Cnapáin mhangainéise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cnapáin mhangainéise

Maiseanna ocsaídí miotal i gcnapáin a fhoirmíonn ar ghrinneall na farraige. Thángthas orthu den chéad uair le linn aistear an Challenger i 1873, agus sna príomhimchuacha aigéanacha ó shin ach amháin san Artach. Tugtar cnapáin fearómhangainéisilmhiotal orthu freisin de bharr na n-ocsaídí a bhíonn iontu. Den chuid is mó bíonn siad saibhir i mangainéis is iarann, ach faightear copar, nicil, cobalt, tíotáiniam, agus miotail luachmhara trádála eile iontu. Tá spéis ag comhlachtaí is tíortha ina saothrú, ach níl dlí na mara ina bhfabhar.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cnapáin mhangainéise". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 150.