Claonroinnt



Is éard is claonroinnt[2] ann (claonroinnt toghlach de ghnáth) ná cleachtas polaitiúil ina dtarraingítear teorainneacha toghcheantair ar bhealach claonta chun buntáiste a thabhairt do pháirtí polaitiúil ar leith.[3]
Modh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a dhéantar athdhréachtú ar theorainneacha toghcheantair, is féidir leis an bpáirtí atá i gcumhacht na línte a tharraingt ar bhealach a chinnteann go mbuafaidh siad níos mó suíochán.
Is ionann é agus bheith ag imirt "cártaí marcáilte" - tá na rialacha á gcumadh chun toradh áirithe a chinntiú seachas ligean don vóta cothrom cinneadh a dhéanamh. Tá sé míchothrom mar chóras, cé go bhfuil sé dlíthiúil go minic. Is ábhar conspóide mór é sna Stáit Aontaithe i gcónaí.
Bíonn cuid de na línte a tharraingítear timpeall ar cheantair vótála chomh cam le corrán ionas go gcuimseoidh siad tuilleadh vótóirí atá cláraithe le páirtí ar leith nó ar de bunadh eitneach ar leith iad.
Sna Stáit Aontaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]'Gerrymander' an focal Béarla, agus tugtar 'redistricting'[4] sna Stáit Aontaithe ar an gcóras faoina ndéantar leasuithe ar na ceantair ina dtoghtar baill Chomhdhála. Ceapadh an téarma Béarla "gerrymandering" tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar léarscáileanna Mhassachusetts de 1812 a shocraigh an Gobharnóir Elbridge Gerry, a thug faoi deara go raibh cuma an tsalamandair ar cheann de na ceantair.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Illinois's 4th congressional district" (as en) (2025-09-25). Wikipedia.
- ↑ i mBéarla, gerrymandering
- ↑ "Claonroinnt toghlach agus cóimheá na cumhachta i Stáit Aontaithe Mheiriceá" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-10-30). Dáta rochtana: 2025-10-30.
- ↑ "Redistricting" (as en) (2025-09-04). Wikipedia.