Cionta in aghaidh an Oird Phoiblí (Éire)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é an tAcht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) ón mbliain 1994 an píosa reachtaíochta is tábhachtaí in Éirinn a bhaineann leis na cionta in aghaidh an oird phoiblí. Is é is ábhar don Acht seo ná iompraíocht na ndaoine in áiteanna poiblí, agus tá forálacha ann a chuireann ar chumas na n-údarás diansúil a choinneáil ar na himeachtaí poiblí. Is é is aidhm don Acht ná:

  • reachtaíocht nuashonraithe a chur ar fáil leis na cionta in aghaidh an oird phoiblí a shainmhíniú;
  • cionta ar leith a shainmhíniú a bhaineann le cambheartaíocht agus le hiarrachtaí bagracha chun airgead a éileamh ar dhaoine;
  • na cumhachtaí is na treoirlínte a thabhairt do na húdaráis leis na sluanna a rialú ag imeachtaí poiblí; agus
  • cionta nua bainteacha a shainmhíniú, cosúil leis an gcosc ar fhógraíocht an striapachais.

De réir an dlí in Éirinn, is éard atá i gceist le h-"áit phoiblí" ná na bóithre, na páirceanna poiblí, na láithreacha caithimh aimsire, na reiligí, na cealla, na traenacha, na busanna agus na feithiclí eile a úsáidtear san iompar phoiblí.

Má chreideann an Garda Síochána go bhfuil tú páirteach i gcionta den chineál seo, caithfidh tú d'ainm agus do sheoladh a thabhairt nuair a iarrfar ort iad, agus má dhiúltaíonn tú, is cion ann féin é. Tá na Gardaí, fiú, i dteideal tú a ghabháil gan bharántas mura dtugann tú d'eolas pearsanta i gcás den chineál seo, agus is féidir fíneáil an D-ranga a ghearradh díot.

De réir an Achta is féidir cosc a chur ort freastal ar an áit ina ndearna tú an cion, de bhreis ar an bpionós.

An Mheisce Phoiblí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deir an tAcht gur cion é bheith ar meisce in áit phoiblí. Is féidir fíneáil an E-ranga a ghearradh den duine a dtagtar air agus é ag meisceoireacht go poiblí, agus thairis sin, tá na Gardaí i dteideal an t-alcól nó an druga is cúis leis an meisce a shealbhú ón meisceoir.

An tIompar Colúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is éard atá i gceist leis an "iompar colúil" ná iompar míréasúnta, mímhorálta, míchuí, mímhuinte, místiúrtha nó mígheanmnaí nach bhfuil bagrach ann féin, cé go bhfuil col agus crá ann do na daoine eile. Sampla tipiciúil é an dóigh a mbíonn na daoine ag déanamh gleo ar na sráideanna in am marbh na hoíche agus iad ag filleadh abhaile ón teach tábhairne. Níl a leithéid ceadaithe idir an meán oíche agus seacht a' chlog ar maidin, agus in aon tráth eile den lá, caithfidh tú scor den chineál seo iompraíochta má iarrann an Garda ort éirí as. Fíneáil D-ranga is gnách a ghearradh den chiontóir.

Is féidir an fhíneáil a íoc mar fhíneáil mhuirir sheasta, gan dul chun na cúirte leis an gcion seo. Más fearr leat an rogha seo, caithfidh tú d'ainm agus do sheoladh a thabhairt do na Gardaí. Ansin, má thograíonn siad do chion a láimhseáil mar chion muirir sheasta, seirbheálfaidh siad fógra ort ag tabhairt le fios duit nach rachaidh do scéal chun na cúirte má íocann tú an méid atá socraithe sa rialachán. Fágfar spás ocht lá fichead agat leis an bhfíneáil mhuirir sheasta a ghlanadh.