Ciorrú baill ghiniúna ban

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Campaign road sign against female genital mutilation (cropped) 2.jpg

Meastar go bhfuil 200 milliún duine ar domhan, idir chailíní agus mhná, ar ndearnadh ciorrú ar bhaill ghiniúna orthu, de réir staitisticí na hEagraíochta Domhanda Sláinte[1]. Déantar an gníomh seo ar chailíní agus iad faoi bhun 15 bliana d’aois de ghnáth.

Ceiliúrtar an Lá idirnáisiúnta na Neamhfhulaingthe ar Chiorrú Baill Ghiniúna Ban ar an 6 Feabhra.

Modhanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

In amanna baintear an brillín nó déantar páirtshéalú ar an labia[2]. Déantar é go minic faoi choinníollacha míshláinteacha agus de ghnáth ar chailíní in aois 5-8.

No-FGM.png

Ní bhaineann buntáiste leighis ar bith leis. D’fhéadfadh an gníomh seo a bheith ina chúis le hiarmhairtí fisiciúla nó síceolaíocha ar feadh an tsaoil.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is nós é atá níos sine ná an Chríostaíocht agus an tIoslam araon. Cé nach bhfuil baint aige leis an reiligiún, tá baint dhíreach aige leis an bpatarcacht, agus is bealach é ciorrú baill ghiniúna ban chun smacht a fháil ar choirp agus ar ghnéasacht na mban.

Inniu.déantar ciorrú ar bhaill ghiniúna ban i roinnt tíortha san Afraic go háirithe.

Oideachas

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Chuir an rialtas Trump deireadh a chur le maoiniú i gcomhair eagraíochtaí a thacaíonn leis an gceart chun ginmhillte[3].
  • Sa Rúis, dí-choiríodh foréigean baile sa bhliain 2017[4].
  • Ritheadh go leor rún sa Pharlaimint na Eorpa inar cáineadh ciorrú baill ghiniúna ban agus an foréigean in aghaidh na mban i gcoitinne[5]. Foilsíodh straitéis AE sa bhliain 2013 i dtaca le deireadh a chur leis an gcleachtas.
Léarscáil, UNICEF

Dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an cleachtas in aghaidh an dlí san Aontas Eorpach ach déantar é ar chailíní óga ó chúlra inimirce. Meastar go ndearnadh ciorrú ar bhaill ghiniúna leathmhilliún bean san Eoraip[6].

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]