Jump to content

Cliseadh na stocmhargaí 2025

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCliseadh na stocmhargaí 2025
Cineálstock market crash (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse2 - 10 Aibreán 2025

Thosaigh Cliseadh na stocmhargaí 2025 i mí an Márta 2025. Ghéaraigh an tuairteáil i dtús mhí Aibreáin. Chaill an lucht infheistíochta na trilliúin dollar den luach a bhí ar a gcuid scaireanna ,agus imní ann faoi chúlú domhanda.[1]

"Lá na Saoirse", 2 Aibreán 2025 agus Trump sa Teach Bán
Físeán: Trump ar an 26 Márta 2025 (ag 3n20 ar aghaidh)
Físeán: 2 Aib 2025 - Taylor Budowich, Stephen Miller, Karoline Leavitt agus U.S. Trade Representative Jamieson Greer

Cogadh trádála

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn 31 Márta-7 Aibreán, bhí luach ollmhór caillte ag stocmhargaí ar fud na cruinne leis an imní agus doiléire a bhí ann faoi na taraifí ar onnmhairiú chuig na Stáit Aontaithe a bhí feidhmithe ag an Uachtarán Trump.

Thug Trump "Lá na Saoirse" ar an 2 Aibreán agus d'fhógair sé taraifí nua.[2] Bhí fainic curtha ag Donald Trump ar rialtaisí go domhanda go mbeadh orthu "go leor airgid" a íoc le fáil réidh leis na taraifí, agus dúirt sé gur "leigheas" a bhí sna dleachtanna nua. Thit an tóin as na stocmhargaí.

Tar éis deireadh seachtaine ag galfáil i Florida, d'fhógair Trump "Níl mé ag iarraidh go n-ísleodh rud ar bith ach caithfidh tú leigheas a thógáil scaití le caoi a chur ar rud." Dúirt Trump gur labhair sé le cinnirí san Eoraip agus san Áis a bhí ag iarraidh air na taraifí a laghdú. "Tá siad ag teacht chun boird. Tá siad ag iarraidh caint, ach ní bheidh aon chaint ann muna n-íocfaidh siad go leor airgid linn, go bliantúil".[1]

Thit na margaí go tubaisteach agus caint go tréan ar chúlú ar an ngeilleagar leis na taraifí atá ngearradh sna Stáit Aontaithe. Ar an 4 Aibreán ar Wall Street, glanadh 5% de luach na gcuideachtaí a raibh scaireanna ar na margaí acu, ainneoin figiúirí maithe fostaíochta i Meiriceá ag an am.[1]

Ar an 4-6 Aibreán d'fhógair an tSín táillí a ghearradh ar ábhar as Meiriceá mar fhreagra ar an Uachtarán. Thosaigh lucht infheistíochta ag cur airgead mór go ngearrfar rátaí na mbanc ceannais, an Cúlchiste Feidearálach nó Federal Reserve i Meiriceá agus Banc Ceannais na hEorpa. Neartiagh an euro in aghaidh an dollar, agus bhí tóir go tréan freisin ar an yen agus franc na hEilvéise.

Sheas an billiúnaí Bill Ackman, bainisteoir cistí stocmhalartáin, go tréan le Trump agus é i mbun feachtais toghchánaíochta; dúirt sé gur cheart stad a chur leis na taraifí le "geimhreadh núicléach geilleagair" a sheachaint.[1]

Ar an 8/9 Aibreán d'ardaigh an Treasury 30 bliain go 5.00% agus tháinig méadú 12bp ar CDS 5 bliain na Stát Aontaithe (30 go 42bp).[3][4] Buaileadh na bancanna agus na cistí fálaithe go dona. Luaineacht ábhalmhór a bhí ann.[5][6]

U-chasadh ollmhór

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla U-chasadh ollmhór ar an 9 Aibreán - bhí sos 90 lá fógartha ag Trump maidir leis na taraifí arda a bhí beartaithe aige a ghearradh ar go leor tíortha. D'ardaigh an NASDAQ 12% agus an S&P500 10% go tobann.[7]

Seachtain amháin níos déanaí, ar an 9 Aibreán, rinne Trump U-chasadh ollmhór; d'fhógair sé sos 90 lá maidir leis na taraifí arda a bhí beartaithe aige a ghearradh ar go leor tíortha. Go gairid ina dhiaidh sin, ar an 9 Aibreán, d'ardaigh an NASDAQ 12% agus an S&P500 10%.[8][9]

D'fhógair an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta go dtiocfaidh fás i bhfad níos lú ar an ngeilleagar domhanda in 2025 ná mar a bhí tuartha ar dtús, i bhfianaise na dtaraifí a bhí curtha ag Uachtarán Trump ar earraí a iompórtálann na Meiriceánaigh. I dtús 2025, bhí an CAI ag súil go dtiocfadh ardú 3.3% ar fhás eacnamaíochta ar fud an domhain i rith 2025. Ach trí mhí níos déanaí, bhí sé tuartha ag an eagraíocht go dtiocfadh ardú 2.8% ar an ngeilleagar domhanda i rith na bliana 2025. Ó thaobh na Stát Aontaithe de, bhí sé tuartha go dtiocfaidh 1.8% d'fhás ar gheilleagar na tíre sin i rith 2025, seachas 2.7% d’fhás, mar a bhí tuartha ag tús na bliana.[10] Bhí comhairle curtha ag an gCAI ar thíortha oibriú lena chéile chun bail sheasmhach a chur ar thrádáil idirnáisiúnta in athuair. Dúirt an CAI go raibh sé fíordheacair réamhaisnéis chruinn a thabhairt maidir le rátaí fáis, mar gheall ar go raibh pleananna na Stát Aontaithe maidir le cur i bhfeidhm na dtaraifí ag athrú de shíor. Is mar gheall ar an ráta fáis mall i limistéir an Euro a ghearr Banc Ceannais na hEorpa a gcuid rátaí úis i mí Aibreán 2025.[10]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 4 Nuacht RTÉ (2025-04-07). "Cíor thuathail tarraingthe ag Trump ar na stocmhargaí" (as ga-IE).
  2. Joanna Stern, Adrienne Tong and Nicole Nguyen. "Here’s the iPhone. Here’s the iPhone With Tariffs." (en-US). WSJ. Dáta rochtana: 2025-04-10.
  3. "United States CDS 5 Years USD Bond Yield" (en). Investing.com (2025-04-08). Dáta rochtana: 2025-04-10.
  4. Harriet Agnew, Arjun Neil Alim, Costas Mourselas, Kate Duguid (2025-04-09). "US Treasuries sell-off deepens as ‘safe haven’ status challenged". Financial Times. Dáta rochtana: 2025-04-10.
  5. Josh Dawsey. "Lutnick’s Strategy Flummoxes Business Leaders and White House Aides" (en-US). WSJ. Dáta rochtana: 2025-04-10.
  6. Jack Pitcher and Isabella Simonetti. "The False Tariff Headline That Sent Stocks on a $2 Trillion Ride" (en-US). WSJ. Dáta rochtana: 2025-04-10.
  7. "Sos taraifí 90 lá fógartha ag Donald Trump, taraif ar an tSín ardaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-04-09). Dáta rochtana: 2025-04-10.
  8. Annie Linskey, Josh Dawsey and Meridith McGraw. "Why Trump Blinked on Tariffs Just Hours After They Went Into Effect" (en-US). WSJ. Dáta rochtana: 2025-04-10.
  9. "Sos taraifí 90 lá fógartha ag Donald Trump, taraif ar an tSín ardaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-04-09). Dáta rochtana: 2025-04-10.
  10. 1 2 Nuacht RTÉ (2025-04-22). "Ciorrú déanta ar an ráta fáis eacnamaíochta atá tuartha ag an IMF" (as ga-IE).