Clúdach litreach
Clúid pháipéir nó d'ábhar tanaí eile ina gcuirtear litreacha, cártaí nó cáipéisí eile is ea clúdach litreach. De ghnáth cuirtear chuig duine sa phost é. Cuirtear postas agus seoladh an duine atá len é a fháil ar aghaidh an chlúdaigh. De ghnáth bíonn ainm agus seoladh an duine a chuireann sa phost é scríofa ar a aghaidh nó ar a chúl.
Tá saghsanna difriúla clúdach ann:
- clúdaigh litreach fuinneoige
- clúdaigh stuáilte
- aeragraim agus bileoga litreach eile
- clúdaigh bhróin

Is gnách ciúmhais dhubh ar chlúdach bróin. Cuireadh an sampla seo ó San Héilin go dtí na Stáit Aontaithe sa bhliain 1967. Taispeánann an clúdach seo freisin an cros a chuirtear ar chlúdaigh go traidisiúnta i dtíortha Críostaí áirithe.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |