Jump to content

Clare Crockett

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaClare Crockett
Beathaisnéis
Breith14 Samhain 1982
Doire, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Aibreán 2016
33 bliana d'aois
Eacuadór Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisCrith talún
Áit adhlacthaReilig Chathair Dhoire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsiúr Cuir in eagar ar Wikidata
Ord crábhaidhHome of the Mother (en) Aistrigh
Croineolaíocht
8 Meán Fómhair 2010solemn vows (en) Aistrigh
11 Feabhra 2006religious profession (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm1534169 Allmovie: an1976298
Find a Grave: 189212463 Cuir in eagar ar Wikidata

As an Túr Fada (ceantar an Brandywell) i nDoire ba ea an tSiúir Clare Crockett (14 Samhain 1982 – 16 Aibreán 2016). Tá Crockett ina h-iarrthóir le go ndéanfaí naomh di. Thug an Eaglais Chaitliceach aitheantas foirmeálta di in Eanáir 2025.[1]

an tSiúir Clare Crockett
Uaimh, Lone Moor Road, Doire
Uaimh, Lone Moor Road, Doire


Aisteoir agus láithreoir teilifíse a bhí sa tSiúir Crockett ar tús sula ndeachaidh sí le Siúracha Searbhónta Bhaile na Máthar sa Spáinn i 2001. Bhí sí ina bean rialta ón bhliain roimhe sin.

Bhí obair thréadach, séiplíneacht ospidéil agus obair mhisinéireachta déanta sa Spáinn, sna Stáit Aontaithe agus in Eacuadór ag an bhean rialta le linn a saoil ghairid.[1]

Bhásaigh an tSr Crockett i gcrith talún in Eacuadór i Meiriceá Theas ar an 16 Aibreán 2016, in aois 33 bliain di. Is amhlaidh a thit an scoil a raibh sí ag múineadh ceoil ann i Playa Prieta sa chrith talún, nuair a bhí an tSiúir Crockett ag iarraidh daoine a thabhairt amach as an fhoirgneamh.[1]

'Naomhainmniú'

[cuir in eagar | athraigh foinse]

De ghnáth bíonn fanacht 5 bliana ann i ndiaidh bhás duine sular féidir an próiseas naomhaithe a thosú. 'Sé an t-iarratas ar chanónú an chéad chéim den phróiseas; bronnadh an teideal 'Searbhónta Dé' ar Crockett i mí na Samhna 2024.[2]

I mí Eanáir 2025, reáchtáladh searmanas beannaitheachta in Ardeaglais Alcalá de Henares i Maidrid, an chéad chéim sa phróiseas le go ndéanfaí naomhú ar an bhean óg.

Cuirtear tuairisc fhoirmeálta faoi bhráid na Cuallachta Naomhaithe agus má éiríonn leis an iarratas, fógraítear go bhfuil an té sin 'cásach' nó 'urramach.' Bronntar beannaitheacht ar an iarrthóir sa tríú céim agus cuirtear críoch ar an phróiseas le 'naomhainmniú.'[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Nuacht RTÉ (2025-01-12). "Bean rialta as Doire ar a bealach chun a naomhaithe" (as ga-IE). 
  2. "Sister Claire Crockett: Derry nun's family 'proud' as sainthood journey begins" (en-GB). www.bbc.com. Dáta rochtana: 2025-01-15.