Claude (samhail teanga mhór)
| Cineál | ríomhróbat comhrá, conversational AI (en) |
|---|---|
| Bunleagan | |
| Leagan bogearraí | |
| Foireann | |
| Forbróir(í) | Anthropic |
| Tuilleadh eolais | |
| Láithreán Gréasáin | claude.ai (Béarla) |
| CA. Subreddit | ClaudeAI |
|
| |
Is samhail teanga mhór agus bota comhrá bunaithe ar intleacht shaorga é Claude; d'fhorbair an comhlacht Anthropic é. Déanann Claude anailís ar tháscanna, aistriúcháin, códú, taighde, agus go leor eile. [1] [2]

Forbairt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh Anthropic ag grúpa taighdeoirí a bhí ag obair roimhe sin le OpenAI (ChatGPT). Is é aidhm Anthropic córais intleachta saorga níos sábháilte agus níos iontaofa a fhorbairt.
Úsáidí agus Feidhmeanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá raon leathan feidhmeanna ag Claude, lena n-áirítear:
- Cabhrú le scríbhneoireacht agus aistriúchán
- Anailís ar dhoiciméid agus cáipéisí
- Códú agus tacaíocht le forbairt bogearraí
- Comhrá nádúrtha agus freagairt ar cheisteanna
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Molann Údarás na Gaeltachta Claude mar uirlis aistriúcháin do bhaill foirne, agus "Gaeilge mhaith aige". Maítear gur féidir leis aistriúchán agus obair eagarthóireachta a dhéanamh ar cháipéisí a bhaineann le hobair na heagraíochta.
Léirigh anailís in Tuairisc.ie gur theip ar Claude (agus ar bhotaí AI eile mar sh. ChatGPT) coincheapa casta Gaeilge a aistriú go cruinn go Béarla.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Maitiú Ó Coimín (10 Iúil 2025). "‘Gaeilge mhaith aige’ – bot AI á mholadh mar uirlis aistriúcháin d’fhostaithe Údarás na Gaeltachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-16.
- ↑ Seán Tadhg Ó Gairbhí (17 Iúil 2025). "Claude, Antain agus an tÚdarás; Bob Dylan in áit an Oireachtais; Geansaí Buí Pháidí Uí Lionáird" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-16.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (18 Iúil 2025). "Teipthe ar an Intleacht Shaorga coincheapa ‘casta’ Gaeilge a aistriú go Béarla" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-16.
| Is síol faoi bhogearra é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |