Cluichí Breisithe
| Cineál | imeacht spóirt féiltiúil |
|---|---|
| Tuilleadh eolais | |
| Suíomh | enhanced.com |
Bhunaigh an fear gnó Aron D'Souza[1] The Enhanced Games (TEG) nó na Cluichí Breisithe sa bhliain 2023. Beidh na chéad ‘Enhanced Games’ domhanda ar siúl in Las Vegas i mí na Bealtaine 2026, is cosúil. Ag an ócáid sin, beidh cead ag lúthchleasaithe drugaí áirithe a thógáil.[2]
Ar shuíomh idirlín[3] an Enhanced Games, deirtear “gur ré nua é seo do spórt éilíte, ardán chun teorainn spóirt a shárú, cuntais taifeadta a athscríobh agus todhchaí an spóirt a athshamhlú”.

Drugaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní cheadaítear gach cineál druga. Ach an uair seo, áfach, beifear oscailte faoi agus "níl aon druga faoi cheilt".[2]
Sin ráite, níl ceadaithe ach iadsan a thagann faoi na rialacha atá curtha i bhfeidhm ag an Riarachán Bia is Drugaí de chuid na Stát Aontaithe. Mar shampla, níl cead ag iomaitheoirí hearóin ná cócaon a ghlacadh ná na drugaí a bhfuil cosc ag an FDA orthu ach tá roinnt ar an liosta sin nach bhfuil ceadaithe ag WADA (an ghníomhaireacht dhomhanda in aghaidh dópála). Beidh cead ag iomaitheoirí na drugaí atá glactha ag an FDA a thógáil chun cur lena dtaispeántas.[2]
Lucht spóirt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Beidh tóir an-mhór ar na Enhanced Games sna Stait Aontaithe, agus poiblíocht an-mhór gnóthaithe ag TEG cheana féin. Tá snámhaithe, lúthchleasaithe agus tógálaithe meáchain ceangailte leis an tionscal. Ach ní cheaptar go mbeadh sé san iomaíocht le leithéidí na gCluichí Oilimpeacha agus chraobhacha an domhain a mbeidh na mílte ag glacadh páirt ann.
Faoi láthair (Samhain 2025), níl an oiread sin lúthchleasaithe cláraithe do TEG agus beidh le feiceáil an dtarlóidh TEG i Las Vegas sa bhliain 2026.
An chúis go bhfuil lúthchleasaithe ag iarraidh páirt a ghlacadh sna Enhanced Games ná airgead. Caithfear a bheith i measc na bpearsantachtaí móra aitheanta chun airgead maith a shaothrú agus tá cinneadh déanta ag roinnt go mb’fhearr leo dul go Las Vegas chun triail an duaischiste $500,000 a bhaint. Má éiríonn le hiomaitheoir curiarracht dhomhanda a shárú sa 100m rás reathaíochta nó 50m snámh, gheobhaidh siad milliún dollar.
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dúirt an snámhóir Shane Ryan go mbeidh sé ag glacadh páirt sna Enhanced Games,[4] rud a tharraing conspóid. D’éirigh sé as mar shnámhaí na hÉireann in 2025 agus bhí sé ag na Cluichí Oilimpeacha faoi thrí. Dúirt sé go raibh sé ag iarraidh rud éigin a thabhairt ar ais chuig an spórt a bhí go maith dó. Bhí sé ag múineadh snámhóirí óga sa bhliain 2025.[2]

Conspóid : lagú na luachanna morálta ?
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá na húdaráis in aghaidh dópála ina gcíor thuathail faoi, ag tabhairt “freak show” (ainriochtán) ar TEG. Tá na Enhanced Games ag dul go hiomlán in aghaidh na n-ídéal ar fad a bhaineann le spórt. Is iad sin a bheith ionraic, glan ó dhrugaí agus ag múineadh do pháistí agus daoine eile gur féidir leat an sliabh a dhreapadh má oibríonn tú crua go leor. Leis na Enhanced Games, tá siad ag maíomh gur féidir an rud céanna a dhéanamh ach ligean do dhrugaí cuidiú leat.
Ní hé sin an teachtaireacht atá urraitheoirí ná eagraíochtaí ag iarraidh a chothú ná a bheith taobh thiar dó.[2]
Sin ráite, níl na luachanna de chineáltas, meas, caoinfhulaingt ná comhoibriú go mór in airde sa tsochaí sna 2020idí. Tá sé thar a bheith deacair múineadh do pháistí agus daoine óga cad iad na rudaí ceart a dhéanamh, go háirithe mar nach bhfuil luach ag go leor ar na luachanna morálta sin.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ fear gnó as an Astráil, atá an-mhór le Peter Thiel sna S-A, ar dheis ar fad
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 Gráinne McElwain (Seachtain) (2025). "Is seó é na ‘Enhanced Games’ nár mhaith liom a fheiceáil". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-11-21. Dáta rochtana: 2025.
- ↑ "Enhanced Games" (en). www.enhanced.com. Dáta rochtana: 2025-11-21.
- ↑ "Ireland’s Most Decorated Swimmer Shane Ryan Joins Enhanced Games - Enhanced" (en). www.enhanced.com. Dáta rochtana: 2025-11-21.