Ciontú éagórach Peter Sullivan
| Cineál | miscarriage of justice (en) | ||
|---|---|---|---|
| Tréimhse | 1987 - 2025 | ||
| Tír | an Ríocht Aontaithe | ||
| Íospartach | Peter Sullivan | ||
Fuarthas Peter Sullivan ciontach i gcás dúnmharaithe mná sa bhliain 1987. Tharla dúnmharú Diane Sindall ar an 2 Lúnasa 1986 in aice le Borough Road, Birkenhead, bean óg a ndearnadh tromionsaí gnéasach uirthi agus í ag siúl abhaile tar éis seal ag obair i mbeár.[1]

Achomhairc
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Sullivan achomharc in 2008 agus arís in 2019. Nochtadh fianaise nua ADN sa bhliain 2021. Rinne Sullivan achomharc arís in 2024.[2] D'admhaigh an Criminal Cases Review Commission (CCRC)[3] in 2024 nach raibh ADN Sullivan ar an láthair choire (déanann an Coimisiún athbhreithniú ar phianbhreitheanna i gcásanna coiriúla tar éis don Chúirt Achomhairc breith a thabhairt).
Faoi dheireadh, ar an 14 Bealtaine 2025, fuarthas Sullivan neamhchiontach. Fuarthas amach nach raibh a chuid ADN ar an láthair choire in aon chor, rud a léirigh nach raibh baint aige leis an gcoir. Cuireadh an bhreith ar neamhní agus 38 mbliain caite ag Sullivan i ngéibheann.
Dé réir ráiteas a léigh a dhlíodóir, dúirt an tUasal Ó Sullivan “níl fearg orm, nílim searbh”. Agus í ag labhairt i ndiaidh na héisteachta, dúirt deirfiúr Sullivan, Kim Smith, “nach raibh an bua ag éinne” agus chuir sí comhbhá in iúl do mhuintir Uí Sindall.
Tá Merseyside Police, i gcomhar leis an National Crime Agency, ag leanúint lena n-imscrúdú chun an fíorchiontóir a aimsiú. D'iarr siad ar an bpobal - 38 mbliain níos déanaí - aon eolas a bhí acu agus d'fhéadfadh cabhrú leis an gcás a roinnt leo.[4] Léirigh na tástálacha ADN próifíl ADN duine anaithnid, nach bhfuil fós meaitseáilte sa bhunachar náisiúnta ADN.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (17 Bealtaine 2025). "Nuacht Mhall (Dún na nGall)" (en-CA). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-05-17.
- ↑ "Murder conviction from 1987 to be re-examined by appeal judges" (en). The Irish News (2024-11-13). Dáta rochtana: 2025-05-17.
- ↑ "Criminal Cases Review Commission" (as en) (2024-07-31). Wikipedia.
- ↑ Mark Brown North of England correspondent (2025-05-13). "‘Never forgotten’: hunt for Diane Sindall’s real killer continues as Peter Sullivan freed" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-05-17.