Ciste fálaithe

Is éard is ciste fálaithe ann ná ciste infheistíochta comhthiomsaithe á riaradh ag comhlacht bainistíochta gairmiúil, agus is minic a bhíonn sé curtha le chéile mar chomhpháirtíocht theoranta, mar chuideachta dhliteanais theoranta, nó mar fheithicil den chineál céanna.
De ghnáth, bíonn cistí fálaithe éagsúil ó chistí frithpháirteacha, toisc nach gcuireann rialtóirí srian ar an leas a bhaineann siad as giaráil chaipotiúil agus as cistí cothromais príobháideacha, mar go n-infheistíonn an chuid is mó de na cistí fálaithe i sócmhainní a bhíonn a bheag nó a mhór ina sócmhainní leachtacha.
Infheistíonn cistí fálaithe i raon leathan de mhargaí agus úsáideann siad stíleanna infheistíochta agus ionstraimí airgeadais éagsúla. Tagraíonn an t-ainm "ciste fálaithe" do na teicnící fálaithe a d'úsáid na cistí fálaithe go traidisiúnta, ach sa lá atá inniu ann, ní gá go mbaintear úsáid as 'fálú'.