Ciste Sóisialta na hEorpa Plus
| Sonraí | |
|---|---|
| Ainm gearr | ESF+ |
| Cineál | economy of the European Union (en) social fund (en) eagraíocht |
| Rialachas corparáideach | |
| Cuid de | Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa |


Tá Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+)[1] ar cheann de Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (Cistí SIE), a bhfuil aidhm acu comhtháthú sóisialta agus saol eacnamaíoch a fheabhsú ar fud an Aontais Eorpaigh. Ionstraimí airgeadais is ea na cistí a athroinneann caiteachas le béim ar leith ar réigiún níos lú forbartha.
Cruthaíodh an ciste sa bhliain 2021 nuair a cuireadh le chéile trí chiste a bhí ann cheana, .i. Ciste Sóisialta na hEorpa féin, an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (CCEDD) agus Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (CAEFaNS). Is ionann caiteachas ESF+ agus tuairim is 10% de bhuiséad iomlán an AE. Tacaíonn an ESF+ go háirithe le cruthú fostaíochta, i dteannta le hionchuimsitheacht an mhargadh fostaíochta.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE, go dtí 2020), An Coimisiún Eorpach.
- Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+, 2021–2027), An Coimisiún Eorpach.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Téarma: Ciste Sóisialta na hEorpa Plus". IATE. Dáta rochtana: 2025-11-07.
| Is síol faoin Aontas Eorpach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |