Jump to content

Cogaí na dTrí Ríocht

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCogaí na dTrí Ríocht
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52° 04′ 00″ N, 1° 19′ 00″ O / 52.0667°N,1.3167°W / 52.0667; -1.3167
Cineálcogadh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse1638 - 1651
SuíomhRíocht Shasana
Ríoghacht Éireann
Ríocht na hAlban Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí

Sraith coimhlintí a troideadh idir 1639 agus 1653 i ríochtaí Shasana, Albain agus na hÉireann ab ea Cogaí na dTrí Ríocht, a bhí ina shlánaonaid ar leithligh ag an am sin in aontas pearsanta faoi Shéarlas I. Ina measc tá Cogaí na nEaspag 1639 go 1640, an Chéad agus an Dara Cogadh Cathartha Sasanach, Cogaí Comhdhála na hÉireann, concas Chromail ar Éirinn agus an Cogadh Angla-Albanach 1650–1652 . Mar thoradh orthu cuireadh Séarlas I chun báis , cuireadh deireadh leis an monarcacht, agus bunaíodh Comhlathas Shasana, stát aonadach a bhí i gceannas ar Éireann agus an Bhreatain Mhór go dtí Athchóiriú na Stiùbhartach sa bhliain 1660 .

Téann coimhlint pholaitiúil agus reiligiúnach idir Séarlas I agus a chéile comhraic siar go dtí blianta tosaigh a réimis. Cé gur thacaigh a bhformhór mór le hinstitiúid na monarcachta, níor aontaigh siad ar cé a raibh údarás deiridh acu. Go ginearálta d'áitigh ríogaithe go raibh comhlachtaí polaitiúla agus creidimh faoi smacht an rí, agus thacaigh formhór a gcomhghleacaithe Parlaiminte le cineál teoranta monarcachta bunreachtúla. Rinne difríochtaí ar reiligiún agus saoirse creidimh an cás níos measa. Chuir Protastúnaigh leasaithe ar nós na bPiúratánach Sasanach agus Cúnantóirí na hAlban i gcoinne na n-athruithe a rinne Charles a fhorchur ar eaglaisí stáit Protastúnacha Shasana agus na hAlban . In Éirinn, an t-aon críoch le tromlach Caitliceach, theastaigh ó Chónaidhmigh na hÉireann deireadh a chur le hidirdhealú frith-Chaitliceach, féinrialtas níos mó, agus droim láimhe a thabhairt le dheontais talún do lonnaitheoirí Protastúnacha.

Thosaigh na coimhlintí le Cogaí na nEaspag sa bhliain 1639 -1640, nuair a fuair Cúnantóirí na hAlban a bhí i gcoinne leasuithe reiligiúnacha Shéarlais smacht ar Albain agus ar feadh tamall gearr d'fhorghabhadar tuaisceart Shasana. Rinne Caitlicigh Éireannacha éirí amach sa bhliain 1641, a d'fhorbair ina gcoimhlint eitneach i gcoinne lonnaitheoirí Protastúnacha. Reáchtáil Comhdháil Chaitliceach na hÉireann, a bunaíodh chun an t-éirí amach a rialú, an chuid is mó d'Éirinn sa chogadh ina dhiaidh sin in aghaidh na Ríogaithe, na bParlaiminteoirí, agus na gCúnantóirí. Cé gur aontaigh an tríúr i mí Lúnasa 1642 go raibh gá le deireadh a chur leis an éirí amach, ní bheadh muinín ag aon cheann de na páirtithe go mbeadh smacht ag an bpáirtí eile ar an arm, a bunaíodh chun na críche sin. I mí Lúnasa 1642, chuir an tsáinn pholaitiúil a bhí mar thoradh air tús leis an gCéad Chogadh Cathartha Sasanach, a chuir Ríogaigh i gcoinne na bParlaiminteoirí agus a gcomhghuaillithe, sé sin na Cúnantóirí i Sasana agus sa Bhreatain Bheag.

Tháinig deireadh leis an gcogadh i Sasana nuair a ghéill Séarlas do na hAlbanaigh sa bhliain 1646, ach d'fhág deighiltí i measc a chéilí comhraic agus a dhiúltú géilleadh dóibh maidir le lamháltais shuntasacha pholaitiúla, gur tharla ráig nua troda sa bhliain 1648. Sa Dara Cogadh Cathartha Sasanach, chlaoigh na Parlaiminteoirí na Ríogaigh arís agus baicle Cúnantóra ar a dtugtar Na Rannpháirtithe (Béarla: THe Engagers). Ruaig an Modh-Arm Nua de chuid na bParlaiminteoirí na daoine as Parlaimint Shasana a bhí ag iarraidh leanúint ar aghaidh leis an idirbheartaíocht leis an rí. Cheadaigh an Pharlaimint Gheadáin (Gaeilge: The Rump Parliament) a bhí ann dá bharr, cur chun báis an rí i mí Eanáir 1649, agus bhunaigh sí Comhlathas poblachtach Shasana. I gConradh Breda, d'aontaigh na hAlbanaigh Séarlas II a thabhairt ar ais do ríchathaoir Shasana, ach buaileadh iad sa chogadh Angla-Albanach 1650-1652. Faoi Oilibhéar Cromail, chloígh an Comhlathas Ríocht na hÉireann agus gabhadh formhór thailte na gCaitliceach. Rinneadh poblacht aontaithe d'oileáin na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí á rialú ag Cromail agus a bhí faoi cheannas an airm. Bhí ráigeanna foréigin ann anois agus arís go dtí gur athchóiríodh an mhonarcacht sa bhliain 1660.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]