Clíomeolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An domhain de réir Tholamaes, de réir léirmhíniú Johannes de Armsshein sa bhliain 1482, taispeántar chriosanna aeráide dhromchla an domhain.

Is éard is Clíomeolaíocht ann (ón Ghréigis κλίμα, klima, "áit, crios"; agus -λογία, -logia "míniúchán") ná an eolaíocht a bhaineann le staidéar ar an aeráid, agus sainmhínítear aeráid go heolaíoch mar staid na haimsire ar an mheán thar thréimhse ama.[1]. Breathnaítear ar an réimse nua-aimseartha staidéir seo  mar bhrainse de na eolaíochtaí atmaisféaracha agus mar fhoréimse den tíreolaíocht fhisiceach, atá ar cheann de na domhaneolaíochtaí. I láthair na huaire, cuimsíonn an chlíomeolaíocht gnéithe de aigéaneolaíocht agus an bhithgheoiceimic. Is féidir buneolas ar an aeráide a úsáid i gcomhair réamhaisnéisí aimsire gearrthéarmacha ag baint tairbhe as teicnící analógacha, a leithéid agus ; El Niño-Ascalú Deisceartach (ENAD), Ascalú Madden–Julian (AMJ), Ascalú an Atlantaigh Thuaidh (AAT), Innéacs Tuaisceart an Aigéin Chiúin (ITAC), Ascalú Deichbhliantúil an Aigéin Chiúin (ADAC), agus Ascalú Idirdeichbhliantúil an Aigéin Chiúin (AIAC). Baintear úsáid as múnlaí aeráide le haghaidh críocha éagsúla ó staidéar a dhéanamh ar dhinimic na haimsire agus an chlíoma, chun réamh-mheastacháin aeráide sa todhchaí a dhéanamh.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug an t-eolaí Sínieach Shen Kuo (1031-1095) le tuiscint go mbogann aeráidí go nádúrtha thar réimse ollmhór ama, tar éis dó  [[bhambú |bhambú]] clochraithe a bhreathnú, a bhfuair sé faoi thalamh in aice Yanzhou (An Cúige Yan'an, Shaanxi, an lae inniu), a thug le fios go raibh aeráid thirim tráth sa limistéar,  a bhí neamhoiriúnach i leith bambú a fhás.  [2]

Ceann de na luaththaighdeoirí aeráide ab ea Edmund Halley, a d'fhoilsigh léarscáil de na gaotha trádála sa bhliain 1686, tar éis turas go dtí an leathsféar theas a chur i gcrích. Mhapáil Benjamin Franklin (1706-1790) Shruth na Murascaille ar mhaithe le post a chur ó na Stáit Aontaithe go dtí an Eoraip. Cheap Francis Galton (1822-1911) an téarma frithchioclón.  Chuir Helmut Landsberg (1906-1985) úsáid na hainilíse staitistiúla sa chlíomeolaíocht chun cinn, a spreag a éabhlóid chun na heolaíochta fisiciúla.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Climate Prediction Center.
  2. "History of palaeobotany: selected essays" (2005). Geological Society. Dáta rochtana: 3 April 2013.