Cioclón Chido
Intense tropical cyclone (en) [[File:Noun Project label icon 1116097 cc mirror.svg () ![]() | ||||
| ||||
Cuid de | 2024-25 South-West Indian Ocean cyclone season (en) ![]() ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Tréimhse | 9 - 17 Nollaig 2024 | |||
Gaotha marthanacha uasta | 115 kn , 10 nóiméid ![]() | |||
Brú atmaisféarach is ísle | 935 hPa ![]() | |||
Ar an 7-15 Nollaig 2024, bhuail Cioclón Chido Mayotte, na hOileáin Chomóra, Madagascar, Oileán Mhuirís agus Mósaimbíc. Tháinig an cioclón le chéile ar an 7 Nollaig san Aigéan Indiach. Naoi lá níos déanaí, ní raibh ach stoirm thrópaiceach ann.
Cioclón "Catagóir 4" a bhí ann, agus fíor-dhíobhálach i Mayotte agus Mósaimbíc. Fuair os cionn 120 bás sa Mósaimbíc ar an 15/16 Nollaig agus na scórtha eile bás i Mayotte.[1]
Áirítear go raibh luas 226 ciliméadar san uair[2] faoin gcioclón Chido i Mayotte ar an 14 Nollaig.[3] Rinne sé damáiste mhór don aerfort ansin chomh maith le córais leictreachais, uisce agus cumarsáide na n-oileán.[4] Níor fágadh aon chrann ina sheasamh ar an oileán. Buaileadh an Centre Hospitalier de Mayotte go dona.[5]
Ní raibh na críocha nó na tíortha eile buailte ró-dhona. Ach maraíodh na sluaite i Mayotte, cúpla céad nó cúpla míle duine b'fhéidir, níl a fhios againn. Tír Moslamach, bhí na coirp sínte faoin bhfód go díreach. Ina theannta sin, tá na dálaí maireachtála go hainnis ar fad i Mayotte. Tá bailte seantán go leor ar an oileán, agus daoine ann gan dídean fiú. Bíonn a lán coireachta ar bun sna slumaí. Mar sin tá Mayotte ar cheann de na críocha san Afraic atá i gcontúirt mar gheall ar an athrú aeráide.[6][7]
Deirtear go raibh 'Chido' ar an stoirm is láidre le Mayotte a bhualadh le beagnach 100 bliain.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ AFP-Agence France Presse. "Cyclone Chido Death Toll Rises To 120 In Mozambique" (en-US). www.barrons.com. Dáta rochtana: 2024-12-25.
- ↑ gaoth ar feadh noiméad amháin
- ↑ "Cyclone Chido inflicts 'catastrophic' damage on French island territory Mayotte" (en). France 24 (2024-12-14). Dáta rochtana: 2024-12-17.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-12-16). ""Na mílte marbh i Mayotte, meastar" (fuair na scórtha bás, níl na mílte)" (as ga-IE).
- ↑ "Cyclone Chido : Mayotte a besoin de matériel, de médicaments et de personnels pour faire face à la crise sanitaire" (fr-FR). Réunion la 1ère (2024-12-16). Dáta rochtana: 2024-12-17.
- ↑ euronews.com (16 Nollaig 2024). "Cyclone Chido : le bilan final pourrait atteindre "quelque milliers de morts"". fr.euronews.com. Dáta rochtana: 2024-12-17.
- ↑ Alexis Gail (2024-12-16). "Mayotte : le bilan humain est terrible, Macron fait une annonce importante" (fr). www.linternaute.com. Dáta rochtana: 2024-12-17.
![]() | Is síol faoin meitéareolaíocht nó imeacht aimsire é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |