Club Atlético de Madrid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Atlético Maidrid
Peil
Atlético, Atleti, Colchoneros, Rojiblancos, Indios
Sainchomharthaí
Éidí
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Baile
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
As baile
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Tríú éide
Dathanna: Bán - Dearg - Gorm
Sonraí ginearálta
Cathair: Maidrid
Tír: An Spáinn
Cónaidhm: UEFA
Sraith: Primera División de España
Bunaithe: 1903
Uachtarán: Enrique Cerezo
Traenálaí: Diego Simeone
Staidiam: Vicente Calderón
(54 851 áit)
Suíomh: www.clubatleticodemadrid.com

Club sacair i Maidrid na Spáinne is ea Club Atlético de Madrid, nó go simplí Atlético de Madrid. Faoi láthair imríonn siad sa Primera División de La Liga española de fútbol. Imríonn siad i staid Vicente Calderón, áit a bhfuil slí ann le haghaidh 55,000 duine. Tá an club ar cheann de na clubanna is rathúla i stair shacar na Spáinne, agus La Liga agus Copa del Rey buaite acu naoi n-uaire. Bhuaigh siad Corn na gCuradh sa bhliain 1962, bhí siad sa dara háit i gCorn na hEorpa sa bhliain 1974 agus bhuaigh siad an Corn Idir-Ilchríochach sa bhliain 1975. Sa bhliain 2010, cé nár éirigh go rómhaith leo sa Liga, bhí seans acu ar chraobh an Europa League. Rug siad an chraobh leo in Hamburg na Gearmáine in aghaidh Fulham F.C. ar 12 Bealtaine.

Tá cúpla leasainm orthu, ar nós Los Colchoneros nó "déantóirí tochtanna," toisc dathanna na foirne a bheith cosúil leis na seantochtanna. I rith na 1970í thugtaí Los Indios orthu. Dúradh ag an am go raibh an t-ainm seo orthu de bharr a raibh d'imreoirí ó Mheiriceá Theas san fhoireann, agus dúradh freisin gurbh é brí an ainm iad a bheith naimhdeach do Los Blancos (Real Madrid), foireann eile de chuid na príomhchathrach.