Jump to content

Claonadh (gearrscannán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí ScannáinClaonadh

Gearrscannán aiteach le Ciara Ní É é Claonadh.

Taispeánadh Claonadh den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe na bliana 2025 agus ar an 4 Lúnasa ag an bhféile GAZE i mBaile Átha Cliath, mar chuid de bhloc iomlán scannán aiteach i nGaeilge. Bhí Claonadh le feiceáil ag féilte timpeall na tíre agus níos faide i gcéin chomh maith.

Rinneadh Claonadh a thaifeadadh ag Teach na Buiríse, Co. Cheatharlach, agus ba iad Siobhán Callaghan, Olga Wehrly, Eleanor O’Brien, Bairbre Ní Chaoimh agus Donncha Crowley a bhí sna príomhróil. Fuair an gearrscannán tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.

In Éirinn sna 1920idí iompaíonn an dúil atá ag cailín aimsire ina dúspéis. Suite i dTeach Mór, áit a bhfuil rialacha dochta i réim, sa scannán Claonadh fiosraítear cumhacht agus fonn, an fhantaisíocht agus an fhírinne.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]