadh dochar mór do na hionaid ar fad, ach ní raibh sé soiléir go baileach cé mhéad dochair a bhí déanta. Mhaígh an Iaráin gur tógadh cuid mhaith den úráinium ar shiúl ó na hionaid ó thosaigh na haerionsaithe Iosraelacha. Thaispeáin íomhánna saitilíte an dochar a rinne ionsaithe buamála Mheiriceá d'ionad núicleach Fordow, a bhfuil cuid mhór de faoin talamh. In ainneoin na n-ionsaithe ar fad, ní raibh aon ardú ar an méid radaíóchta atá á thaifead sna trí limistéir, dar leis an IAEA, foras faire núicleach na Náisiún Aontaithe.[21]

Thug an Iaráin cearrbhach ar an Uachtarán Trump as 'dul i bpáirt le hIosrael san fheachtas míleata ina n-aghaidh' agus dúirt gur mhéadaigh na hionsaithe sin an líon spriocanna dleathacha a bheadh ag fórsaí na hIaráine.

Aisfhreagra na hIaráine

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 23 Meitheamh, scaoil an Iaráin diúracáin ag bunáiteanna míleata de chuid na Stát Aontaithe sa Chatar agus san Iaráic, tar éis don Iarain réamhfhógra a thabhairt, rud a thug deis do na saighdiúirí a bhí ar dualgas ansin dul ar foscadh nó an áit a fhágáil.

Scríobh Uachtarán na hIaráine ar X nach iad a thosaigh ná a lorg an cogadh ach nach bhfágfaí ionsaí ar an Iaráin gan freagra. Dar leis, bhí an Iaráin ag tabhairt 'freagra cumhachtach' ar ionsaithe Mheiriceá .Bhí bagairt déanta ag roinnt ceannairí míleata sinsearacha san Iaráin chomh maith go n-íocfaidh Meiriceá as na hionsaithe sin. D’eisigh ceannasaí arm na hIaráine, Abdolrahim Mousavi, ráiteas inar dhúirt sé go raibh leithscéal tugtha ag na Stáit Aontaithe dá chuid fórsaí féin “aon bheart” a dhéanamh in aghaidh thrúpaí na Stát Aontaithe. Dúirt sé “nach ngéillfeadh an Iaráin go deo”. Dúirt Ebrahim Zolfaqari, urlabhraí cheanncheathrú na bhfórsaí míleata, Khatam al-Anbiya, gur chóir do na Stáit Aontaithe a bheith ag súil le hiarmhairtí tromchúiseacha ar a gcuid ionsaithe. “Mr Trump, an cearrbhach, b’fhéidir gur tusa a thosódh an cogadh seo ach is muidne a chríochnóidh é,” a dúirt Zolfaqari.[22]

Ionsaíodh Bunáit Míleata Al Udeid in Doha. Mhaígh an Iaráin go raibh an bhunáit i bhfad ó limistéir urbacha agus conaitheacha sa tír, agus nach raibh aon bhagairt ann do Chatar, 'cara agus comharsa, mar a thug urlabhraí air. Dúirt Catar go raibh sé de cheart ag an tír freagra a thabhairt an Iaráin. Níor maraíodh aon duine sna hionsaithe seo, agus rug aer-fhórsaí cosanta Catair ar na diúracáin.[23]

Cainteanna síochána

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 15 Meitheamh, chuir Rialtas na hIaráine in iúl go raibh sos cogaidh ag teastáil uaidh, agus go raibh sé réidh géilleadh maidir le roinnt pointí (saibhriú úráiniam go háirithe). Bhí sé ráite ag Uachtarán na hIaráine, Masoud Pezeshkian, nach raibh sé i gceist ag an Iaráin arm núicléach a fhorbairt ach go gcosnóidh sí a ceart fuinneamh agus taighde núicléach a dhéanamh.

Ach fuair sé an chluas bhodhar ó Netanyahu.[24] Bhí an chuma ar chúrsaí nach raibh aon rún ag Iosrael éirí as an mbuamáil, thosaigh cuid de mhuintir na hIaráine ag réiteach d’ionsaí a mhairfeadh tamall fada.[16]

Bhí comhráite teileafóin ar an 17-18 Meitheamh ag Airí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, na Fraince agus na Gearmáine le hAire Gnóthaí Eachtracha na hIaráine, Abbas Araqch. Shocraigh an dá thaobh teacht le chéile sa Ghinéiv ar an 21 Meitheamh, mar chuid de na hiarrachtaí atá ar bun teacht ar chomhréiteach faoi chlár núicléach na hIaráine agus deireadh a chur leis an gcogaíocht.[4]

Dúirt an Tánaiste Simon Harris ar an 22 Meitheamh gur freagra taidhleoireachta a bhí ag teastáil ó chlár núicléach na hIaráine, agus 'géarú as cuimse contúireach' ba ea beart na Stát Aontaithe. D'iarr sé ar Iosrael an t-imshuí a bhí ar an bhfóirithint dhaonna chuig Gaza a scor.[20]

Tar éis do na Stáit Aontaithe ionsaithe aeir a dhéanamh ar an 21/22 Meitheamh Mar ar na saoráidí núicléacha ag Fordow, Natanz agus Isfahan, dúirt Trump go gcaithfeadh an Iaráin síocháin a dhéanamh le hIosrael nó mura ndéanfadh go mbeadh “ionsaithe níos measa” i ndán di.

D'fhógair Trump sos cogaidh ar Truth Social ar an 23 Meitheamh. Ach lean Iosrael agus an Iaráin ar aghaidh leis on gcogaíocht sa mhaidin. D'éirigh an Trumpach an-fheargach. Dúirt sé go gcaithfeadh an Iaráin agus Iosrael ar aon guaim a choinneáil orthu féin. "Tá dhá thír againn agus iad ag troid lena chéile an fhad sin nach bhfuil a fhios acu sa f**k céard atá siad a dhéanamh", a dúirt Trump[25][26] agus an eascainí uaidh ag léiriú an mhífhoighid a bhi air leo.[27]

Dúirt an Iaráin gur maraíodh 610 sibhialtach agus gur gortaíodh 4,700 eile ansiúd ó thosaigh ionsaithe Iosrael an 13 Meitheamh, go dtí an 23 Meitheamh. Ina measc siúd bhí 13 páiste a raibh duine amháin díobh sin dhá mhí d'aois.[27]

‘Athrú réimis’

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dúirt Rúnaí Cosanta Marco Rubio agus Leas-Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá JD Vance nach raibh aon suim ag an tír athrú réimis a thabhairt isteach san Iaráin, ach a mhalairt a thug Donald Trump le fios, ag teacht salach ar a raibh le rá ag feidhmeannaigh eile dá chuid (ar an 22 Meitheamh i bpostáil ar a mheán sóisialta, TRUTH).

An lá dár gcionn, ní raibh Trump ag iarraidh athrú réímis san Iaráin, a dúírt sé nuair a d'fhógar sé sos cogaigh. Mhaíghsé go bhfágfadh sé seo an tír in amhréidh ar fad.[27]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Ciarán Ó Pronntaigh (23 Meitheamh 2025). "Cloíonn neart ceart < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2025-06-24.
  2. "Ionsaí déanta ag Iosrael ar ‘ionad radair’, ach plean d’ionsaithe eile stoptha i ndiaidh comhrá le Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-06-24). Dáta rochtana: 2025-06-24.
  3. Nuacht RTÉ (2015-07-14). "Socrú núicléach idir Meiriceá agus An Iaráin" (as ga). 
  4. 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2025-06-20). "Comhráite sa Ghinéiv faoi chlár núicléach na hIaráine" (as ga-IE). 
  5. Joint Comprehensive Plan of Action
  6. "Iran–Israel proxy conflict" (as en) (2025-06-15). Wikipedia. 
  7. Jason Burke (2025-06-15). "How the dismantling of Iran’s regional proxies paved way for Israel’s attack" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-06-15.
  8. crisisrelief.un.org. "Yemen: The worst humanitarian crisis in the world" (en). crisisrelief.un.org. Dáta rochtana: 2022-07-23.
  9. "Gholam Ali Rashid" (as en) (2025-06-15). Wikipedia. 
  10. "Gholamreza Mehrabi" (as en) (2025-06-15). Wikipedia. 
  11. "Ali Shamkhani" (as en) (2025-06-16). Wikipedia. 
  12. Monday, 16 June 2025, 12:12 pm Article: Gordon Campbell. "On The West’s War Against Iran | Scoop News". www.scoop.co.nz. Dáta rochtana: 2025-06-16.
  13. "Russia recognizes that US-Iranian talks will not take place — senior diplomat". TASS. Dáta rochtana: 2025-06-16.
  14. "Bombardment, strikes, deaths in third day of fierce Israel-Iran conflict" (en). Al Jazeera. Dáta rochtana: 2025-06-15.
  15. Conradh na Gaeilge, Londain (21 Meitheamh 2025). "Nuacht Mhall (Ard Mhacha)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-06-21.
  16. 16.0 16.1 "An ceathrú lá den choimhlint mharfach idir an Iaráin agus Iosrael" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-06-16). Dáta rochtana: 2025-06-16.
  17. Lisa Barrington, Joanna Plucinska, Lisa Barrington, Joanna Plucinska (2025-06-13). "Middle East airspace shut after Israel strikes Iran, airlines cancel flights" (en). Reuters. Dáta rochtana: 2025-06-13.
  18. Bhí an t-aerthaisteal sa réigiún ina chíor thuathail. Thaispeáin suíomhanna aerthaisteal gur beag soiteach a bhí san aer os cionn na hIaráine, na hIaráice na hIordáine agus Iosrael. Bhí 650 eitilt chuig an Eoraip curtha ar ceal sa Mheánoirthear ar an 13 Meitheamh. "Sárú dána ar fhlaitheas na hIaráice" a bhí sna hionsaithe, a dúirt an rialtas i mBagdad. Bhí gearán déanta ag an Iaráic leis na Náisiúin Aontaithe, gur úsáid Iosrael aerspás na hIaráice leis an ionsaí ar an Iaráin a thabhairt i i gcrích.
  19. "Trade, a sudden exit, Middle East conflict - five takeaways from G7" (en-GB). www.bbc.com (2025-06-18). Dáta rochtana: 2025-06-21.
  20. 20.0 20.1 Nuacht RTÉ (2025-06-23). "Triúr saoránach agus a gcleithiúnaigh aslonnaithe ón Iaráin" (as ga-IE). 
  21. Nuacht RTÉ (2025-06-23). "'Cearrbhach' é Donald Trump a deir an Iaráin" (as ga-IE). 
  22. "‘Athrú réimis’ san Iaráin á lua ag Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-06-23). Dáta rochtana: 2025-06-23.
  23. Nuacht RTÉ (2025-06-23). "Diúracáin láinseáilte ag an Iaráin ar Chatar agus ar an Iaráic" (as ga-IE). 
  24. Summer Said, Benoit Faucon and Anat Peled. "Exclusive | A Battered Iran Signals It Wants to De-Escalate Hostilities With Israel and Negotiate" (en-US). WSJ. Dáta rochtana: 2025-06-16.
  25. LifeSite (2025-06-24). "Trump rebukes Israel, Iran over hostilities after ceasefire announced - LifeSite" (en-US). Dáta rochtana: 2025-06-24.
  26. Trump leis na hiriseoirí, ag é dul ar bord Marine 1: “We basically have two countries that have been fighting so long, so hard, that they don’t know what the fuck they’re doing. You understand that?”
  27. 27.0 27.1 27.2 Nuacht RTÉ (2025-06-24). "'Ná scaoil anuas na buamaí sin' fainic Trump ar Iosrael" (as ga-IE).